Cuimhnigh ar an timpeallacht nuair a bhíonn tú ag cuimhneamh ar na faisin is deireanaí

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Agus praiseach á déanamh aige den trasghreim, thosaigh an Saoithín Aeráide ag machnamh faoin mbealach is fearr lena chinntiú go mbeidh rogha éadaí inmharthana ina vardrús feasta

Cuimhnigh ar an timpeallacht nuair a bhíonn tú ag cuimhneamh ar na faisin is deireanaí

Cheannaigh an Saoithín Aeráide snáthaid agus snáth.

Ansin, d’fhág sé an tsnáthaid agus an snáth i dtarraiceán ar feadh cúpla mí, in aice le bríste gearr a raibh an velcro ag titim dá phlapa.

Seanbhríste a bhí sa bhríste céanna, gan dabht – chomh sean sin gurbh as an tSín a tháinig sé an chéad lá riamh, agus tá blianta fada ann ó d’éirigh an Saoithín Aeráide as éadaí a cheannach a rinneadh i monarchana dúshaothair na hÁise.

Ach bhí sé ina ghleadhradh báistí maidin Dé Domhnaigh seo a chuaigh thart. Thóg an Saoithín Aeráide an bríste gearr, an tsnáthaid agus an snáth amach as an tarraiceán agus chuaigh i mbun fuála. Rud nach raibh déanta aige ó rinne máistreás scoile éigin iarracht an scil sin a mhúineadh dó dhá scór bliain ó shin.

Agus praiseach á déanamh aige de thrasghreim, thosaigh an Saoithín Aeráide ag machnamh faoin mbealach is fearr lena chinntiú go mbeidh rogha éadaí inmharthana ina vardrús feasta. Óir – mar is eol do chách – tá an tionscal éadaí ar cheann de na hearnálacha is mó a thruaillíonn an timpeallacht agus a chuireann le hathrú na haeráide.

Rith sé leis, sa chéad áit, gur chóir dó na héadaí ar fad atá ina vardrús agus nach gcaitheann sé a thabhairt do shiopa athláimhe nó do chairde a bheadh ina ngátar ionas go mbainfeadh daoine eile úsáid astu.

Sa dara háit, rith sé leis nár chóir dó éadaí nua a cheannacht ach amháin nuair a bhíonn géarghá leis.

Sa tríú háit, ba chóir dó éadaí ar ardchaighdeán a cheannacht i stíl nach rachaidh as faisean; b’fhearr airgead mór a chaitheamh ar bhall éadaigh a mhairfeadh deich mbliana ná ar bhalcaisí saora faiseanta a chaillfeadh a ndath agus a loinnir tar éis samhraidh amháin.

Sa cheathrú háit, ar ndóigh, ba chóir dó níos mó airde fós a thabhairt ar na lipéid (nó sa chás go mbeadh sé ag siopadóireacht ar-líne, ar an eolas digiteach faoi dhéantús an earra a bhfuil dualgas ar shiopaí ar-líne é a thabhairt.)

Céard iad na teicstílí ar baineadh úsáid astu? Aisteach go leor tá roinnt éadaigh nádúrtha – olann, síoda agus cadás – ar chuid de na cinn is measa ó thaobh na timpeallachta agus na haeráide de, toisc go mbaintear úsáid as go leor uisce agus talún lena dtáirgeadh.

Tá éadach nádúrtha eile, an línéadach, i bhfad níos fearr toisc nach mbíonn an méid chéanna uisce agus talún ag teastáil ón líon. Roghanna maithe eile ná cadás athchúrsáilte agus tencel nó lyocell, ainmneacha éagsúla ar éadach a dhéantar as laíon adhmaid nó bambú a thagann as foraoiseacha inathnuaite.

Eolas eile ba chóir a bheith clóite ar lipéid ar bith ná an tír inar táirgeadh na ball éadaigh. Ní hamháin nach gceannóidh an Saoithín Aeráide éadaí as tíortha a bhfuil cáil na monarchana dúshaothair orthu, ach i bhfianaise na n-astaíochtaí CO2 a bhaineann le hiompar éadaí ar longa lastais, leanfaidh sé air ag déanamh chuile iarrachta éadaí a cheannacht a táirgeadh chomh gar do bhaile agus is féidir.

Sa chúigiú háit ar ndóigh, ba chóir dó aire níos fearr a thabhairt dá chuid éadaí ionas go mairfidh siad níos faide; iad a ní ar theocht íseal, gan ceimiceáin dhochracha a úsáid – agus caoi a chur orthu nuair is féidir.

Ní raibh cuma róphroifisiúnta ar an jaibín fuála a rinne an Saoithín Aeráide ar velcro a bhríste ghearr, ach rinne sé an beart: is féidir an plapa a dhúnadh arís, agus níor phrioc an Saoithín a mhéar.

Fág freagra ar 'Cuimhnigh ar an timpeallacht nuair a bhíonn tú ag cuimhneamh ar na faisin is deireanaí'