Cuireann cúigear lámh ina mbás féin gach seachtain sa Tuaisceart…

Tá gá le cur chuige cuimsitheach chun déileáil leis an ráta ard féinmharaithe ó thuaidh

Cuireann cúigear lámh ina mbás féin gach seachtain sa Tuaisceart…

Cuireann cúigear lámh ina mbás féin gach seachtain sa Tuaisceart, agus duine in aghaidh an lae amanna. Is geal le plá é an ráta ard féinmharaithe le scór bliain. Bhí scéim in ainm is a bheith ullamh chun tabhairt faoin ngéarchéim nuair a thit Stormont in Eanáir 2017, ach níor eisíodh é go dtí anois.

Chinn an Roinn Sláinte nárbh fhéidir ‘Protecting Life 2’ a chur i bhfeidhm cheal aire in Stormont a dhéanfadh é a fhaomhadh go hoifigiúil. Dé Máirt seo caite, áfach, ar an Lá Idirnáisiúnta um Féinmharú a Chosc sheol an tArd-Rúnaí san Roinn Sláinte an straitéis.

D’fhógair Richard Pengelly go raibh £1.35 milliún punt sa bhreis le cur leis an £8.7 milliún sa bhliain a cheadaítear le dhul i ngleic le féinmharú. Cuirfear béim ar leith ar sheirbhísí chun féindochar agus marú a chosc. Dúirt an tArd-Rúnaí Pengelly go raibh an ráta i bhfad ró-ard agus gurb é aidhm na straitéise go mbeadh laghdú 10% faoi 2024 ar líon na ndaoine a chuirfeadh lámh ina mbás féin.

Is suarach an cuspóir é 10% dar le roinnt ach i bhfianaise na bhfigiúirí is líon suntasach é. Tamall tar éis titim Stormont léirigh staidreamh gur cailleadh i bhfad níos mó daoine faoina lámh féin ó tháinig deireadh leis na Trioblóidí ná mar a maraíodh lena linn.. Cláraíodh 4,476 féinmharú idir 2000 agus 2017. Is cinnte go bhfuil an t-iomlán os cionn 5,000 anois ó tá an meánfhigiúir in aghaidh na bliana gar do 300.

Mar is gnách le fadhbanna sóisialta is sna ceantair bhochta is measa an ghéarchéim. Dúirt Pengelly go raibh an ráta féindochair agus féinmharaithe i bhfad níos airde i gceantair faoi mhíbhuntáiste. Seacht gcás a bhíonn ann i measc na mbocht in aghaidh péire i gceantair shaibhre. Dá bhrí sin díreofar ar sheirbhísí agus tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine sna ceantair is mó ina bhfuil gá lena leithéid. Dúirt Pengelly go raibh tacaíocht aige ó ard-rúnaithe na ranna eile go léir in Stormont.

Ní beag an dúshlán é. Níl lá dá ngabhann tharainn nach mbíonn teaghlach éigin ag cásamh scéal faoi dhuine óg le fadhb mheabhairshláinte (ógánaigh is mó a bhíonn i gceist ach bíonn fadhbanna ag daoine i ngach aoisghrúpa) nach bhfuair cóir leighis in am. Cheal cóir leighis is minic go ndéanann an t-ógánach sin féindochar, nó níos measa.

Deir Paul McCusker, comhairleoir de chuid an SDLP, go bhfaigheann a oifig i dtuaisceart Bhéal Feirste suas le scór glaoch gach seachtain ó dhaoine atá ag fanacht achar fada ar chabhair leighis. Bíonn tacaíocht ar fáil ar uair na héigeandála – otharcharranna, ospidéil agus seirbhísí speisialta – ach ina dhiaidh sin fágtar daoine gan aon aird orthu agus gan aon chúram ar fáil dóibh nuair a scaoiltear abhaile iad. Ní mór na háiseanna iarchúraim a fheabhsú go mór ach teastaíonn feabhas chomh maith ar sheirbhísí réamhchúraim má táthar chun teacht roimh na fadhbanna.

Más amhlaidh go bhfuil gach roinn in Stormont ag tacú leis an straitéis nua beifear ag súil go ndéanfaidh siad iarracht a dhul i ngleic leis na cúinsí a chothaíonn, i gcásanna go leor, an galar dubhach, an t-éadóchas, an sceon, an strus agus fadhbanna drugaí i gceantair bhochta. Tá a fhios ag cait an bhaile nach bhfuair daoine sna ceantair bhochta díbhinn na síochána sa mhéid is nach bhfuair na ceantair sin dóthain deiseanna fostaíochta nua. N’fheadar cén deis a bheidh ann infheistíocht a dhéanamh chun na jabanna sin a chur ar fáil aimsir an Bhreatimeachta? Ach dá dheasca sin is mó an phráinn atá le cur chuige cuimsitheach sa straitéis chun déileáil leis an bhféinmharú. Tá deiseanna oideachais agus fóillíochta chomh maith le seirbhísí sláinte riachtanach.

Is ceart fáilte a chur roimh an straitéis nua ach beidh grinnscrúdú leanúnach riachtanach chun a chinntiú go mbeidh toradh uirthi agus go gcoinneofar daoine beo agus ina sláinte.

Fág freagra ar 'Cuireann cúigear lámh ina mbás féin gach seachtain sa Tuaisceart…'