CULTÚR: ‘Dorn san Aer’ do Rónán, an fhéile bheag is blasta in Éirinn’ agus leagan nua de ‘Bean an Fhir Ruaidh’

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

CULTÚR: ‘Dorn san Aer’ do Rónán, an fhéile bheag is blasta in Éirinn’ agus leagan nua de ‘Bean an Fhir Ruaidh’

FÉILTE

‘Dorn san Aer’ in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí

Beidh an fhéile nua, ‘Dorn san Aer’, ar bun an deireadh seachtaine seo i nGaoth Dobhair. Bunaíodh an fhéile in ómós don sárchraoltóir aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí a bhásaigh anuraidh. Agus an fhéile á fógairt, dúirt lucht a heagraithe gur mian leo ‘an splanc a las Rónán a choinneáil beo’. Beidh ceiliúradh á dhéanamh an deireadh seachtaine seo ar shaol agus ar shaothar an chraoltóra a raibh cion agus meas ag éisteoirí ar fud na cruinne air.

Beidh cairde agus muintir Rónáin Mhic Aodha Bhuí, i dteannta ceoltóirí a spreag sé agus ar chuidigh sé leo i rith na mbliantal. Cuirfear tús leis na himeachtaí in Amharclann Ghaoth Dobhair tráthnóna Dé hAoine tráth a mbeidh ceolchoirm le Bernadette McAliskey, Huartan, Kíla4, Emma Ní Fhíoruisce, Eve Belle ag DJ-áil le Seán Ó Cuireáin.

Leanfar leis an gceiliúradh ar an Satharn in Ionad Cois Locha, Dún Lúiche agus ceol le IMLÉ, Grooveline, Diane Ní Chanainn agus na Clubmen chomh maith le lear mór ceoltóirí eile. Cuirfear Cath na mBannaí ar bun ar an Satharn freisin agus duaiseanna le buachan ag ceoltóirí nua. Beidh imeachtaí teaghlaigh mar chuid den fhéile chomh maith le margadh earraí, siúlóid ealaíne, ceardlanna agus neart imeachtaí eile.  Beidh neart ceoil ar an Domhnach freisin le ceoltóirí ar nós John Spillane, Na Fíréin agus Róisín Chambers.

Tá gach eolas ar shuíomh Dorn san Aer.

‘An fhéile bheag is blasta in Éirinn’ in Inis Meáin

Fillfidh ‘an fhéile bheag is blasta in Éirinn’, Féile na bPuiteachaí, ar Halla Naomh Eoin in Inis Meáin an Satharn beag seo agus na sméara dubha á gceiliúradh ag muintir an oileáin.

“Puiteachaí” a thugtar ar sméara dubha in Inis Meáin agus bainfear gach uile thaitneamh as na torthaí céanna ar an oileán agus lá mór imeachtaí ar siúl ar an 28 Meán Fómhair.

Beidh ceardlanna á reáchtáil an lá sin idir ealaín le dúch puiteachaí, ceardlann cócaireachta do ghasúir ina dtaispeánfar cén chaoi le mionbhruar úll agus puiteachaí a dhéanamh agus ceardlann cróiseála faoi stiúir Chumann Cniotála Inis Meáin ina dtabharfar deis do na rannpháirtithe a bpuiteachaí beaga féin a chróiseáil.

Beidh iomaíocht ghéar i Halla Naomh Eoin mar a thabharfaidh muintir na féile faoi na comórtais éagsúla. Cuid lárnach den fhéile gach bliain an comórtas filíochta agus ‘Puiteachaí agus Fataí’ téama an chomórtais i mbliana. Bíonn tarraingt mhór freisin ar an gcomórtas bácála agus bácálaithe ag dul in iomaíocht lena chéile chun an mhilseog is blasta a chruthú le sméara dubha.

Tá lár na féile le fáil ar leathanach Instagram Chomhlacht Forbartha Inis Meáin.

SCÉALAÍOCHT

Niall de Búrca, scéalaí traidisiúnta, i Leabharlann Dhún Garbhán

Beidh ócáid scéalaíochta leis an scéalaí traidisiúnta Niall de Búrca i Leabharlann Dhún Garbhán ar an Déardaoin, 5 Deireadh Fómhair ag a 7pm. Tá an ócáid á heagrú mar chuid de chlár Scríbhneoirí Leabharlanna Phort Láirge i gcomhar le Dún Garbhán le Gaeilge.

An té a bhíonn siúlach, bíonn sé scéalach, a deir an seanfhocal agus tá an domhan siúlta ag Niall agus scéalta traidisiúnta na hÉireann inste aige i dtíortha éagsúla- An Nigéir, an Asarbaiseáin agus an Liotuáin, ar chuid de na háiteanna sin.

Chomh maith leis an scéalaíocht déanann Niall guthú ar eagráin dhigiteacha ghiorraithe de go leor scéalta clasaiceacha lena n-áirítear Narnia le CS Lewis agus Danny The Champion of the World le Roald Dahl.  Chonacthas an Búrcach in Ionad Hans Christian Andersen in Odense na Danmhairge agus in Helsgor, áit inar  lonnaigh Shakespeare Hamlet chomh maith leis an stáitse i bParlaimint na hEorpa.

Cuirfidh sé seó dátheangach i láthair i Leabharlann Dhún Garbhán agus an bhéim aige ar an nGaeilge. Glaoigh ar 058 21141 chun spás a chur in áirithe roimh ré. 

LÉACHT

Léacht bhliantúil in ómós do Tony Birtill i Learpholl 

Beidh an léacht bhliantúil in ómós d’Antón Birtill á cur ar bun in Ionad na nÉireannach i Learpholl ar an Mháirt, 22 Deireadh Fómhair ag 6 i.n. Is iad Conradh na Gaeilge Learpholl (https://www.cnaglearpholl.org/)  atá á reáchtáil i gcomhar le Féile Éireannach Learphoill don tríú bliain as a chéile. Is é Gwyn Siôn Ifan a thabharfaidh léacht na bliana seo ar an ábhar ‘Frongoch University of Revolution’.

Ar an 21 Deireadh Fómhair 2021 d’imigh Tony (Antón) Birtill ar shlí na fírinne. Duine é a bhí gníomhach i gcaomhnú, i gcur chun cinn agus i múineadh na Gaeilge i gceantar Learphoill ar feadh níos mó ná 30 bliain. Gaeilgeoir agus siúlaí díograiseach a bhí ann chomh maith le bheith ina staraí agus ina ghníomhaí teanga. Tá cáil ar a leabhar Liverpool – A Hidden History ina dtugtar léargas grinn ar shaol na n-imirceach Éireannach a raibh cónaí orthu i Learpholl sna blianta i ndiaidh an Ghorta Mhóir.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh idirlín Ionad na nÉireannach i Learpholl.

CEOL

‘Bean an Fhir Ruaidh’, singil nua le Diane Cannon

Tá leagan den amhrán ‘Bean an Fhir Ruaidh’ eisithe mar shingil digiteach ag an amhránaí Diane Ní Chanainn (Diane Cannon) as Gaoth Dobhair. Is é seo an chéad traic atá á eisiúint aici óna halbam nua a bheidh á chur amach níos deireanaí i mbliana. Leagan áitiúil den amhrán traidisiúnta atá ann a d’fhoghlaim Diane ón amhránaí sean-nóis Brian Danny Minnie Ó Domhnaill. Tháinig an t-amhrán féin anuas ón gceoltóir Róise Rua as Árainn Mhór, a fuair óna máthair é.

Bhí cáil ar Róise Rua as na hamhráin thraidisiúnta a bhí aici agus bhailigh na bailitheoirí béaloidis Pádraig Ó Cnámhsaigh agus Proinsias Ó Conláin go leor amhrán uaithi. Bhí Pádraig ag obair mar mhúinteoir in Árainn Mhór ag an am agus thug sé cuireadh do Phroinsias a theacht go dtí an t-oileán chun ábhar béaloidis a bhailiú in éineacht leis. Blianta ina dhiaidh sin tharraing Pádraig ar an ábhar sin dá leabhar Róise Rua. Chuir Cathal Goan albam le chéile ina dhiaidh sin a eisíodh ar dhlúthdhiosca ar a raibh rogha amhrán. Bhí an-tionchar ag an albam sin ar cheoltóirí áitiúla.

Thaitin an leagan seo den amhrán le Diane agus shocraigh sí cóiriú a dhéanamh air don albam nua atá idir lámha aici. Is é Donal O’Connor a léirigh agus a rinne an taifeadadh ar an traic agus tá sé féin agus an ceoltóir Steve Cooney le cloisteáil air in éineacht le Diane.

Is féidir éisteacht le ‘Bean an Fhir Ruaidh’ ar Bandcamp agus ar sheirbhísí sruthaithe fuaime eile. 

PLÉ

‘Gaeil agus Géibheann’ le plé ag Féile Staire Bhaile Átha Cliath

Beidh an scríbhneoir Eoghan Mac Cormaic ag caint faoina leabhar nua Gaeil agus Géibheann: Cimí Poblachtánacha agus an Ghaeilge ag ócáid ag Féile Staire Bhaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo. Bhain Eoghan Mac Cormaic leas as réimse leathan foinsí don leabhar: dialanna, foilseacháin agus cuimhní na gcimí féin, ó aimsir na bhFíníní go deireadh an fichiú céad.

Is as Doire d’Eoghan Mac Cormaic, agus tá cónaí air i nGaillimh le fada, áit ar thóg sé clann le Gaeilge. Chaith sé cúig bliana déag mar chime poblachtánach i bpríosún na Ceise Fada.

Ag an ócáid chéanna déanfaidh Micheál Mac Donncha cur síos ar an scríbhneoir, craoltóir agus Poblachtánach Éamonn Mac Thomais (1927–2002). Bhain sé cáil amach sna 1970idí lena chláracha faoi Bhaile Átha Cliath ar RTÉ ach tá i bhfad níos mó le foghlaim faoina shaol. Is Comhairleoir Cathrach é Mícheál Mac Donncha, a bhí ina Ardmhéara ar Bhaile Átha Cliath 2017/2018, agus scríbhneoir staire.

Cuirfear an t-imeacht ar bun ar an Domhnach 29 Meán Fómhair ag 2:00 i.n  sa Poddle Room [Seomra an Phoitéil] i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Níl aon táille ar an ócáid ach is gá ticéad a chur in áirithe roimh ré.

SEÓ GRINN

Seó grinn ag Bláithín de Búrca i Whelans

Beidh an fuirseoir aitheanta Bláithín de Búrca ar stáitse in Whelan’s i mBaile Átha Cliath ar an Satharn 29 Meán Fómhair agus a céad seó grinn aonair aici Sauvignon Bláithín.

Geallann de Búrca turas fiáin don lucht éisteachta agus greann atá ‘anordúil-ach-réchúiseach’.  Beidh an fuirseoir Becky Cheatle ar stáitse freisin.

Is ball gníomhach den Hysteria Comedy Co-Operative í Bláithín de Búrca agus bhí sí le feiceáil le déanaí mar láithreoir ar an chlár faisnéise The Irish For Sex ar RTÉ.

Tá ticéid don seó Sauvignon Bláithín ar fáil anseo. 

Fiontraíocht trí Ghaeilge á plé ag Scoil an Phiarsaigh

Beidh a bhfuil i ndán do chruthú na fiontraíochta trí Ghaeilge á phlé ag Scoil an Phiarsaigh i Ros Muc ar an 26-27 Meán Fómhair. Is é Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, an Comhairleoir Albert Dolan, a osclóidh an scoil inniu Déardaoin in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Ros Muc.

Imeacht saor in aisce í an scoil seo atá oscailte don phobal agus atá á reáchtáil go hiomlán trí Ghaeilge.  Mar chuid den chlár dhá lá pléifear cruthú fiontraíochta, stair áitiúil, logainmneacha agus béaloideas. Cuirfear ceol traidisiúnta ar fáil le ceoltóirí áitiúla agus cuirfear ceardlann aireachais ar bun freisin.

Ar an Déardaoin, beidh ceoltóirí óga Chomhaltas Ceoltóirí Charna ag casadh ceoil agus beidh Ceoltóirí Óga Chois Fharraige le cloisteáil freisin.  Ar an Aoine cloisfear ó eagraíochtaí tacaíochta agus fiontraithe áitiúla agus iad ag caint faoi chúrsaí fiontraíochta i gceantair Ghaeltachta.

Is í Gormfhlaith Ní Thuairisg ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh sa gcathaoir agus tá fáilte á cur roimh cheisteanna roimh ré ach iad a sheoladh chuig gaeilge@cocogaillimh.ie.

Beidh ceardlann suaimhneas intinne á chur ar bun ag Marian Ní Chonghaile ar an Aoine chomh maith. Fiontraí áitiúil í Ní Chonghaile a chuireann ceardlanna aireachais agus leigheas fuinnimh ar fáil.

Tuilleadh eolais le fáil ó oifig na Gaeilge Chomhairle Contae na Gaillimhe gaeilge@cocogaillimh.ie nó glaoigh ar 091 509030.

Is féidir clárú do Scoil an Phiarsaigh anseo.

Fág freagra ar 'CULTÚR: ‘Dorn san Aer’ do Rónán, an fhéile bheag is blasta in Éirinn’ agus leagan nua de ‘Bean an Fhir Ruaidh’'