Cúigear óg i saol an spóirt arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2023

Roghnaíonn Tuairisc.ie cúigear óg i saol an spóirt arbh fhiú go mór súil a choinneáil orthu in 2023

Cúigear óg i saol an spóirt arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2023
Pictiúr: INPHO/Tom Maher

Conor Corcoran

Agus peileadóirí Mhaigh Cuilinn ag prapáil do chluiche leathcheannais na hÉireann, is minic go dtugtar moladh do leithéidí Seán Kelly, Peter Cooke agus Owen Gallagher as na gaiscí a bhain an fhoireann amach in 2021 ach thuigfeadh aon duine a bhfuil cluichí Mhaigh Cuilinn feicthe acu go bhfuil an-bhaint ag cosaint na foirne leis an rath iontach a bhí ar an gcumann anuraidh.

Tá beirt sa líne lánchúil acu, Neil Mulcahy agus Conor Corcoran, a bhí ar bheirt de na cosantóirí is fearr i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe anuraidh agus in ainneoin na sárimreoirí eile atá ag Maigh Cuilinn ar fud na páirce, drochsheans go mbeadh Corn Mhic an tSionnaigh buaite den dara huair ag an gcumann gan iadsan.

Tá Corcoran ar dhuine de na himreoirí nua atá tagtha isteach ar an bhfoireann ó bhuaigh siad craobh an chontae den chéad uair dhá bhliain ó shin ach tá sé cheana féin ina chuid thábhachtach den fhoireann agus cúram tugtha dó go minic sárthosach an fhreasúra a mharcáil.

I gcluiche leathcheannais an chontae in aghaidh an Chreagáin-Mhaigh Locha, tugadh treoir do Corcoran srian a chur ar Barry McHugh, príomhscórálaí na craoibhe go dtí sin, agus is ar éigean gur thug Corcoran seans ar bith dá chéile comhraic dul i bhfeidhm ar an gcluiche. Rinne sé amhlaidh le Tomo Culhane i gcluiche ceannais an chontae.

Bhí Corcoran ina chuid d’fhoireann faoi 20 na Gaillimhe anuraidh ach is cinnte go mbeidh bainisteoir na sinsear, Pádraic Joyce, tar éis an tsárbhliain a bhí aige le Maigh Cuilinn a thabhairt faoi deara. Agus Liam Silke sa Nua-Shéalainn go dtí deireadh an earraigh, ar a laghad, tá bearna le líonadh i gcosaint na Gaillimhe agus deis tuillte ag Corcoran.

 

Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Jack Crowley

An t-imreoir is déanaí atá á chur chun tosaigh mar chomharba Jonny Sexton, tá dul chun cinn aisteach déanta ag Crowley ó thús an tséasúir. Ba é an tríú rogha do gheansaí an leathchlúlaí le Cúige Mumhan cúpla mí ó shin, taobh thiar de Joey Carbery agus Ben Healy, ach tá an-seans ann anois go mbeidh sé ina chuid de scuad na hÉireann i gCraobh na Sé Náisiún agus é ag teacht isteach in áit Jonny Sexton sna cluichí móra.

Meastar go bhfuil cosúlachtaí idir an t-ógánach agus captaen na hÉireann. Tá an-fhéinmhuinín ag Crowley, mar a léirigh sé in 2021 nuair a ghlaoigh sé ar dhuine de chóitseálaithe na hÉireann, Mike Catt, ag fiafraí de cé na gnéithe dá chuid imeartha a mbeadh air díriú orthu chun seans a fháil leis an bhfoireann náisiúnta. Ní raibh Crowley in ann áit a fháil ar fhoireann na Mumhan féin ag an am.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil Joey Carbery fós chun tosaigh ar Crowley do gheansaí an leathchúlaí le Cúige Mumhan agus le hÉirinn agus tá cúpla cluiche imeartha ag Crowley mar trícheathrúnach, rud a léiríonn an scil atá aige. Tá eolas ag cách ar na deacrachtaí a bhíonn ag Carbery le gortuithe, áfach, agus le Corn an Domhain ag teacht sa bhfómhar, gheobhaidh Crowley a sheans uair éigin.

 

Pictiúr: INPHO/Evan Treacy

Abbie Larkin

Is léir ó na foirne atá roghnaithe aici go gcuireann bainisteoir fhoireann sacair na hÉireann, Vera Pauw, béim ar thaithí. Den 28 imreoir a roghnaigh sí sa scuad do na cluichí cáilithe do Chorn an Domhain, ní raibh ach triúr a bhí 21 bliain d’aois nó níos óige. Ba í Jessica Ziu an duine den triúr is mó a fuair deiseanna faoi cheannas Pauw ach bhain drochghortú glúine don imreoir lár páirce díreach roimh an gcluiche in aghaidh na hAlban ach d’fhéadfaí níos mó a fheiceáil de dhuine eile acu agus an fhoireann ag fáil réidh do Chorn an Domhain.

Ba í Abbie Larkin an t-imreoir ab óige sa scuad deireanach, gan í ach 17 bliain d’aois, ach níl aon amhras ach go mbeidh tionchar mór aici ar thodhchaí na foirne sna blianta amach romhainn.

Bhí ar Larkin cead a fháil óna tuismitheoirí laethanta saoire ón scoil a thógáil nuair a tugadh isteach sa scuad den chéad uair í mí Feabhra seo caite agus scóráil sí a céad chúl d’Éirinn in aghaidh na Seoirsia sa bhfómhar,

Bhí sí mar chuid d’fhoireann Shelbourne a bhuaigh an tsraith agus Corn an FAI i mbliana ach tá sí anois tar éis conradh a shíniú le foireann nua Shamrock Rovers. Meastar nach mbeidh sé i bhfad go dtí go mbeidh sí ag dul anonn go dtí príomhroinn Shasana, áfach.

 

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Tom McKibbin

Níl sé féaráilte comparáid a dhéanamh idir Rory McIlroy agus aon ghalfaire óg ón tír seo a mbíonn rath air ach bíonn sé deacair gan an botún sin a dhéanamh le Tom McKibbin.

Bhain McKibbin áit amach i measc an 300 imreoir is fearr ar domhan mí na Nollag agus é ina dhéagóir, gaisce nach bhfuil déanta riamh ag aon Éireannach eile seachas McIlroy. Tá sé níos deacra fós an chomparáid a sheachaint toisc gur fhoghlaim an bheirt a gceird ar an ngalfchúrsa céanna in Ard Mhic Nasca i gcontae an Dúin.

Ar aon chuma, pictiúr de féin agus de McIlroy in éindí atá ag McKibbin ar a chuntas Twitter agus shamhlófá nach mbeadh sé maslaithe ag aon chomparáid leis an ngalfaire is fearr ar domhan.

Tá ardmholadh faighte ag McKibbin cheana féin agus sin ó laoch gailf eile ón tír seo, Pádraig Harrington, a dúirt go mbuafadh an t-ógánach comórtas ar an DP World Tour “gan mhoill”.

Ní bhfuair McKibbin a chárta don DP World Tour go dtí mí na Samhna ach tá sé tar éis críochnú i measc an 20 imreoir is fearr i dtrí cinn de na ceithre chomórtas atá imeartha aige go dtí seo.

 

Pictiúr: INPHO/Tom Maher

Aoife Geraghty

Is i sraith 2021 a d’imir Geraghty d’fhoireann shinsir Mhaigh Eo den chéad uair ach tá dul chun cinn iontach déanta aici in achar an-ghearr.

Imreoir ard í Geraghty, arb as Cathair na Mart di, ach tá coisíocht mhaith aici chomh maith agus í an-chompordach nuair a bhíonn an liathróid ina seilbh.

Fuair Ciarraí an ceann is fearr ar Mhaigh Eo i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh ach bhí Geraghty ar dhuine de na himreoirí is fearr a bhí ag Maigh Eo an lá sin. Bhí rudaí áirithe ag cur as d’fhoireann Mhaigh Eo le blianta beaga anuas ach má éiríonn leo imreoirí ar nós Geraghty a thabhairt chun cinn, beidh siad ar an mbóthar ceart gan mhoill.

Fág freagra ar 'Cúigear óg i saol an spóirt arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2023'