Did you forget to include text?
SCANNÁN[/banner
Léargas ar shaol mic léinn sa ngearrscannán nua Na Doirse
Beidh an chéad taispeáint phoiblí den ghearrscannán Gaeilge, Na Doirse, ar siúl i nGaelscoil Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach i nGaillimh ar an Mháirt 13 Bealtaine ag 7:30 i.n. Ficseanú é an gearrscannán seo, atá suite i gcathair na Gaillimhe, ar scéal a phléann cúrsaí rochtana sa gcathair. Tugann an gearrscannán léargas ar shaol mic léinn atá faoi mhíchumas agus ar na dúshláin laethúla a bhaineann le rud chomh simplí le doirse.
Is í Mary Tynan, bean a bhfuil tinneas néareolaíoch ainsealach uirthi, arb aisteoir le taithí go leor í agus atá ina láithreoir ar Flirt FM (Deich), a stiúir an gearrscannán le cúnamh ón scannánóir aitheanta Seán Breathnach, mar chuid dá máistreacht i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin in Ollscoil na Gaillimhe.
Beidh seisiún ceisteanna agus freagraí le Mary agus Seán i ndiaidh an scannáin. Is imeacht saor in aisce é seo atá oscailte don phobail uilig agus atá eagraithe i gcomhpháirtíocht le Gaeilge ABC. Is í an Ghaeilge teanga an imeachta. Tá fáilte roimh chách.
[bannerFÉILTE[/banner
Seó tallainne, ceol agus draíocht ag Lá Mór na Gaeilge
Beidh an ócáid Lá Mór na Gaeilge ar bun ar an Satharn an 11 Bealtaine i gCearnóg Mhargadh na Feirme i mBaile Átha Cliath ar feadh an lae. Ceiliúradh é ar gach gné den Ghaeilge agus tá clár mór imeachtaí leagtha amach don lá idir cheol, chainteanna, cheardlanna agus imeachtaí eile.
Tá ceithre spás ar leith á gcur ar bun mar chuid de na himeachtaí. Ar an Ardán Mór beidh ceolchoirmeacha agus seónna, ina measc Seó Tallainne na mBunscoileanna, an grúpa An Chéad Ghlúin Eile agus IMLÉ.
Cuirfear cainteanna agus ceardlanna ar bun sa bPuball Plé, agus beidh cluichí ar nós Biongó Lócó agus Geandáil Ghasta ar siúl i bPuball Ó Ghlúin go Glúin. Cuirfear imeachtaí teaghlaigh ar bun sa Spás Teaghlaigh, áit a mbeidh Sorcas le Ronaldo Fanzini, Draíocht le Quentin, Léamh beo le Sadhbh Rosenstock, agus imeachtaí eile.
Tá tuilleadh eolais agus nasc clárúcháin le fáil anseo.
[bannerTEILIFÍS[/banner
Glaoch ar ghrúpaí fócais ó Ros na Rún agus iad ag ceiliúradh 30 séasúr
Tá Ros na Rún ag réiteach leis an 30ú sraith den sobaldráma íocónach a chraoladh ar TG4 an fómhar seo agus ba mhaith leo labhairt lena lucht féachana. Thug léiritheoirí na sraithe cuireadh an tseachtain seo don lucht leanúna, is Cuma más Gaeilge nó Béarla a labhraíonn siad, clárú le haghaidh grúpaí fócais.
Ba mhaith leo tuairimí an lucht féachana a chloisteáil maidir leis na scéalta agus na carachtair sa sobalchlár. Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig focas@rosnarun.ie le páirt a ghlacadh sna grúpaí fócais agus tabharfar rogha idir seisiúin ar-líne nó ar an láthair.
Taifeadtar Ros na Rún sa Chuasnóg, sa Spidéal i gConamara agus is comhléiriúchán atá ann idir Danú Media agus Tyrone Products. Bíonn an clár á chraoladh ar an Mháirt agus Déardaoin ar TG4 ag 8:30 i.n. chomh maith le hollchlár a chraoltar ar an Domhnach ag 7:30 i.n. Tá sé ar fáil freisin ar sheinnteoir TG4 agus RTÉ.
[bannerTAIFEADTAÍ[/banner
Scéalta ó Pheig Sayers i measc 300 diosca nua ar Duchas.ie
Tá 300 diosca nua as an gCartlann Fuaime digitithe is innéacsaithe agus iad ar fáil ar dúchas.ie anois. Baineann an t-ábhar seo leis an tréimhse 1937-1955. Is iad Caoimhín Ó Danachair, Seán Ó Súilleabháin agus Séamus Mac Aonghusa a bhailigh formhór an ábhair seo. Tá breis is 600 mír, nó breis is 30 uair an chloig, d’ábhar fuaime sa bhaisc seo, an dara baisc de na dioscaí aicéatáite atá seolta ag Duchas.ie go dtí seo.
Tá scéalta, seanchas agus ceol ó fhir agus ó mhná ar ardchaighdeán fuaime le fáil sna taifeadtaí seo.
I measc an ábhair tá ceol ón fhidléara chlúitigh Mícheál Simí Ó Dochartaigh, scéalta ó Pheig Sayers agus ábhar ó chainteoirí dúchais Gàidhlig as Albain. Tá blaisíní ann de theangacha domhanda eile chomh maith. Tá béim mhór ar ábhar as contae Chiarraí, go háirithe ó Chorca Dhuibhne, sna taifeadtaí seo ach tá ábhar nua as contaetha eile ann freisin.
Is féidir teacht ar an ábhar uile anseo.
[bannerLEABHAIR[/banner
Spring Seaweed seolta i siopa leabhar Charlie Byrne’s
Seoladh leagan Béarla den leabhar Feamainn Bhealtaine le Máirtín Ó Direáin i Siopa Leabhar Charlie Byrne’s i nGaillimh an tseachtain seo. Foilsithe ag Mercier Press is é Spring Seaweed an chéad eagrán i mBéarla den saothar seo. Foilsíodh an bunleagan den saothar ar dtús sa mbliain 1961 agus is é Micheál Ó hAodha a rinne an leagan Béarla sa leabhar nua.
Luaitear Máirtín Ó Direáin go minic ar dhuine de cheannródaithe na filíochta Gaeilge comhaimseartha agus sa leabhar seo tá réimse scríbhinní agus é ag machnamh ar an saol ar an oileán, ar an nádúr, an litríocht agus an duine féin. Neacht le Ó Direáin, Máire Áine Ní Dhireáin, a labhair ag an seoladh.
Tá Spring Seaweed ar fáil ó Charlie Byrne’s agus siopaí leabhar eile.
[bannerAMHARCLANNAÍOCHT [/banner
Dathanna Geala Amháin sa Taibhdhearc
Beidh an dráma dúghrinn ‘Dathanna Geala Amháin’ ar stáitse sa Taibhdhearc an deireadh seachtaine seo. Is leagan Gaeilge le Séamas Mac Annaidh é an léiriú seo den bhundráma ‘Bright Colours Only’ a scríobh Pauline Goldsmith agus é á stiúradh ag Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne na Taibhdheirce.
Tá an dráma á léiriú mar chuid d’Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe agus beidh sé ag dul ar camchuairt ina dhiaidh sin go hAmharclann Ghaoth Dobhair, Ionad Ealaíon an Linenhall i gCaisleán an Bharraigh, an Axis i mBaile Munna agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.
Tá ruilleadh eolais anseo.
Fág freagra ar 'Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, grúpaí fócais Ros na Rún, Gearrscannán i nGaelscoil Mhic Amhlaigh'