Cúiteamh €7.5 milliún le híoc le Emma Mhic Mhathúna as Baile na nGall

Ghlac Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Quest Diagnostics lena bhfreagracht i gcás ailse Emma Mhic Mhathúna san Ard-Chúirt ar maidin

Cúiteamh €7.5 milliún le híoc le Emma Mhic Mhathúna as Baile na nGall

Thángthas ar réiteach €7.5 milliún san Ard-Chúirt inniu sa chás a thóg Emma Mhic Mhathúna in aghaidh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Quest Diagnostics, saotharlann tástála ailse sna Stáit Aontaithe.

Tá Emma Mhic Mhathúna, a bhfuil cónaí uirthi i mBaile na nGall i gCorca Dhuibhne, ar dhuine den 209 bean a bhfuil ailse cheirbheacs uirthi agus a fuair torthaí míchruinne ar thástálacha smearaidh.

Aimsíodh na hearráidí sna torthaí nuair a rinne CervicalCheck iniúchadh ar na tástálacha.

Sa bhliain 2016 a fuair Emma Mhic Mhathúna amach go raibh ailse uirthi sa cheirbheacs. Ach is i mbliana a fuair sí amach gur toradh míchruinn a tugadh di ar thástáil a rinneadh in 2013 agus go bhfuarthas sin amach san iniúchadh a rinne CervicalCheck ó shin.

An mhí seo caite, dúirt dlíodóirí Emma Mhic Mhathúna gur dúradh leo go ndearnadh iniúchadh ar na tástálacha a rinneadh idir 2011 agus 2013 ach gur léir anois go ndearnadh iniúchadh ar thástálacha 2010 chomh maith.

Dúirt dlíodóir Emma Mhic Mhathúna nach raibh siadsan ar an eolas faoi iniúchadh 2010 go dtí go bhfuair siad na taifid ó Quest Diagnostics ag deireadh na Bealtaine i mbliana.

Chuir Emma Mhic Mhathúna agus a cúigear clainne an dlí ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ar an tsaotharlann sna Stáit Aontaithe a d’úsáid CervicalCheck.

Bhí an cás le héisteacht inniu ach ar maidin dúirt an Breitheamh Kevin Cross go raibh an-dul chun cinn déanta idir na páirtithe agus go raibh súil acu go dtiocfaí ar réiteach go luath.

Roimh am lóin, nuair a tháinig an cás os comhair na cúirte arís, cuireadh in iúl don bhreitheamh go raibh an cás socraithe.

Dúirt an breitheamh go raibh áthas air gur tháinig siad ar shocrú agus ghlac sé leis an réiteach go n-íocfaí cúiteamh €7.5 milliún le Emma agus lena cúigear páistí.

Mar chuid den socrú, ghlac Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte leis go raibh dliteanas orthu toisc nár chuir siad torthaí an iniúchta ar fáil do Emma Mhic Mhathúna agus ghlac Quest Diagnostics freagracht as míléamh a dhéanamh ar na tástálacha ailse.

Fág freagra ar 'Cúiteamh €7.5 milliún le híoc le Emma Mhic Mhathúna as Baile na nGall'