Staidéar ar chur i bhfeidhm an ráitis tionchair teanga d’fhorbróirí tithíochta sa Ghaeltacht ar bun mar chuid d’fhorbairt treoirlínte pleanála

Dúirt an tAire Tithíochta, Darragh O’Brien go bhfuil na treoirlínte le cur os comhair an phobail “go luath” ach níl aon dáta tugtha d’fhoilsiú na dtreoirlínte a bhfuiltear ag fanacht orthu le fada

Staidéar ar chur i bhfeidhm an ráitis tionchair teanga d’fhorbróirí tithíochta sa Ghaeltacht ar bun mar chuid d’fhorbairt treoirlínte pleanála

Tá staidéar coimisiúnaithe ag Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Tithíochta maidir le cén chaoi gur féidir ráiteas tionchair teanga caighdeánaithe d’fhorbróirí a bheadh ag iarraidh tithe a thógáil sa Ghaeltacht a chur i bhfeidhm.

Is cuid é an staidéar seo den obair atá ar bun ag an dá roinn chun treoirlínte atá le tabhairt isteach sa chóras pleanála don Ghaeltacht a réiteach.

Tá na treoirlínte geallta le fada ag an Aire Tithíochta Darragh O’Brien ach tá siad curtha ar athlá arís agus arís eile ó fógraíodh go raibh a leithéid le forbairt.

Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, dúirt an tAire O’Brien go bhfuil na treoirlínte le foilsiú “go luath” le haghaidh comhairliúcháin phoiblí ach níl dáta ar bith luaite lena bhfoilsiú.

Dúirt an tAire ar dtús go rabhadar le foilsiú roimh dheireadh 2021 ach sáraíodh an sprioc sin agus roinnt mhaith eile ó shin. Dúirt an tAire Stáit Peter Burke roimh an Nollaig seo caite go raibh na treoirlínte le foilsiú go luath sa bhliain nua ach tá an sprioc sin sáraithe chomh maith.

Tá aontaithe ag grúpa idir-rannach ar a bhfuil oifigigh ó na Ranna Tithíochta agus Gaeltachta staidéar a dhéanamh ar na dualgais a chuirtear ar fhorbróirí a bhíonn ag iarraidh tithe a thógáil sa Ghaeltacht. Dúirt an tAire O’Brien go raibh an staidéar coimisiúnaithe chun féachaint ar mhodheolaíocht agus formáid an Ráitis Tionchair Teanga a úsáidtear i dtograí forbartha.

Faoi láthair, is faoi na comhairlí contae ar leith atá sé measúnú tionchair teanga a iarraidh maidir le forbairt agus gan an cur chuige céanna in úsáid acu. Thug ionadaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall le fios don Oireachtas in 2021 nár lorg siad ráiteas tionchair teanga ach i gcás ceann amháin den 23,000 iarratas a rinneadh ar fhorbairtí tithíochta sa chontae le breis is deich mbliana anuas.

Nuair a bheidh na treoirlínte dréachtaithe ag an Roinn Tithíochta, dúirt an tAire O’Brien go gcaithfidh siad a bheith faoi réir lena scagadh ansin don Mheasúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC), agus chun críocha an Mheasúnaithe Iomchuí (MI).

“Faoi réir na measúnuithe scagthástála a bheith críochnaithe agus nuair nach bhfuil measúnú iomlán ag teastáil, tá sé beartaithe dréacht de na treoirlínte a fhoilsiú le haghaidh comhairliúcháin phoiblí go luath,” a dúirt sé.

Chomh maith leis an ráiteas tionchair teanga caighdeánaithe, dúradh roimhe seo go dtabharfaí isteach freisin scrúdú líofachta nua do dhaoine a bheadh ag iarraidh cónaí sna tithe sin. Scrúdú Gaeilge labhartha amháin a bheadh i gceist agus é bunaithe ar Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG).

Tá éiginnteacht ann go fóill maidir le cé air a bheadh an scrúdú sin a dhéanamh, agus é ráite go mbraithfeadh an céatadán de na daoine a mbeadh orthu an scrúdú a dhéanamh ar a láidre is a bhí an Ghaeilge sa cheantar áirithe sin.

Fág freagra ar 'Staidéar ar chur i bhfeidhm an ráitis tionchair teanga d’fhorbróirí tithíochta sa Ghaeltacht ar bun mar chuid d’fhorbairt treoirlínte pleanála'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Tá staidéar coimisiúnaithe ag Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Tithíochta maidir le cén chaoi gur féidir ráiteas tionchair teanga caighdeánaithe d’fhorbróirí a bheadh ag iarraidh tithe a thógáil sa Ghaeltacht a chur i bhfeidhm.”

    Is deacair gan ghéilleadh don tsoiniciúlacht! Cuma ar an scéal seo nach bhfuil ar bun ag an státchóras ach réiteach na dtreoirlínte pleanála don Ghaeltacht a chur ar an méar fhada, leis an staidéar atá coimisiúnaithe acu faoin ‘caoi gur féidir Ráiteas Tionchair Teanga caighdeánaithe d’fhorbróirí’ a chur i bhfeidhm.

    Cúpla poinnte ar fiú a dhéanamh:
    (i) Ó mo thaithí ag plé le cúrsaí pleanála sa nGaeltacht thar na blianta, ní fiú tráithnín Ráiteas Tionchair Teanga. Ní íocfadh aon fhorbróir as ráiteas tionchair teanga (RTT), dá ndéarfadh an RTT go bhféadfadh droch thionchar a bheith ag an bhforbairt ar staid na Gaeilge sa gceantar.
    (ii) RTT caighdeánaithe sa nGaeltacht? An bhfuil siad iad iarraidh an RTT céanna Tir an Oileáin i gCathair na Gaillimhe agus i dTír an Fhia; an RTT céanna i Cnoc na Cathrach agus i gCroc na hAille?
    (iii) Seans gurb é an fhadhb atá ann ná go ndiúltaíonn Roinn na Gaeltachta fíricí áirithe faoin nGaeltacht a aithint: nach bhfuil aon chosaint de dhíth ar leath de Ghaeltacht Oifigiúil na Roinne, mar nach bhféadfadh aon chontúirt a bheith ann don Ghaeilge i gceantar nach bhfuil aon Ghaeilge, ar fiú trácht air, á usáid i measc an phobail. Níl forbairt tithíochta eile i mBaile Cláir na Gaillimhe nó i Magia Chuilinn le teanga teagaisc na scoile nó teanga an tséipéil a athrú go Béarla mar is i mBéarla atá sé le fada an lá.
    (iv) Mar gur dhiúltaigh an státchóras glacadh leis na Catagóirí Gaeltachta A,B,C a moladh sa Staidéar Cuimsitheach 2007, a bhí bunaithe ar chritéir theangeolaíocha, is deacair treoirlínte caighdeánaithe a leagan síos a bheadh ciallmhar.

    Idir an dá linn tá Teoirlínte eisithe, le fada an lá, ag an Roinn Tithíochta do na húdaráis pleanála maidir le cosaint crainnte ach muid fós ag fanacht ar na Teoirlínte maidir le cosaint na Gaeilge mar theanga Phobail. Tá cosaint na gcrainnte tábhachtach cinnte. Ach chomh tábhachtach céanna isea cosaint na Gaeilge sa bheagán den tír ina bhfuil sí fós á labhairt mar theanga i measc an phobail.

  • Sibéal

    26 contae : treoirlínte = “fudge”
    A.E. : directive = ordú le h-údarás