Cumann Gaeltachta i mbun fiosraithe agus ainmneacha Gaeilge aistrithe go Béarla i dtuairisc nuachtáin

Bhuaigh Cumann Mícheál Breathnach as Gaillimh Craobh Shóisir Iomána Chonnacht an deireadh seachtaine seo caite ach tarraingíodh conspóid nuair a d’aistrigh The Sligo Champion ainmneacha na n-imreoirí go Béarla

Cumann Gaeltachta i mbun fiosraithe agus ainmneacha Gaeilge aistrithe go Béarla i dtuairisc nuachtáin

Tá cumann Gaeltachta i mbun fiosraithe maidir le tuairisc nuachtáin inar aistríodh ainmneacha Gaeilge go Béarla.

Bhuaigh Cumann Mícheál Breathnach as Conamara Craobh Shóisir Iomána Chonnacht an deireadh seachtaine seo caite tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar fhoireann Shligigh, Naomh Eoin.

Cé gur i nGaeilge amháin a bhí ainmneacha na n-imreoirí Gaeltachta ar an gclár oifigiúil, aistríodh iad uile go Béarla sa tuairisc a foilsíodh sa nuachtán áitiúil, The Sligo Champion, i rith na seachtaine.

Aistriúchán iomlán a bhí i gceist agus ainm imreora amháin, Ruaidhrí Óg Ó Béarra aistrithe go dtí R Berry Jnr. Tugadh S Finnerty ar Seán Ó Feinneadha chomh maith.

Dúirt Cathaoirleach an chumainn, Muiris Mac Gearailt, go bhfuil sé “deacair le creidiúint” go dtarlódh a leithéid sa lá atá inniu ann.

“Sheol Cumann Mícheál Breathnach liosta foirne isteach ag Comhairle Chonnacht Chumann Lúthchleas Gael roimh an gcluiche ceannais,” a dúirt an Gearaltach i ráiteas a thug sé do Raidió na Gaeltachta. “Is i nGaeilge amháin a seoladh na hainmneacha sin agus i nGaeilge amháin a bhí siad i gcló ar an gclár oifigiúil agus is i nGaeilge amháin atá ár n-ainmneacha.”

“Tuigeann muid an riachtanas agus an ról tábhachtach atá ag na meáin ach tá sé deacair le creidiúint sa lá atá inniu ann go mbeadh an t-aineolas agus an mhíthuiscint sin ar iriseoirí agus go n-aistreodh siad agus go bhfoilseodh siad ainmneacha imreoirí ó chumann Gaeltachta go Béarla.”

Dúirt Mac Gearailt go bhfuil an cumann anois i mbun fiosraithe agus go mbeidh siad i dteagmháil le The Sligo Champion agus iad ag iarraidh soiléiriú a fháil ar an scéal seo.

Fág freagra ar 'Cumann Gaeltachta i mbun fiosraithe agus ainmneacha Gaeilge aistrithe go Béarla i dtuairisc nuachtáin'

  • Ciarán Ó Fátharta

    Sin masla ceart do ainmneach na leads óga sin agus dhá mhuintir, Dia anocht dhá réiteach cén sort tír atá againn ar chor ar bith. Dhá mbeadh lead óg as Bosnia ag imirt do Mhicheál Breathnach (agus tá cuid mhaith leads óga agus cailíní óga gur as oirthear na hEorpa a muintir ag imirt do chumainn iománaíochta agus peile anois) an measán aon duine go gcuirfidh Béarla ar a ainm?

  • Seán Ó Riain

    Dearg-mhasla ó sheoiníní gan aon mheas acu ar a dtír ná ar a dteanga!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Masla cinnte ainm duine ar bith a aistriú ar an gcaoi sin agus easpa mór tuisceana, níos mó ná aon cheo eile. ACH nach mbíonn lucht na Gaeilge ag aistriú ainmneacha daoine ó Bhéarla go Gaeilge go síoraí? An masla céanna atá ann, im thuairimse.

  • Con Ó Murchú

    Sligo Champion is an English language newspaper. Cén iontas. Get over it.

  • Con Ó Murchú

    Tharla an rud ceanna le foireann as Gaelscoil í gCiarraí cupla blian ó shin. Sean sceal é.