Cuireadh chuig Teach Laighean le tabhairt do Facebook chun úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta a phlé

Tá tuarascáil faoi chúrsaí foilsitheoireachta agus léitheoireachta le foilsiú ag Coiste Gaeilge an Oireachtais

Cuireadh chuig Teach Laighean le tabhairt do Facebook chun úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta a phlé

Tá úsáid agus feiceálacht na Gaeilge ar na meáin shóisialta ar cheann de na príomh-ábhair a bheidh á scrúdú ag Coiste Oireachtais i rith an fhómhair.

Tá an Coiste Gaeilge agus Gaeltachta i dTeach Laighean le cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó chomhlachtaí ar nós Meta, ar leo Facebook, chun plé a dhéanamh ar conas a d’fhéadfaí an Ghaeilge a chur chun cinn tuilleadh ar na hardáin ar líne.

Bhí a gcéad chruinniú théis sos an tsamhraidh ag baill an choiste inne. Leagadh amach ag an gcruinniú príobháideach sin an sceideal don téarma nua.

Ceann de na chéad rudaí a bheidh le plé ag an gcoiste ná réiteach na tuarascála faoi chúrsaí léitheoireachta agus foilsitheoireachta na Gaeilge.

Reáchtáil an coiste breis is deich gcruinniú idir 2022 agus 2023 faoi earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge agus conas a d’fhéadfaí níos mó daoine a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh.

Bhí údair, comhlachtaí foilsitheoireachta, lucht leabharlainne agus siopaí leabhar, an Chomhairle Ealaíon agus airí rialtais ina measc siúd a tháinig i láthair an choiste chun an scéal a phlé.

Tá an coiste anois chun an tuarascáil a chur i gcrích agus súil ann go bhfoilseofar í roimh dheireadh mhí Dheireadh Fómhair.

Beidh moltaí sa tuarascáil do Foras na Gaeilge agus do Roinn na Gaeltachta maidir leis an tacaíocht a chuirtear ar fáil do scríbhneoirí agus foilsitheoirí agus tuigtear freisin go mbeidh moltaí inti maidir le leabhair Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí i leabharlanna.

Deir Cathaoirleach an choiste, an Teachta Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin, gur mhaith leo chomh maith díriú ar cheist na Gaeilge ar na meáin shóisialta roimh dheireadh na míosa seo chugainn.

“Tá cúpla duine atá ag obair le Meta agus comhlachtaí eile atá lonnaithe in Éirinn, a bhfuil Gaeilge acu agus ba mhaith linn plé leo conas is féidir níos mó Gaeilge a fheiceáil ar na meáin shóisialta agus an cur chuige a d’fhéadfadh a bheith acu chun an teanga a chur chun cinn,” a dúirt Ó Snodaigh le Tuairisc.

Dúirt sé freisin go raibh sé i gceist aige cuireadh teacht i láthair an choiste a thabhairt do Phríomhfheidmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, a ceapadh an t-am seo anuraidh, agus don Choimisinéir Teanga nua, Séamas Ó Concheanainn, nuair a bheidh sé féin tosaithe ina ról nua.

Tá Ó Concheanainn molta ag an Rialtas mar an chéad Choimisinéir Teanga eile tar éis do Rónán Ó Domhnaill éirí as an ról ag tús na bliana chun dul ag obair le Coimisiún na Meán.

Deir an Teachta Ó Snodaigh go mbeidh an coiste ag iarraidh pleananna an Choimisinéara maidir le cur i bhfeidhm an Achta Teanga a phlé. D’fhógair Roinn na Gaeltachta ag tús na bliana go raibh sé mar sprioc aici feidhm a thabhairt d’fhorálacha uile an achta roimh dheireadh mhí Deireadh Fómhair.

Deir Ó Snodaigh go mbeidh Buiséad 2024 agus an dáileadh ar an maoiniú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le plé ag an gcoiste chomh maith nuair a fhógrófar sin agus deir sé chomh maith go bhfuiltear ag iarraidh an tAire Tithíochta, Darragh O’Brien, a thabhairt os comhair an choiste chun míniú a thabhairt ar an moill a bhaineann le foilsiú na dtreoirlínte pleanála don Ghaeltacht a gealladh i Meán Fómhair 2021.

Fág freagra ar 'Cuireadh chuig Teach Laighean le tabhairt do Facebook chun úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta a phlé'