Cuige Mumhan agus Cúige Chonnacht faoi bhrú i gcoinne na bhFrancach

Imreoidh trí cinn de na cúigí i gcluichí ceathrú ceannais an deireadh seachtaine seo agus tá obair le déanamh mura bhfuil deireadh le teacht lena n-aistir san Eoraip

Cuige Mumhan agus Cúige Chonnacht faoi bhrú i gcoinne na bhFrancach

Tá babhtaí ceathrú ceannais chomórtais rugbaí na hEorpa bainte amach ag trí chúige, Cúige Laighean agus Cúige Mumhan i gCorn na gCuradh agus Cúige Chonnacht i gCorn an Dúshláin. Mar a bhí á thuar agam, d’fhág na hUltaigh slán le Corn na gCuradh an tseachtain seo caite nuair a fuair Bordeaux an ceann is fearr orthu le scór 43 – 31, rud a fhágann go bhfuil deireadh seachtaine saor acu anois roimh dhíriú go hiomlán ar an URC, an t-aon seans atá acu greim a fháil ar aon ghradam, agus is drochsheans é sin féin.

Chinntigh an bua éasca 62 – 0 a bhí ag Cúige Laighean ar Harlequins an Satharn seo caite go bhfuil buntáiste an bhaile i Stáid Aviva acu arís anocht agus iad ag dul chun páirce i gcoinne Ghlaschú, curaidh an URC.

Is í foireann Chúige Laighean rogha na coitiantachta don chluiche seo ach tá mise cinnte go mbeidh Leo Cullen ag súil le coimhlint agus tástáil chrua agus fisiciúil ó Ghlaschú.  Tá fhios aige nach mórán tairbhe cluiche bog mar a fuair a fhoireann ó Harlequins, más leo dúshláin foirne ar nós Northampton, Toulouse nó Bordeaux a fhreagairt sa dá bhabhta a bheas fós le n-imirt sa gcomórtas seo. Tá aimhreas ormsa an raibh Cúige Laighean thar barr i gcoinne na Harlequins Dé Sathairn seo caite nó an é an chaoi go raibh na cuairteoirí uafásach lag. Meascán den dá rud seans. Cluiche de chineál eile ar fad a bheas againn anocht.

Caithfidh na Muimhnigh filleadh ar an bhFrainc amárach chun imirt i gcoinne fhoireann atá i measc roghanna na ngeallghlacadóirí do Chorn na gCuradh ó thús an tséasúir, Bordeaux. Más é tábla an Top 14 an tslat tomhais atá agat, cheapfá nach bhfuil seans ag Cúige Mumhan. Sa dara háit ar thábla an Top 14 atá Bordeaux faoi láthair. Mar sin féin bhain Cúige Mumhan stangadh as La Rochelle sa bhFrainc Dé Sathairn seo caite.  Níl cúis ar bith nach féidir leo an rud céanna a dhéanamh arís. Cuimhnigh gur aimsigh Cúige Uladh cheithre úd i gcoinne Bordeaux cúpla lá ó shin. Tá mise ag tuar bua do na Francaigh ach nár bhreá dul amú a bheith orm.

Is ar an mBóthar Beag a bheas na Connachtaigh arís amárach agus Racing 92 ag teacht anall as Páras. Ní raibh Cúige Chonnacht thar mholadh beirte agus iad i gcoinne Caerdydd an deireadh seachtaine seo caite ach rinne siad a ndóthain chun na Breatnaigh a chur ó dhoras. Níor mhór dóibh feabhsú más leo na babhtaí leathcheannais a bhaint amach. An leor buntáiste an bhaile chun leithéid iar-laoch Shasana Owen Farrell a stopadh?

Fág freagra ar 'Cuige Mumhan agus Cúige Chonnacht faoi bhrú i gcoinne na bhFrancach'