Cuirimis fáilte roimh dheireadh fheirmeacha na minceanna

I ndeireadh na seascaidí chuir an Roinn fógra amach ag tabhairt cuireadh go hÉirinn d’fheirmeoirí mince

Cuirimis fáilte roimh dheireadh fheirmeacha na minceanna

Feirm minceanna i Laois. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Is mór an tógáil croí do dhaoine a ngoilleann an ainíde a thugtar d’ainmhithe orthu go bhfuil deireadh le cur le tógáil minceanna sa tír seo

Shocraigh an rialtas an lá faoi dheireadh go gcaithfear na feirmeacha minceanna atá sa tír faoi láthair a dhúnadh agus nach gceadófar aon cheann eile feasta.

Trí cinn acu atá ann—ceann i dTír Chonaill, ceann i gCiarraí agus ceann i Laois.

Íocfar cúiteamh leis na húinéirí ar son éirí as an tionscal. Cuirfear san áireamh ansin an brabach a bhí siad a dhéanamh, íocaíochtaí iomarcaíochta a bheas le déanamh acu agus an méid a chosnóidh sé na cábáin agus na háiseanna eile atá ar na feirmeacha a leagan.

Áirítear gur fiú idir €1-2 milliún tionscal na minceanna sa tír.

Bíonn dhá dhuine dhéag fostaithe go lánaimseartha ar na feirmeacha agus fostaítear tuilleadh nuair is cruógaí a bhíonn siad.

Níl amhras ar bith nach saol dearóil a bhíonn ag na minceanna a choinnítear i ngéibheann.

I gcillíní beaga cúnga a bhíonn siad lá agus oíche, maraítear go gránna iad agus feanntar iad.

Ar na craicne atá an tóir le cótaí mince a dhéanamh astu.

Ba mhór i gceist le fada na cótaí mince seo. Le mná gustalacha, leitheadacha is mó a shamhlaítear iad de ghnáth ach tá cótaí mince do na fir ann freisin.

Deirtear liom go gcosnódh cóta mince le dearthóir cáiliúil feistis os cionn €8,000.

Is deacair a shamhlú go bhféadfadh bean ná fear a bheadh ag caitheamh cóta acu neamhaird a dhéanamh de na minceanna bochta ach is cosúil nach gcuireann sé buairt dá laghad orthu.

Go maithe Dia do Roinn na Gaeltachta é bhí siad freagrach as na feirmeacha fionnaidh a thosú in Éirinn an chéad lá riamh.

I ndeireadh na seascaidí chuir an Roinn fógra amach ag tabhairt cuireadh go hÉirinn d’fheirmeoirí mince. Dúradh leo nach mbeadh aon cháin le n-íoc acu ar bhrabach ar bith a dhéanfaidís go ceann chúig bhliana déag.

Sa mbliain 1968 tháinig Sune agus Karita Sjoholm as an bhFionlainn gur bhunaigh siad feirm sna Gleannta i dTír Chonaill.

Tá an fheirm sin ann i gcónaí. Fuair siad €133,460 de dheontais ó Údarás na Gaeltachta in imeacht na mblianta.

Feirm 30 acra í feirm seo na nGleanntach. Ta 30,000 minc coinnithe i gcásanna atá i mbotháin fhada chaola.

Idir €25-€80 an ceann is fiú gach minc acu ag brath ar an éileamh a bhíonn ar na craicne ag an am.

Thart ar 20 craiceann a theastódh le cóta simplí mince a dhéanamh.

Ar ndóigh nuair a dhúnfar na feirmeacha ní hé sin le rá nach mbeidh minceanna in Éirinn i gcónaí. D’éalaigh cuid mhaith acu amach sa bhfiántas agus d’fhuascail lucht cearta ainmhithe a lán eile in aon turas.

Ainmhithe iad a dhéanann scrios ar éanacha, ar uibheacha na n-éan, ar iasc agus ar choiníní.

Is minic leo a dhul isteach i gcró na gcearc agus cearca a mharú.

Tá siad níos aclaí ar an gceird sin ná an sionnach fiú amháin.

Cé nach bhfuil ach thart ar dhá phunt go leith meáchain iontu tá siad misniúil, oilbhéasach. Ní bheadh clóic ar bith orthu gadhar a ionsaí.

Ní bhacann siad leis an duine mura dtarlódh sé go mbeadh ceann acu sáinnithe aige.

Fág freagra ar 'Cuirimis fáilte roimh dheireadh fheirmeacha na minceanna'