Cuireadh moill ar charranna ar Bhóthar Chois Fharraige, mise ba chúis leis ach ní orm a bhí an locht… 

AN SAOITHÍN AERÁIDE: an té nach gcuireann raonta rothar le taobh na mbóithre, ginfidh sé tranglaim tráchta!

Cuireadh moill ar charranna ar Bhóthar Chois Fharraige, mise ba chúis leis ach ní orm a bhí an locht… 

Tuairim is mí ó shin bhí moill mhór ar an trácht ar an R336, an bóthar siar as Gaillimh go ceantar Chois Fharraige, agus ba é an Saoithín Aeráide ba chúis leis.

Ba é an chaoi go raibh an Saoithín in Éirinn den chéad uair le trí nó ceithre bliana agus ar ndóigh ní fhéadfadh sé gan cuairt a thabhairt ar oifigí Tuairisc.ie. Siar go Bearna leis, mar sin, ar rothar a fuair sé ar iasacht ó chara dá chuid i gcathair na Gaillimhe.

Anois! Tá seanchleachtadh ag an Saoithín Aeráide ar raonta rothar cúnga agus ar raonta rothar drochphleanáilte (tar éis an tsaoil, tá cónaí ar an Saoithín sa Bhrasaíl) ach ar ndóigh níl raon rothar ar bith in aice leis an R336. Agus ní bheidh, más aon fhianaise an raic a tharraing an raon rothar a bhíothas ag iarraidh a thógáil ar an bProm i mBóthar na Trá – ar cuid den R336 é – ach ar caitheadh na pleananna i dtraipisí mí Feabhra na bliana seo.

Ach ar chuir sé sin stop leis an Saoithín Aeráide? Níor chuir! Bhain sé úsáid as an gcleas céanna a mbaineann sé úsáid as nuair a nach mbíonn raon rothar ar fáil dó nuair a bhíonn sé sa bhaile sa Bhrasaíl: bíonn sé ag rothaíocht i lár an bhóthair. Bhuel, méadar ó imeall an bhóthair cibé.

Cén fáth?

Má bhíonn rothaí ag rothaíocht róghar d’imeall an bhóthair, ní fhágann sé spás éalaithe ar bith dó féin agus sa chlaí nó sa díog a bheidh sé má sciorrann carr thairis róghar dó. Nó, sa chás is measa, faoi rothaí an chairr.

Ach ar ndóigh tá an R336 chomh cúng sin agus tá oiread castaí ann nach mbíonn rogha ag tiománaithe carranna ach fanacht taobh thiar de rothaí a shocródh méadar a fhágáil idir é féin agus imeall an bhóthair, agus níorbh fhada nó go raibh scuaine bhreá carranna taobh thiar den Saoithín Aeráide.

Ar stop an Saoithín go tráthrialta d’fhonn na carranna sin a scaoileadh thairis? Níor stop, muise! Nach bóthar poiblí atá sa R336? Bhí an ceart céanna aigesean a bheith ar an mbóthar sin agus a bhí ag na tiománaithe carranna ar a chúl, agus má bhí moill ar an trácht an lá sin ba ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe nár thóg raon rothar a bhí an locht.

Níor stop an Saoithín Aeráide go dtí gur bhain sé oifig Tuairisc.ie i mBearna amach. Agus é ag fanacht chun an bóthar a thrasnú, chomhair sé na carranna a bhí ar a chúl: 43 ceann.

Fág freagra ar 'Cuireadh moill ar charranna ar Bhóthar Chois Fharraige, mise ba chúis leis ach ní orm a bhí an locht… '