‘Cúis mhór imní’ maíomh Cummings go raibh sé i gceist i gcónaí Prótacal an Tuaiscirt ‘a chaitheamh i dtraipisí’

Tá an tAontas Eorpach réidh le hathruithe suntasacha a fhógairt ar an mbealach a gcuirfear Prótacal Thuaisceart Éireann i bhfeidhm

‘Cúis mhór imní’ maíomh Cummings go raibh sé i gceist i gcónaí Prótacal an Tuaiscirt ‘a chaitheamh i dtraipisí’

Tá ráite ag an Tánaiste Leo Varadkar gur “cúis mhór imní” maíomh Dominic Cummings, iarchomhairleoir sinsearach de chuid Boris Johnson, go raibh sé i gceist i gcónaí ag Rialtas na Breataine Prótacal na Tuaiscirt “a chaitheamh i dtraipisí”.

Dúirt na Tánaiste Leo Varadkar gurb amhlaidh nach bhféadfaí muinín a chur i Rialtas na Breataine dá mb’amhladh gurbh fhíor a raibh le rá ag Cummings ar Twitter.

Mhaígh Cummings gur bealach le teacht slán as deacrachtaí polaitíochta agus “buille” a bhualadh ar Jeremy Corbyn a bhí sa mhargadh Breatimeachta.

Dúirt sé gur chóir go mbeadh cead ag an rialtas dul siar ar mhargadh “mar a dhéanann gach stát eile”.

Dá mb’fhíor do ráiteas Cummings, léiriú a bheadh gur le meon mímhacánta a rinne Rialtas na Breataine an margadh, a dúirt Leo Varadkar.

“Is an-údar imní na ráitis sin mar léiriú a bheadh ann gur de mheon mímhacánta a rinne an rialtas sin socrú,” a dúirt Varadkar.

“Ní mór an teachtaireacht sin a scaipeadh ar fud an domhain mar mura seasann Rialtas na Breataine lena chuid socruithe, mura gcloíonn sé le comhaontuithe a shíníonn sé, is amhlaidh a bheidh sé le gach dream eile chomh maith.

“Faoi láthair tá siad i mbun idirbheartaíochta ar fud an domhain chun conarthaí trádála nua a dhéanamh. Caithfear an scéala a scaipeadh ar fud an domhain nach seasann an rialtas Briotanach seo lena fhocal i gcónaí, nach i gcónaí a bhíonn sé dílis do chonarthaí a dhéanann sé.”

Tá an chonspóid seo ag tarlú tráth a bhfuil an tAontas Eorpach réidh le hathruithe suntasacha a fhógairt ar an mbealach a gcuirfear Prótacal Thuaisceart Éireann i bhfeidhm.  Deir lucht taidhleoireachta go mbeidh laghdú mór ar an líon seiceálacha agus rialachán a bheidh ar earraí trádála idir an Bhreatain agus Tuaisceart Éireann.

Is iad na moltaí seo freagra an Aontais ar mholtaí a rinne an Bhreatain mí Iúil nuair a chuireadar in iúl gur theastaigh ó Londain go leasófaí codanna den phrótacal a bhain le trádáil agus ról na Cúirte Breithiúnais Eorpaí.

Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Maroš Šefčovič a chuirfidh i láthair na moltaí nua a bhaineann le cógais leighis, gluaiseacht táirgí bia talmhaíochta, laghduithe ar rialacháin chustaim agus ról níos mó ag institiúidí agus gnóthaí Thuaisceart Éireann.

Fág freagra ar '‘Cúis mhór imní’ maíomh Cummings go raibh sé i gceist i gcónaí Prótacal an Tuaiscirt ‘a chaitheamh i dtraipisí’'

  • Traolach

    Níl faic athraithe le 500 blian. Go gcaille an tocras thall iad.