Cúigear comhaltaí nua ceaptha ar Bhord na Taibhdheirce

Dúirt Aodh Ó Coileáin, Cathaoirleach Bhord na Taibhdheirce gur ‘cúis mhisnigh’  do lucht na Taibhdheirce líon na n-iarratas a fuarthas ar na folúntais ar mBord

Cúigear comhaltaí nua ceaptha ar Bhord na Taibhdheirce

Tá cúigear comhaltaí nua ceaptha ar Bhord na Taibhdheirce.

Is iad an Dr Siobhán Nic Fhlannchadha, Ógie Ó Céilleachair, Mairéad Ní Chualáin, Trevor Ó Clochartaigh agus Orla King an cúigear ball nua atá ceaptha ar Bhord Amharclann Náisiúnta na Gaeilge.

Bhí deis ag daoine cur isteach ar na folúntais, an chéad uair riamh go raibh a leithéid de phróiseas ann i gcás an bhoird.

Tréimhse sé bliana a bheidh ag na baill nua ar Bhord na Taibhdheirce agus is obair dheonach a bheidh i gceist. 

Dúirt Aodh Ó Coileáin, Cathaoirleach Bhord na Taibhdheirce gur “cúis mhisnigh”  do lucht na Taibhdheirce líon na n-iarratas a fuarthas. Dúirt sé gur “cruthúnas” a bhí sa mhéid sin “ar an tábhacht, i súile an phobail, a bhaineann leis an gcoincheap, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge”. 

“Rachaidh an fuinneamh úr agus an meascán scileanna agus buanna go mór chun tairbhe na Taibhdheirce agus pleananna agus straitéisí á leagan amach againn,”  a dúirt Ó Coileáin.

I ráiteas a chuir an Taibhdhearc amach agus baill nua an Bhoird á bhfógairt acu, dúradh gur ceapadh beirt bhall nach bhfuil lonnaithe i gcathair ná i gcontae na Gaillimhe le go mbeadh “dearcadh níos náisiúnta” ag an mBord. Ceapadh duine a bhíonn ag plé le heagraíocht ealaíne eile i gcathair na Gaillimhe chomh maith.

Moltaí ab ea iad seo a bhí i dTuarascáil a réitigh an comhairleoir Jane Daly: Ealaín neamhspleách, don Taibhdhearc sa bhliain 2013.

Dúradh freisin nár tháinig aon iarratas ó Thuaisceart Éireann an babhta seo.

Seo a leanas na baill nua a bheas ar Bhord na Taibhdheirce.

An Dr Siobhán Nic Fhlannchadha as Maigh Cuilinn ó dhúchas atá ag obair i mBaile Átha Cliath le Cumann Ollscoileanna Éireann.  Bíonn Ní Fhlannchadha ag plé leis na scéimeanna HEAR & DARE, dream a bhíonn ag plé leis an oideachas tríú leibhéal do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste nó a bhfuil riachtanais speisialta acu.  Iar-Reachtaire ar Chumann Drámaíochta Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath í Siobhán Nic Fhlannchadha agus ghlac sí páirt i léiriúcháin de chuid na Taibhdheirce le linn a hóige.

Ó Mhaoil a’ Chóirne i nGaeltacht na Rinne d’Ógie Ó Céilleachair, múinteoir i nGaelcholáiste Luimnigh agus teagascóir Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál agus Ollscoil Luimnigh.  Tá úrscéal agus gearrscéalta foilsithe aige agus tá spéis ar leith aige sa drámaíocht, sna lúibíní agus san amhránaíocht ar an sean-nós mar aon leis na hamhráin nuachumtha.

Tá Mairéad Ní Chualáin, An Cnoc, Indreabhán, ina Stiúrthóir Ealaíne ar an Chompántais Amharclainne, NoRopes i gcathair na Gaillimhe.  Tá sí ag obair mar ealaíontóir cónaithe le Druid faoi láthair agus d’oibrigh sí ar léiriúcháin éagsúla sa Taibhdhearc. Tá taighde déanta ag Mairéad Ní Chualáin faoi fhorbairt dhrámaíocht na Gaeilge in iarthar na hÉireann.

Tá an t-iarsheanadóir Trevor Ó Clochartaigh ina Bhainisteoir Cumarsáide le TG4.  Iarbhainsteoir/Stiúrthóir Ealaíne ar an Taibhdhearc é chomh maith agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an chompántais Na Fánaithe i gcathair na Gaillimhe. Thug sé tréimhsí chomh maith ag obair le Ros na Rún agus le Fair City agus chaith sé blianta ag teagasc agus ag eagrú cúrsaí drámaíochta i scoileanna ar fud na tíre.

As na Doireadha i mBaile na hAbhann ó dhúchas d’Orla King a roghnaíodh mar gheall ar a cuid taithí agus saineolais i réimse na n-acmhainní daonna.  D’oibrigh sí sa réimhse sin le TG4 agus le hÚdarás na Gaeltachta.  Chaith sí blianta ag obair le Telegael, in Eo Teilifís agus le Gréasán na Meán ar an Spidéal.

Fág freagra ar 'Cúigear comhaltaí nua ceaptha ar Bhord na Taibhdheirce'