Cuimhní geala ar thurais na nAll-Stars…

Bhí an t-ádh lenár gcolúnaí dul ar thurais All-Star mar imreoir agus mar bhainisteoir

Cuimhní geala ar thurais na nAll-Stars…

John Mullane agus Eoin Kelly i Singeapór i 2006. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Bhí mórán ar na meáin le coicís anuas faoi na foirne All Stars agus faoi imreoirí na bliana seo go háirithe. I ngnáthbhliain bheadh na buaiteoirí ag súil le saoire dheas thar sáile sa bhreis ar an onóir agus an gradam.

De bharr cúrsaí paindéime anuraidh ní raibh aon turas thar sáile ag na All-Stars.

Gach re bliain anois a bhíonn na turasanna seo ann agus téann dhá fhoireann All-Star le chéile chuig tír áirithe chun saoire iontach agus cluiche taispeántais a bheith acu. Sna blianta atá caite tá cuairteanna tugtha ar áiteanna amhail Las Vegas, Dubai, Buenos Aires, San Diego agus Singeapór.

Seaimpíní na tíre do 1971 agus All Stars na bliana sin a thug an chéad chuairt All Stars. Go Meiriceá a chuadar an bhliain dár gcionn. Bhí an t-ádh liom féin dul ar thurasanna le Corcaigh mar sheaimpíní i 1976, 1977 agus 1978 ach ní raibh aon turas ann i 1979.

Is go dtí na Stáit Aontaithe a chuaigh na turasanna go léir go dtí tosach na nóchaidí. Do chuid mhaith againn sna seachtóidí ba é an chéad uair ar eitleán againn. Bhí an t-ádh linn dul go Sasana ar eitleán i bhfómhar 1976 chun cluiche taispeántais a imirt in Wembley.

Sna blianta luatha sin de na turasanna bhíodh beagnach trí seachtaine i gceist agus d’fhanadh na himreoirí go léir le teaghlaigh sna cathracha. Ba go dtí Chicago a chuamar ar dtús i 1977 agus nach orainn a bhí an gliondar croí agus muid ag taisteal isteach ó aerfort O Hare go dtí ‘Cathair na Gaoithe’ agus na scríobairí spéire le feiscint timpeall orainn, radharc an-difriúil ón méid a d’fheicfeá sa chathair bheag cois Laoi. Bhí cluiche idir na All Stars agus Corcaigh agus cúpla lá saoire i gceist i ngach cathair. Dar ndóigh bhíodh teannas i gcuid de na cluichí ach tríd is tríd réitíomar go maith lena chéile. Bhí an mí-ádh orm bheith in aghaidh Fan Larkin as Cill Chainnigh minic go leor sna cluichí sin a d’imrítí ar pháirceanna a bhí beag go leor. Taobh amuigh de Gaelic Park i Nua-Eabhrac ní raibh aon pháirc CLG ar leith ann.

Bheifeá ar chósta an oirthir lá amháin agus an chéad lá eile bheifeá ag dul trasna na tíre go Los Angeles. Chaitheamar beagnach seachtain sa chathair cois cuain, San Francisco.

Dúinne, ba é San Fran buaicphointe na dturas. Cathair bheag, mórán de mhuintir Chorcaí ann agus mórán craic. In LA bhíomar an-scaipthe óna chéile san áit scaipthe sin. Chríochnaigh turas 1976 i Nua-Eabhrac.

An dara bliain chuamar go Boston in ionad Chicago.

Ar na turasanna sin bhí peileadóirí na nAll-Stars agus Bhaile Átha Cliath linn.

Bhí foireann na hardchathrach thar a bheith eagraithe agus i 1977 bhí airgead bailithe acu roimh ré agus d’fhanadar in óstáin. Bhí buntáiste ag baint leis sin, dar ndóigh, mar bhíodar le chéile an t-am ar fad, rud a chuir go mór leis an gcairdeas, an neartú foirne agus an chraic.

Tríd is tríd, bhí an-am againn lenár muintir thar sáile.

Davy Fitzgerald ag imirt i gcluiche na nAll-Stars i Singeapór in 2006. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

2006 an chéad uair eile go raibh sé de phribhléid agam dul leis na All-Stars. Chuig Singeapór a chuamar agus mé mar bhainisteoir ar All-Stars 2005. Bhí seachtain i gceist an uair seo agus óstán galánta cúig réalta i lár na cathrach. Bhí cluiche idir All-Stars 2005 agus 2006 ann agus caitheadh an chuid eile den am ag tabhairt cuairt ar iontais na cathrach agus ag baint taitnimh as iontais na hoíche freisin.

Tá mórán ceisteanna ann faoi cad atá i ndán do na turasanna sin. De ghnáth bíonn turas mór go leor ag na contaetha a imríonn i gcluiche ceannais na hÉireann agus ní bhíonn an t-am ná an fonn, uaireanta, ar dhaoine dul ag taisteal arís. Dar ndóigh tagann tromlach na n-imreoirí All-Star ón dá fhoireann a imríonn sa chluiche ceannais. Minic go leor is ionadaithe a dhéanann an turas thar sáile. Mar aon leis sin le cúpla bliain anuas bhí na cluichí in Fenway Park i mBoston agus ceithre chontae ag taisteal.

Don scríbhneoir seo maireann cuimhní iontacha na dturasanna All-Star fós agus iad chomh beo go gceapfá gur anuraidh a tharla siad.

Ach tá an saol athraithe.

Nach bhfuil a fhios agam féin é sin, a deir tú.

Fág freagra ar 'Cuimhní geala ar thurais na nAll-Stars…'