FÉILTE
An Fhéile Idirnáisiúnta Phan Cheilteach ag filleadh ar Cheatharlach
Beidh an Fhéile Idirnáisiúnta Phan Cheilteach ag filleadh ar bhaile Cheatharlach i mbliana agus an fhéile ar bun ó 22 go 26 Aibreán. Déanfar ceiliúradh ar chultúir, ar thraidisiúin agus ar na teangacha ceilteacha as Alba, Breizh, Cymru, Éire, Kernow agus Mannin. Tá an fhéile á heagrú i gcomhar le Comhairle Contae Cheatharlach le tacaíocht maoinithe eile ó Fhoras na Gaeilge agus Oireachtas na Gaeilge. Cuirfear clár mór imeachtaí ar fáil – seisiúin cheoil, amhránaíocht, ealaín agus damhsa chomh maith le himeachtaí eile. Beidh an Comórtas Amhrán Idirnáisiúnta ar bun ar an Déardaoin 24 Aibreán.
Tuilleadh eolais agus clár na féile le fáil anseo.
Baile Bhuirne – Cruinniú na bhFliúit
Beidh Cruinniú na bhFliúit ar bun i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí ón 23-26 Aibreán. Bunaíodh an fhéile sa mbliain 2006 agus bíonn sí ar bun i rith sheachtain na Cásca gach bliain ó 2010. Féile í a dhíríonn go hiomlán ar an bhfliúit agus a háit i gceol na hÉireann. Le blianta beaga anuas, tá ardán tugtha freisin do náisiúin Cheilteacha eile agus don cheol Baroque ar an bhfliúit. Bíonn ranganna, léachtaí, díospóireacht agus ceolchoirmeacha mar chuid de chlár na féile.
Tá tuilleadh eolais agus clár na bliana seo le fáil anseo.
IDIRNÁISIÚNTA
Deireadh seachtaine Gaeilge agus Cultúir in Iowa
Beidh an deireadh seachtaine Gaeilge bliantúil á reáchtáil ag Iowa Irish Language and Culture (IILC) ó 20-22 Meitheamh 2025. Grúpa eagraíochtaí deonacha atá i gceist le IILC agus iad tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge in Coe College, Cedar Rapids, Iowa, sna Stáit Aontaithe. Cuirfear ranganna Gaeilge ar fáil do gach leibhéal ón mbunleibhéal go dtí an t-ardleibhéal agus na rannpháirtithe á dtumadh sa teanga ar feadh an deireadh seachtaine.
Beidh ceol, cluichí agus gníomhaíochtaí eile ar fáil trí Ghaeilge ar feadh an deireadh seachtaine. Seo í an seachtú bliain a bhfuil an t-imeacht seo á reáchtáil agus tá suim léirithe ag iardhaltaí inti cheana féin. Tá tuilleadh eolais le fáil ar leathanach ócáide atá socraithe suas acu ar Facebook.
TEILIFÍS
‘Bealtaine’ – an tríú clár sa tsraith Na Féilte Tine ar RTÉ
Craolfar an tríú clár, Bealtaine, sa tsraith ceithre chuid de chuid RTÉ, Na Féilte Tine (The Fire Festivals), Dé Luain an 5 Bealtaine ag 6.30pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player. Tugann Na Féilte Tine (The Fire Festivals), léiriúchán de chuid ROSG, léargas ar cheithre fhéile dhúchasacha na hÉireann – Samhain, Imbolg, Bealtaine agus Lúnasa. Is fáilte roimh an séasúr nua a bhíonn i ngach féile díobh.
Tá Féilte Tine á gceiliúradh leis na mílte bliain in Éirinn, agus scrúdaíonn an tsraith seo a stair agus an chaoi ina bhfuil siad fós ag freagairt do riachtanais spioradálta pobail na hÉireann san 21ú haois.
Déanann sí iniúchadh freisin ar an siombalachas agus an mhiotaseolaíocht a bhaineann le gach féile, agus ar an tionchar atá ag na traidisiúin ársa seo ar chultúr agus ar fhéiniúlacht na hÉireann. Sa tríú clár, scrúdaítear féile na Bealtaine agus téama an Dúlra.
Leanann na ceithre chlár cruth ciorclach roth na bliana: Samhain – tús an Gheimhridh agus na bliana nua; Imbolg – fáiltiú don Earrach; Bealtaine – ceiliúradh ar thús an tSamhraidh; agus Lúnasa – teacht an Fhómhair agus an fhómhar le baint. Tá na cláir a craoladh cheana féin ar fáil ar sheinnteoir RTÉ.
Tá an clár Imbolg anseo.
LEABHAIR
Scríbhinní Desmond Fennell le foilsiú ag Boluisce Press
Beidh cnuasach scríbhinní Desmond Fennell á fhoilsiú ag Boluisce Press, inphrionta nua de chuid Journal of Music. Foilseofar The Radical Thinking of Desmond Fennell i mí an Mheithimh. Tá an leabhar in eagar ag Toner Quinn, eagarthóir Journal of Music, agus Jerry White, Ollamh le Bésrla in Ollscoil Saskatchewan.
Bhí Desmond Fennell, a bhásaigh sa mbliain 2021, ar dhuine de smaointeoirí neamhspleácha móra na hÉireann. Scríbhneoir, scríbhneoir aistí, agus cainteoir poiblí ar chúrsaí intleachtúla, ab ea Fennell a thug léargas úr chuig díospóireachtaí ar an fhéiniúlacht Éireannach, cúrsaí teanga, na meáin, an pholaitíocht agus an domhan mór.
D’fhoilsigh Fennell 19 leabhar agus 13 paimfléad i rith a shaoil agus thug sé aghaidh ar mhórceisteanna a bhain le sochaí na hÉireann. Tugann an cnuasach seo faoi chlúdach crua go leor de na scríbhinní sin le chéile in aon áit amháin.
Seolfar an leabhar ag an Desmond Fennell Summer Seminar in Óstán Sandymount i mBaile Átha Cliath ar an Aoine, 6 Meitheamh. Tá sé ar fáil le réamhordú anseo.
Fág freagra ar 'CULTÚR: An Fhéile Idirnáisiúnta Phan Cheilteach, Cruinniú na bhFliúit i mBaile Bhuirne, Gaeilge in Iowa'