Cuimhnigh ar an té a chuirfeas ronnach ar do phláta Dé hAoine

Ní minic a insítear scéal na gcriúnna eachtrannacha nuair a bhíonn poiblíocht á lorg ag lucht iascaireachta

Cuimhnigh ar an té a chuirfeas ronnach ar do phláta Dé hAoine

Tharla drochthimpiste don trálaer an ‘Ellie Adhamh’ le gairid agus chuaigh sé go grinneall na farraige amach ó chósta thiar Chorcaí.

Cé go ndearna bád de chuid an chabhlaigh iarracht an trálaer a chur ar théad agus a thabhairt i dtír, bhris sí ina smionagar ar an mbealach isteach.

Roimhe sin ar fad, rinne na seirbhísí éigeandála éacht, an LE Bernard Shaw ón gcabhlach ina measc, agus an seachtar criú a bhí ar bord á dtarrtháil acu. Agus iad ag streachailt le farraigí arda agus dálaí contúirteacha, thóg criú an héileacaptair R117  an seachtar den trálaer sula ndeachaigh sé go tóin poill.

Ansin, tamall ina dhiaidh sin, tháinig scéal eile chun solais maidir leis an gcriú. De réir na dtuairiscí, i measc an tseachtair, Polannaigh a bhí i gcúigear acu agus Éigiptigh a bhí sa mbeirt eile.

Mar bharr ar an donas, frítheadh amach nach raibh ‘páipéir’ chearta ag na hÉigiptigh bhochta agus bhíodar anois fágtha ar an ngannchuid. Toisc nach raibh ‘cead’ acu a bheith ag iascach ná ag obair in Éirinn, ní rabhadar i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh, ná aon chabhair eile stáit. Bhí Mohamed Elbahlawan agus Elhag Abdrabo fágtha ar an trá fholamh.

Bhí tuairisc faoi san Irish Times ar an 19 Aibreán. Choinnigh mé súil amach ina dhiaidh sin le súil is go bhfeicfinn cén toradh a bheadh ar an scéal seo. Cinnte, bheadh an tionscal iascaireachta corraithe faoi bheirt a bheith fágtha ar an gcaoi sin. Cinnte, bheadh tuairisceoirí ag iarraidh tuilleadh eolais faoi choinníollacha oibre ar bord na dtrálaer sin, faoin bpá a íocadh leis an gcriú nárbh as an Aontas Eorpach iad agus mar sin de.

Ach focal ní fhaca mé ó shin. An toradh é seo ar an ‘obair ón mbaile’ atá ar siúl ag tuairisceoirí le hos cionn bliana, a deirim liom féin? An amhlaidh nach féidir leo ceisteanna a chur faoi scéal truamhéalach mar seo agus iad sáinnithe sa mbaile leis an ríomhaire glúine?

Bhí go leor le rá ag an am, ag an mbeirt Éigipteach faoin saol ar bord an ‘Ellie Adhamh’.  Mhaígh siad leis an Irish Times gur oibrigh siad 20 uair sa lá, le briseadh beag anois is arís. Ba mhinic a bpá á íoc trí mhí deireanach, dúirt siad. Agus íocadh pá níos lú leosan ná an pá a íocadh leis na Polannaigh – ‘is Eorpaigh iad siúd, sin é an fáth’.

Rinne an tuairisceoir Kitty Holland, iarracht labhairt le húinéirí an trálaeir – R and E Fish Tta i Loch Garman, ar leo an ‘Ellie Ádhamh’.  Ach níor labhair siad faoin eachtra – eisíodh ráiteas tríd an eagraíocht iascaireachta áitiúil, ag maíomh nach raibh fírinne sna rudaí a dúirt na hÉigiptigh.

Nuair a chuaigh mé ag cuartú scéalta ar an ábhar céanna, fuair mé scéalta faoi thionscal na hiascaireachta sa mBreatain a bhí an-chosúil leis.

Cúpla bliain ó shin rinneadh suirbhé a fuair amach go mba eachtrannaigh iad thart ar 40% de chriúnna na dtrálaer sa mBreatain. ‘It’s impossible to find UK crews willing to do the work,’ a dúirt scipéara amháin.

Rinne an BBC clár tamall ó shin agus fuaireadar amach go raibh na coinníollacha oibre a bhí ag na hiascairí Filipíneacha sa mBreatain an-chosúil leis an gcur síos a rinne na hÉigiptigh i gCorcaigh – 20 uair sa lá, cúinsí maireachtála a bhí go dona agus mar sin de. 

Bhí cruinniú ag an iarSheanadóir agus iarAire Sóisearach, Ged Nash, le hiascairí ón Éigipt a bhí ag obair mar chriú ar bord trálaeir Éireannacha sa mbliain 2016. 40 iascaire a d’fhreastail ar an gcruinniú. As an 40 iascaire Éigipteach, ní raibh páipéir chearta ach ag ceathrar acu – an deichiú cuid.

Cé nach raibh mórán le rá ag na heagrais oifigiúla iascaireachta faoin scéal seo le gairid, malairt poirt a bhí ann cúpla mí ó shin. Bhí fonn láidir cainte ar scipéirí agus ar úinéirí na tíre seo nuair a bhí cúrsaí Breatimeachta ina scéal mór náisiúnta agus idirnáisiúnta díreach roimh an Nollaig.

Ní raibh aon drogall ar lucht an tionscail teacht os comhair micreafóin an t-am sin agus iad ag fáil locht ar an Rialtas, ar Boris Johnson agus ar an Aontas Eorpach faoin drochstaid ina mbeadh an tionscal dá nglacfaí leis an socrú a bhí leagtha ar an mbord.

Bhí ceist na hiascaireachta i lár an aonaigh agus Rialtas na Breataine ag déanamh gaisce faoin méid a bhainfeadh siad amach dá gcuid iascairí féin.

Bhí na húinéirí agus na scipéirí Éireannacha ag an am ag tabhairt amach  go mbeidís brúite amach as uiscí na Breataine de bharr an socrú a bhí beartaithe. Dúirt Dinah Bushel, úinéir an ‘Ellie Adhamh’, go raibh sé dochreidte go mbeadh iascairí na hÉireann i gcomórtas le hiascairí na Spáinne agus na Fraince a raibh cuótaí éisc níos mó acu.

‘We are struggling to survive,’ a dúirt sí ag an am.

Is cuimhin liom na hargóintí sin ar fad, nuair a bhí na cainteanna deireanacha faoin mBreatimeacht ar siúl. 

Is ar na hiascairí beaga, na teaghlaigh atá fáiscthe as an bhfarraige, a bhíonn an bhéim i gcónaí agus iriseoirí ag scríobh faoin ábhar seo. 

Ní minic a fheicimid na trálaeir mhóra – na cinn a bhíonn ag brath ar chriú eachtrannach, nuair a bhíonn an tionscal ag lorg poiblíochta. Sa mBreatain díríonn lucht teilifíse is nuachtán ar áiteacha ar nós Chorn na Breataine, mar go mbeidh na pictiúir agus na scéalta an-tarraingteach don lucht féachana. Feicfidh tú athair agus mac ag iascach le chéile agus shílfeá gur tionscal teaghlaigh uilig é.

Tá an-trua ag lucht thionscal éisc na Breataine dóibh féin toisc go bhfuil sé soiléir anois nach aon féirín Nollag é an Breatimeacht. Agus seo dream a vótáil agus a chuaigh amach ag léirsiú ar a shon – le trálaeir ar abhainn an Thames agus a leithéid.

Ach rinneadar dearmad go rabhadar ag brath ar an Eoraip chun 80% dá gcuid éisc a cheannach. Anois níl rompu ach páipéarachas, moill ar leoraithe agus éisc ag lobhadh ar an gcé. Agus an praghas tite go tubaisteach. ‘Colmóir’ a bhíodh ar díol ar £5 nó £6 an kilo, tite go 60p an kilo, dar le hiascaire amháin.

An nimh a cothaíodh in aghaidh na n-eachtrannach a bhí taobh thiar de go leor den argóint ar son an Bhreatimeachta. Is anois a fheiceann siad cé chomh mór is atá siad ag brath ar na heachtrannaigh chéanna.

Tá an taobh sin den scéal le feiceáil os comhair an tsaoil. Ach scéal na n-eachtrannach nach bhfeictear – na Polannaigh, na Filipínigh, na hÉigiptigh, gan páipéir, gan cearta, gan éinne le troid ar a son – cé atá ag scrúdú a scéal siúd? 

Cuireadh ceist ar dhuine den bheirt a tháinig slán as tubaiste an ‘Ellie Adhamh’, cén fáth a rabhadar ag iascach in Éirinn, nuair a d’fhéadfaidís a leithéid a dhéanamh san Éigipt.

‘Off Libya or Tunisia there are boats with guns,’ a d’fhreagair siad.

Nach uafásach an rogha é sin don té a chuirfeas ronnach ar do phláta Dé hAoine?

Fág freagra ar 'Cuimhnigh ar an té a chuirfeas ronnach ar do phláta Dé hAoine'