Cúige Mumhan V Clermont

Ceacht ceart a tugadh do na Muimhnigh i Luimneach Dé Sathairn seo caite in aghaidh Clermont Auvergne. Míorúilt a theastaíonn uathu más mian leo an taoide a chasadh agus iad á fhéachaint leis an bhfoireann chéanna an Satharn beag seo.

Morgan Parra kicks a penalty 5/4/2014
Morgan Parra. Pictúr: Inpho

Is fada an lá ó chonaic mise Paul O’Connell á thiomáint siar ag an gcliseadh i gcluiche rugbaí.

Go deimhin, níl mé cinnte gur tharla sé ariamh, sin roimh theacht Clermont Auvergne go Luimneach Dé Sathairn seo caite ar aon nós. Ó thús an chluiche, rinne Clermont romaíocht ar na Muimhnigh ar bhealach nach bhfaca an scór míle de lucht leanta an Airm Dheirg go dtí seo in aon chomórtas.

Ní raibh nóiméad féin ar an gclog nuair a d’aimsigh Fritz Lee Chlermont úd, agus ní raibh móran ama eile ar an gclog ach oiread nó go ndearna Simon Zebo botún a thug an tseilbh ar ais don fhreasúra agus an dara úd leis freisin.

Idir sin agus deireadh an chluiche, bhí na Muimhnigh faoi bhrú i ngach gné den imirt, idir sínte amach, chlibirt agus an imirt oscailte. Bhí an t-ádh glan orthu gur éirigh leo point amháin cailliúna a aimsiú de bharr nach raibh thar seacht bpointe idir na Muimhnigh agus Clermont ag deireadh an chluiche.

Anois tá ar na Muimhnigh taisteal go dtí an Fhrainc agus an fhoireann chéanna a imirt arís. Má bhí dúshlán mór ag baint le cluiche na deireadh seachtaine seo caite is mó i bhfad é an Domhnach seo. Is fada an lá ó chaill Clermont cluiche sa mbaile. Cuir san áireamh freisin go bhfuil an-eolas acu ar na Muimhnigh anois.

Beidh gá le míorúilt más le Cúige Mumhan an t-aon phointe amháin fiú a aimsiú.

Rinne Harlequins agus iad faoi stiúir Conor O’Shea, an jab céanna ar Chúige Laighean. Níor thug siad spás ar bith do thosaithe Chúige Laighean agus níor éirigh le Heaslip ná le Ruddock an liathróid a iompar mar ba ghnáth leo.

Bhí Mike Ross faoi bhrú i mbeagnach chuile chlibirt, ag tús an cluiche ar aon chaoi. Seachas cúpla gluaiseacht sa gcéad leath, theip ar Gopperth líne cúil na Laighneach a chur ag ionsaí agus den chéad uair ariamh, mheas muid go raibh siad gan treoir ná plean.

Anois tá orthu sin an rud céanna a dhéanamh arís an Satharn seo. Tá an t-ádh orthu go mbeidh buntáiste an bhaile acu agus iad ag imirt san Aviva, ach beidh gá le cur chuige iomlán nua más leo athrú a chur ar chlár na scór.

Ní bheidh sé éasca acu. Má chailleann siad arís, beidh deireadh leo, ach an oiread le Cúige Mumhan.

Rinne Leicester gár ollmhór do na hUltaigh nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Toulon an Domhnach seo. Má éiríonn leo na Scarlets a chlaoi arís An Domhnach seo chugainn, beidh siad ar ais sa rás arís i ngrúpa a trí. Níl cúis ar bith nach dtarlóidh sin, ach beidh orthu dul go Toulon i mí Eanáir, rud nach mbeidh éasca ach oiread.

Rinne Cúige Chonnacht éacht arís  ar an mBóthar Beag an Satharn seo caite. Chúig úd i gcoinne Bayonne na Fraince. Caithfidh siad an rud céanna a dhéanamh ach as baile an deireadh seachtaine seo.

Má éiríonn  leo sin a dhéanamh, beidh barr ghrúpa a dó i gCorn an Dúshláin ag brath ar thoradh an chluiche idir Chúige Chonnacht agus Exeter i nGaillimh i lár mhí Eanáir.

Nach iontach an dul chun cinn atá déanta ag Cúige Chonnacht faoi stiúir Phat Lam!!

Fág freagra ar 'Cúige Mumhan V Clermont'