Cuma na maitheasa ar phlean Chiarraí, ní hé an dá mhar a chéile ag ógánaigh Átha Cliath agus na Gaillimhe

Caitheann Tuairisc súil siar ar na scéalta is mó ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Cuma na maitheasa ar phlean Chiarraí, ní hé an dá mhar a chéile ag ógánaigh Átha Cliath agus na Gaillimhe

Lee Gannon le David Clifford. Pictiúr: INPHO/Ben Brady

Malairt ratha ar ógánaigh Átha Cliath agus na Gaillimhe

I mí na Nollag 2020, bhí bua aon phointe amháin ag peileadóirí faoi 20 na Gaillimhe ar Áth Cliath chun Craobh na hÉireann a bhuachan. Anois, bliain agus cúpla mí ina dhiaidh sin, tá na himreoirí sin ag teacht isteach ag leibhéal na sinsear. Ní hé an dá mhar a chéile é ag an dá ghrúpa, áfach.

Bhain Lee Gannon, Lorcan O’Dell agus Ciarán Archer Átha Cliath áit amach ar fhoireann na bliana tar éis an chraobh faoi 20 sin agus d’imir an triúr d’fhoireann na hardchathrach in aghaidh Chiarraí Dé Sathairn ach ní cuimhní geala a bheidh acu ar a dturas go Trá Lí. Ghéill Gannon cic éirice, rinne O’Dell praiseach do sheans iontach ar chúl agus is beag tionchar ar an gcluiche ar chor ar bith a bhí ag Archer, a bhain clú agus cáil amach faoi aois, nuair a tugadh isteach é.

Ní fhéadfá mórán den locht a chur ar na himreoirí óga. Seachas a bheith ag teacht isteach ar fhoireann atá i mbarr a réime, mar a rinne leithéidí Brian Fenton, Con O’Callaghan agus Brian Howard, tá Gannon, O’Dell agus Archer á gcaitheamh isteach ar fhoireann atá tite ar gcúl go mór le blianta beaga anuas agus an bainisteoir féin ag streachailt agus é ag iarraidh rudaí a chur ina gceart.

Scéal eile ar fad é ag imreoirí óga na Gaillimhe. Thosaigh cúigear ó fhoireann bhuacach 2020 – Conor Flaherty, Jonathan McGrath, Paul Kelly, Matthew Tierney agus Tomo Culhane – ar fhoireann na sinsear in aghaidh an Dúin Dé Sathairn agus tháinig triúr eile isteach mar ionadaithe – Patrick Kelly, Tony Gill agus Cathal Sweeney.

Tá cuid acusan beagnach cinnte d’áit ar fhoireann na craoibhe cheana féin agus rudaí ag dul ó neart go neart d’fhoireann Phádraic Joyce.

Ní hé go bhfuil ógánaigh na Gaillimhe níos fearr ná ógánaigh Átha Cliath ach tá sé i bhfad níos éasca acu dul chun cinn a dhéanamh. Tá deis tugtha ag Joyce d’an-chuid peileadóirí óga agus go leor taithí acu a bheith ag imirt le chéile agus, níos tábhachtaí fós, is i Roinn 2 atá Gaillimh ag imirt. Ní hionann mar chéilí comhraic an Dún agus Ciarraí.

Fágann sin uile go bhfuil sé níos éasca ag fir óga na Gaillimhe dul i bhfeidhm ar an mbainistíocht. Beidh feachtas maith sraithe curtha díobh acu sara fada agus meastar go mbeidh siad réidh faoin am a dtiocfaidh an chraobh. Beidh sé i bhfad níos deacra ag Gannon, O’Dell agus Archer an mhuinín sin a thuilleamh, in ainneoin a gcumais.

 

Paul Geaney le Sean Macmahon. Pictiúr: INPHO/Evan Treacy

Cuma na maitheasa ar phlean O’Connor do Chiarraí

Tar éis do Chiarraí críochnú ar comhscór le Cill Dara an tseachtain seo caite, thagair Jack O’Connor do na himreoirí lár páirce uile a bhí in easnamh air agus gan fágtha aige don chluiche sin ach Adrian Spillane agus Seán O’Shea, a aistríodh siar ó na tosaithe.

Bhí Jack Barry agus Diarmuid O’Connor ar ais d’fhoireann na Ríochta don chluiche in aghaidh Átha Cliath Dé Sathairn agus cuireadh an bheirt isteach lár páirce. Cuireadh Seán O’Shea ar ais ar an líne daichead slat freisin, rud nár chuir iontas ar dhuine ar bith. Athrú b’fhéidir a tháinig aniar aduaidh ar roinnt daoine ná an cinneadh Spillane a fhágáil ar an bhfoireann agus é a bhogadh go dtí an cliathán.

Tá a lán tosaithe den scoth ag Ciarraí agus bíonn an-chuid cainte faoin mbealach is fearr chun na peileadóirí is sciliúla uile a chur chun páirce. Is léir nach bhfuil O’Connor ag iarraidh sin a dhéanamh, áfach.

Tar éis do Thír Eoghain an ceann is fearr a fháil ar Chiarraí i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh, dúirt O’Connor ar phodchraoladh de chuid an Irish Examiner nár thuig sé cinneadh Chiarraí Paul Geaney a imirt sa líne leatosach. Mheas O’Connor gur theastaigh imreoirí a bhí lán d’fhuinneamh sa trian láir den pháirc agus comparáid á déanamh aige le leithéidí Conor Meyler, Peter Harte agus Kieran McGeary Thír Eoghain. Gan dabht, bhí O’Connor ag cuimhneamh chomh maith ar a chinneadh féin, le linn a chéad thréimhse i bhfeighil na Ríochta, áit bhuan a thabhairt i measc na dtosaithe do Paul Galvin.

Thosaigh Geaney an cluiche in aghaidh Átha Cliath ag an deireadh seachtaine ach níos gaire don chúl a bhí sé agus bhí tionchar Adrian Spillane timpeall lár na páirce soiléir. Ghlac Ciarraí ceannas ar an gcoimhlint sa cheathrú uaire roimh leath ama agus bhí baint mhór ag an obair shalach a rinne Spillane leis sin. Bhuaigh Ciarraí an-chuid de chiceanna amach Átha Cliath agus bhí imreoirí sa bhreis acu sa trian láir sin go minic.

D’éirigh go hiontach le seift O’Connor agus gach seans ann go mbeidh capall oibre nó dhó I measc na dtosaithe aige i gcaitheamh na bliana.

Deis ag CLG deireadh a chur le go leor seafóide

Bhí conspóid sa chluiche idir Tír Eoghain agus Ard Mhacha inné nuair a cuireadh cúigear imreoirí den pháirc gar do dheireadh an chluiche. Bhí sé ina chlampar idir slua mór imreoirí ón dá thaobh agus roghnaigh an réiteoir David Gough Pádraig Hampsey, Peter Harte, Kieran McGeary agus Michael McKernan ó Thír Eoghain, chomh maith le Greg McCabe Ard Mhacha, chun cárta dearg a thabhairt dóibh.

Ní raibh an chuma ar chúrsaí gur tarraingíodh aon dorn le linn an achrainn ach, de réir na rialacha, bhí sé de cheart ag Gough na himreoirí a chur den pháirc mar gur ghlac siad páirt sa chlampar.

Bhí cuid mhaith daoine sna meáin agus ar líne a d’aontaigh le cur chuige an réiteora agus iad bréan den tseafóid a fheictear go minic ar pháirc na himeartha. Ní raibh bainisteoirí na bhfoirne sásta, áfach, agus tá sé ráite ag Feargal Logan agus ag Kieran McGeeney go bhfuil sé i gceist acu achomhairc a lorg.

Má tá Cumann Lúthchleas Gael dáiríre maidir le fáil réidh leis an gcineál iompair a chonacthas Dé Domhnaigh, seasfar le Gough. Tá neart taithí ag Feargal Logan, dlíodóir, a bheith ag scrúdú rialacha CLG, áfach, agus feicfimid linn an mbeidh tionchar ar bith ag eachtra an Domhnaigh ar thada.

Is faoi O’Donoghue atá sé Maigh Eo a thabhairt chun cinn

Cluiche eile agus sárthaispeántas eile ó Ryan O’Donoghue. Scóráil an tosach 1-6 sa bhua a bhí ag Maigh Eo in aghaidh Mhuineacháin. Cúl den chéad scoth a bhí ann.

Idir na gaiscí atá déanta aige do Mhaigh Eo agus do Bhéal an Mhuirthead le bliain anuas, níl mórán imreoirí sa tír atá ag imirt níos fearr ná O’Donoghue i láthair na huaire ach beidh air coinneáil air ag déanamh gaiscí má tá seans ar bith ag Maigh Eo Craobh na hÉireann a bhuachan i mbliana.

Tháinig an drochscéala i rith na seachtaine gur bhain drochghortú glúine do Tommy Conroy agus gach cuma ar an scéal nach bhfeicfear é i ngeansaí Mhaigh Eo arís i mbliana.

Thug taispeántais Conroy agus O’Donoghue an-spreagadh do Mhaigh Eo anuraidh nuair a chuaigh siad chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann agus ó tá Cillian O’Connor le filleadh ar an bhfoireann freisin i mbliana, bhí súil ann go mbeadh Maigh Eo in ann dul céim níos faide. Scóráil Jason Doherty, fear eile a bhí tamall fada gortaithe, cúl eile do Mhaigh Eo inné i gCluain Eois ach ó tharla Conroy a bheith anois ar lár, caithfidh O’Donoghue a bheith níos fearr fós má tá Maigh Eo chun dul céim níos faide.

Fág freagra ar 'Cuma na maitheasa ar phlean Chiarraí, ní hé an dá mhar a chéile ag ógánaigh Átha Cliath agus na Gaillimhe'

  • colm

    foireann na hardchathrach????