Cuimhnigh ar ar tharla in olltoghchán na Breataine…(agus ár muintir thall á cosaint)

Ní pobalbhreitheanna ach vótóirí atá i gceannas. Bhí toradh cinnte á thuar in olltoghchán na Breataine go dtí go ndearna vótóirí rogha gan choinne

David Cameron le bheith ina Phríomh-Aire arís.
David Cameron le bheith ina Phríomh-Aire arís.

Ní raibh aon amhras ar na meáin roimh olltoghchán na Breataine i mí na Bealtaine. Mí, seachtain, fiú lá roimh an olltoghchán, léirigh gach suirbhé ar mheon an phobail nach mbeadh sé ar chumas na gCoimeádach agus na Liobrálach comhrialtas eile a bhunú. Ba léir freisin, de réir na fianaise, nach mbeadh páirtí ar bith sách láidir tar éis an olltoghcháin chun rialtas nó comhrialtas nua a chur ar bun.

Cad a tharla? Thug athrú meoin an phobail, nár thug pobalbhreith ar bith faoi deara, móramh 12 suíochán sa pharlaimint nua do na Coimeádaigh. Chuaigh an páirtí i mbun rialtais ina n-aonar den chéad uair le breis agus scór blianta.

Ní léir agus an colun seo á scriobh an bhfuil fógairt olltoghcháin beartaithe nó nach bhfuil ag Enda Kenny. Ach is léir go gcuirfear an iomarca ama amú sna seachtainí atá romhainn ar thairngreacht – maidir le dáta an olltoghcháin, agus maidir leis an gcineál comhrialtais a bhunófar ina dhiaidh. Ní haon iontas é seo don té a thugann ró-aird ar chaint agus ar imní na bpolaiteoirí.

Tá gach páirtí ag gealladh dúinn nach rachaidh siad i gcomhrialtas le páirtithe áirithe eile. Agus tá amhras orainn go leir, sílim, go mbeidh siad ábalta seasamh lena ngealluintí.

An bhfulimid ró-amhrasach? Abair go mbeidh Enda Kenny, Joan Burton (más ann di), Micheál Martin agus Gerry Adams dílis dá bhfuil ráite acu.

Más amhlaidh a bheidh, ní bheidh aon rogha ag an Dáil nua ach olltoghchán eile a fhógairt. Beidh an tír gan rialtas ar feadh suas le sé mhí, nó níos faide, b’fhéidir. Cuimhnigh ar an 541 lá (curiarracht dhomhanda go dtí seo) a thóg sé ar pholaiteoirí na Beilge rialtas nua a bhunú tar éis olltoghcháin i 2010.

Tóg go bog é, a léitheoir dhil. Cuimhnímis go léir, ar feadh tamaill bhig, ar ár stair. Níor theip ar pholaiteoirí na hÉireann ariamh, ó bunaíodh an stát i 1922, rialtas de chineál éigin a bhunú tar éis olltoghcháin. Is í 1982 an bhliain dheireanach inar reáchtáladh dhá olltoghchán.Toghfar rialtas. Fúinne go léir atá an rogha, agus ní féidir le pobalbhreith dá fheabhas í ár rogha, ná ár n-athrú intinne, a thuar an babhta seo.

ÁR MUINTIR THALL COSANTA

Thug feisire parlaiminte de bhunadh Éireannach i Westminster freagra breá díreach ar an óráid inar fhógair Rinne Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine, Theresa May dianpholasaí nua in aghaidh iarrthóirí tearmainn.

Dúirt Theresa May le comhdháil bhliantúil na gCoimeádach gur “close to zero“ an tairbhe a bhaineann an Ríocht Aontaithe as teacht na sluaite imirceach.

Is in Éirinn a rugadh tuismitheoirí Jack Dromey, feisire de chuid an Lucht Oibre as Birmingham, mar a chuir sé i gcuimhne Theresa May i ndiaidh na hóráide.

Is ó Chorcaigh a tháinig m’athair chun bóithre a thochailt agus traenacha a thiomáint,” arsa Dromey, “agus is ó Thiobrad Árann a tháinig mo mháthair chun dul ag obair mar bhanaltra. Ní cóir a rá, a dúirt sé, gur “close to zero” a bhí ina ndearna siad i Sasana.

Is ar éigean a shíl Dromey go dtabharfadh an Rúnaí Gnóthaí Baile freagra ar a ráiteas agus, go deimhin, freagra fós ní bhfuair sé.

Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Cuimhnigh ar ar tharla in olltoghchán na Breataine…(agus ár muintir thall á cosaint)'

  • Séamas Mac Coitir

    Is léir go bhfuil léargas as cuimse ag Cathal Mac Coille, ar chúrsaí polaitiúla sa tír seo agus sa mBreatain Mhór! Go méadaí Dia i dtreise aigne é, agus go bhfága Sé againn é! Is é Cathal, bail ó Dhia air, atá in ann a chuid smaointe a chur in iúl go críochniúl, agus go beacht, i ndiaidh a chéile!