Cúigear déag ceaptha ar Chomhairle Lucht Féachana nua TG4

Cuireann Comhairle Lucht Féachana aiseolas ar fáil do lucht ceannais TG4 maidir le raon agus caighdeán an ábhair a chraoltar ar an gcainéal

Cúigear déag ceaptha ar Chomhairle Lucht Féachana nua TG4

Tá cúigear déag ceaptha ar Chomhairle Lucht Féachana nua TG4 don tréimhse 2020-2025.

Cuireann an Chomhairle aiseolas ar fáil do lucht ceannais an stáisiúin maidir le raon agus caighdeán an ábhair a chraoltar ar an gcainéal.

Is é an tráchtaire agus iarshaighdiúir Frank Reidy, atá ar Bhord TG4, atá ceaptha ina Chathaoirleach ar an gComhairle agus tá ceathrar déag comhaltaí eile ceaptha.

Is iad an ceathrar déag atá ceaptha ar an gComhairle nua ná: Jamie Mac Uigínn as Gaoth Dobhair; Ruth Lysaght as contae na Mí; Siobhán Ní Chróinín as Baile Bhuirne; Ceithleann Ní Dhúlacháin as Gaoth Dobhair; Jamie Ó Flannúra ón nDaingean; Dónall Ó Cnáimhsí as Gaoth Dobhair; Máire Áine Uí Ailín as Eanach Mheáin; Niamh Ní Chonghaile as Iorras Aithneach; Dáithí Ó Murchú as Baile Átha Cliath; Catherine Quinn as Fear Manach; Máirtín Seoige as Ros Cathail; Orlaith Ruiséal as Baile an Fheirtéaraigh; Ríoghnach Nic Craith as an Rinn; agus Úna-Minh Caomhánach as Ciarraí.

Bíonn dhá chruinniú sa bhliain ag an gComhairle agus é mar phríomhaidhm acu tuairimí agus leasanna an phobail i gcoitinne a chur in iúl do Bhord TG4.

Faoin Acht Craolacháin 2009, tá dualgas reachtúil ar TG4 comhaltaí a cheapadh atá “ionadaíoch ar an phobal féachana agus éisteachta agus, go háirithe, ar phobail Ghaeltachta” agus atá in ann cumarsáid inniúil a dhéanamh as Gaeilge.

Fág freagra ar 'Cúigear déag ceaptha ar Chomhairle Lucht Féachana nua TG4'

  • Cluain Sceach

    An gciallaíonn sé seo go mbeidh níos lú Béarla ar TG4?

  • Deasún ÓSeanáin

    Níl aon duine as Maigh Eo!!!

  • Feardorcha

    Cén t-alfraits a chum an córas seo, agus an bhfuil feidhm dá laghad leis seachas cuma na maitheasa a chur ar Politburo Bhaile na hAbhann?
    Má tá, conas a d’éirigh le hEsselmont casadh iomlán a chur ar TG4?

  • Ruairí Ó Bléine

    Ní fheicim duine ar bith ó Oirthear Uladh. Tá sin suntasach. Ach níos measa arís, ní bheidh ar an choiste ach duine amháin mar ionadaí óna Sé Chontae agus an duine sin ón chontae is lú daonra. An ndearn TG4 dearmad gur cuid den náisiúin é Tuaisceart Éireann?

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Cuirigí bhur dtuairimí/moltaí i dtaca le aon ní a dhéanann TG4 a chraoladh ar aghaidh chuig baill an choiste, déanimidne ár ndícheall iad a ardú leis an mbainistíocht.