‘Praiseach’ déanta ag an Rialtas d’fhoilsiú treoirlínte pleanála Gaeltachta

Deir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go bhfuil sé 'scannalach' nach bhfuil aon radharc ar na treoirlínte go fóill agus gurb iad muintir na Gaeltachta atá thíos leis an moill

‘Praiseach’ déanta ag an Rialtas d’fhoilsiú treoirlínte pleanála Gaeltachta

Tá ráite ag an bhfreasúra go bhfuil scéal threoirlínte pleanála an Rialtais do cheantair Ghaeltachta “ina phraiseach” agus moill beagnach dhá bhliain ar an bpolasaí nua.

Dúirt an tAire Tithíochta Darragh O’Brien mí Mheán Fómhair 2021 go raibh a roinn i mbun oibre ar pholasaí nua do chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus go bhfógrófaí é roimh dheireadh na bliana sein.

Tá fógairt na dtreoirlínte curtha siar arís agus arís eile, áfach, agus gan dáta ar bith anois á lua ag an Roinn Tithíochta lena bhfoilsiú. Thug an tAire O’Brien le fios an mhí seo caite nach raibh dréacht iomlán de na treoirlínte réidh fiú.

Deir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go bhfuil sé “scannalach” nach bhfuil aon radharc ar na treoirlínte go fóill agus gurb iad muintir na Gaeltachta atá thíos leis an mhoill.

“Tá sé scannalach ag an staid seo. Tá daoine ag fanacht orthu. Tá teaghlaigh ann atá ag iarraidh tithe a thógáil. Tá an daonra ag titim i gceantair [Ghaeltachta] áirithe toisc nach féidir le daoine tithe a thógáil,” arsa Ó Snodaigh.

“Tá siad geallta arís agus arís eile ag an Aire. Níl leithscéal ar bith ann faoin staid seo. Dúirt an tAire liomsa cúpla uair ag cruinnithe go raibh obair Roinn na Gaeltachta críochnaithe agus go mbeadh na treoirlínte foilsithe laistigh de chúpla seachtain. Níor chóir go mbeadh Aire ag geallúint rudaí nach bhfuil chun tarlú.”

Tá staidéar coimisiúnaithe ag an Roinn Tithíochta agus ag Roinn na Gaeltachta le bealach a aimsiú le ráiteas tionchair teanga caighdeánaithe a chur i bhfeidhm i gcás cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus thug an tAire O’Brien le fios le gairid go raibh uasdátú ar an obair sin faighte ag grúpa idir-rannach ar a bhfuil oifigigh ón dá roinn agus ó Údarás na Gaeltachta.

Tá grúpa oibre eile bunaithe ar a bhfuil oifigigh ó na ranna rialtais agus ó na húdaráis áitiúla a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram ach níor chas an grúpa sin le chéile ó mhí Dheireadh Fómhair 2022. Dúirt an tAire go mbeadh cruinniú eile acu nuair a bheadh obair an ghrúpa eile críochnaithe.

Nuair a dhréachtófar na treoirlínte pleanála, deir an Aire go gcaithfidh siad a bheith faoi réir lena scagadh ansin don Mheasúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC), agus chun críocha an Mheasúnaithe Iomchuí (MI), rud a d’fhéadfadh moill eile a chur lena bhfoilsiú.

Cuirfear faoi bhráid an phobail ansin iad mar chuid de chomhairliúchán poiblí. Dúirt an tAire O’Brien mí Bealtaine go ndéanfaí sin “go luath” ach sa ráiteas is déanaí uaidh faoin scéal, ní deirtear tada faoi cén uair a tharlóidh an comhairliúchán sin.

“Ba cheart cruinnithe a bheith acu chun déileáil leis seo agus ansin na treoirlínte a fhoilsiú chomh tapa agus is féidir mar, ní hamháin go bhfuil pobal na Gaeltachta ag brath orthu, ceann de na leithscéalta a bhí ag na húdaráis áitiúla [nuair a tháinig siad os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge] ná nach raibh aon treoirlínte ann,” arsa an Teachta Ó Snodaigh.

“Faoin am seo, tá na pleananna forbartha contae ar fad foilsithe agus aontaithe agus tá deis caillte ach tá gá láithreach leis na treoirlínte mar sin féin.”

Deir Ó Snodaigh go bhfuil roinnt ceantar Gaeltachta i mbaol i láthair na huaire agus go bhfuil na fadhbanna a bhaineann le tithíocht a fháil sa Ghaeltacht ar cheann de na cúiseanna leis sin.

“Tá sé ina phraiseach. Níl treoirlínte againn, níl dréacht againn, níl faic againn gur féidir linn féachaint air nó treoir éigin a fháil uaidh.

“Tá gach páirtí tar éis méid áirithe a rá faoin scéal seo, mo pháirtí fhéin san áireamh, a d’fhoilsigh polasaí mar a rinne Fianna Fáil. Ach seo anois an t-am chun gnímh, ní chun fanachta.”

Fág freagra ar '‘Praiseach’ déanta ag an Rialtas d’fhoilsiú treoirlínte pleanála Gaeltachta'