‘Cuirfidh mé garraí beag fataí i mbliana, le cúnamh Dé’ – labhraíonn Joe Steve Ó Neachtain faoin ailse agus a leabhar nua le seoladh

Mar a Bhí ar dTús: Cuimhne Seanghasúir is teideal don saothar is déanaí ó pheann an mhórscríbhneora as Conamara Joe Steve Ó Neachtain, a labhair inniu faoin ‘oscailt súl’ a bhain leis an drochscéala go raibh ailse air

‘Cuirfidh mé garraí beag fataí i mbliana, le cúnamh Dé’ – labhraíonn Joe Steve Ó Neachtain faoin ailse agus a leabhar nua le seoladh

Agus leabhar nua leis á sheoladh an deireadh seachtaine seo, thrácht an scríbhneoir Joe Steve Ó Neachtain inniu ar an ‘oscailt súl’ a bhain leis an drochscéala go raibh ailse air.

Ag labhairt dó ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Ó Neachtain, ar dhuine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge é, go raibh “athrú mór mór millteach” tagtha ar a shaol le bliain anuas.

“Bhí mé níos fearr go minic ach níl cailleadh ar bith orm, tá mé os cionn na scraithe. Caithfidh mé a rá go bhfuil athrú mór mór millteach tagtha ar mo shaol.

“Tá mé ag coinneáil mo chúrsa. Thug an ailse cuairt orm mar a thugann sí ar go leor leor daoine, faraor daoine a bhí i bhfad i bhfad níos óige ná mise. Caithfidh mé a rá gur oscailt súl amach is amach a bhí ann, an méid a bhíodh istigh ag an ospidéal chuile mhaidin. Mo leithéid fhéin, seanleaids, bhíodh an-chraic againn, istigh le haghaidh radiation, ach ansin thiocfadh bean óg isteach agus bheifeá a’ rá leat féin, ‘meastú ar fhág sí gasúir ina diaidh sa mbaile?’ – agus na deora léi. Bheadh do chroí i do bhróga an chuid eile den lá.

“Theastódh ó chuile dhuine a dhul isteach sa gcaoi go n-osclódh sé a súile ceart, an méid atá buailte ag an ngalar bréan sin. Agus ansin tháinig na hobráidí ina dhiaidh agus dháiríre ní raibh mé in ann corraí leath na bliana. Tá mé alraight. Tá sé curtha fúm agam arís. Cuirfidh mé garraí beag fataí i mbliana le cúnamh Dé.”

Mar a Bhí ar dTús: Cuimhne Seanghasúir is teideal don saothar is déanaí ó pheann an scríbhneora ghradamúil as an gCré Dhubh sa Spidéal i gConamara a bhfuil idir ghearrscéalta, fhilíocht, sceitseanna, amhráin agus agallaimh bheirte scríofa aige.

Deir Ó Neachtain i réamhrá an leabhair gur d’fhonn cur síos ar an bpobal as ar fáisceadh é seachas cuntas ar a shaol féin a bhreacadh a chrom sé ar an leabhar a scríobh.

“Oiread is fad méire de mo bheathaisnéis fhéin ní raibh i gceist agam a lua sa leabhar seo ach na heachtraí a bhain le muintir Chóil Ruaidí, dream a raibh mé mar chomharsa béal dorais acu ón lá ar caitheadh ar an sop mé, scéal Phádraic Chóil go háirithe. 

“Ach ní féidir liom a shéanadh nach bhfuil mé páirteach sa scéal. Mar sin fhéin, is é cion Pháidín den mheacan mo chionsa i gcomórtas leis an bpobal daoine a d’fhág lorg a mbéil le huachta againn. Gan aon athrú curtha ar a gcuid dea-chainte ach go díreach mar a tháinig na focla amach as a mbéal.”

An scoláire Dónall Ó Braonáin a sheolfaidh Mar a Bhí ar dTús: Cuimhne Seanghasúir ag ócáid i dTigh Chualáin an Domhnach beag seo ag 4:00pm. Tá fáilte roimh chách.

Fág freagra ar '‘Cuirfidh mé garraí beag fataí i mbliana, le cúnamh Dé’ – labhraíonn Joe Steve Ó Neachtain faoin ailse agus a leabhar nua le seoladh'

  • Mairin Uí Chéide

    ❤️ Duine a bhfuil uaisleacht a dhúchais I ngach focal dá labhríonn agus dá scríobhann sé. Go mba fada buan é.??♥️