Cúige Laighean ag filleadh ar an áit is ansa leo

Ba chóir go mbeadh bua eile ag Cúige Laighean san URC agus beidh Cúige Chonnacht agus Cúige Mumhan ag iarraidh torthaí Bhabhta 4 a chur ó chuimhne

Cúige Laighean ag filleadh ar an áit is ansa leo

Jamison Gibson-Park ©INPHO/Laszlo Geczo

Tá Cúige Laighean sa dara háit agus gar do bharr thábla an URC arís, an áit a mbíonn siad de ghnáth.

Chinntigh an bua éasca cúig úd i gcoinne na nDragons an Domhnach seo caite gur thug siad cúig phointe leo agus greim dá réir ar an dara spota. Tá foireann Átha Cliath cothrom ar phointí leis na Bulls agus le Glaschú, foirne eile atá ar chúig phointe dhéag faoi láthair.

Tá seans láidir ann go bhfáiscfidh na Laighnigh a ngreim ar an áit sin amárach agus iad sa mbaile i gcoinne na Scarlets, foireann eile ón mBreatain Bheag. Sa gceathrú háit déag ar an tábla atá na Scarlets agus gan ach bua amháin acu as ceithre iarracht. Beidh sé deacair acu an dara bua a aimsiú san RDS, go háirithe agus tuilleadh imreoirí idirnáisiúnta á gcur chun páirce ag Leo Cullen.

Roimhe sin, beidh cluiche baile eile ag na hUltaigh anocht agus seans maith acu cur leis an mbua maith a bhí acu ar Chúige Mumhan an Satharn seo caite.

Chinntigh an bua sin go bhfuil Cúige Uladh sa gceathrú háit ar an tábla le ceithre phointe déag agus i bhfad chun cinn ar na Lions, foireann atá sa dara háit déag agus nár bhuaigh ach cluiche amháin go dtí seo. Ní dóigh go mbeidh aon athrú ar an scéal sin do na Lions anocht.

Amárach, beidh Cúige Chonnacht ag imirt i bhfad ó baile in Durban na hAfraice Theas agus iad i gcoinne na Sharks. Tá mise cinnte go raibh Cúige Connacht spréachta de bharr na lagiarrachta a bhronn bua le trí phointe ar Dhún Éideann i mBabhta 4.

Bhuel má bhí, tá deis iontach acu rudaí a chur ina gceart amárach mar go bhfuil siad i gcoinne na foirne is laige sa gcomórtas, foireann atá fós ar thóir a gcéad bhua an séasúr seo. Mar sin féin is fiú a mheabhrú gurb é seo an chéad chluiche baile ag na Sharks ó thosaigh an comórtas ceithre seachtaine ó shin. Sin spreagadh dóibh!

Sa mbaile i Luimneach a bheas Cúige Mumhan agus iad i gcoinne na Stormers, foireann atá sa naoú háit, dhá áit níos ísle ná foireann an bhaile atá sa seachtú háit.

Ach an oiread le Cúige Chonnacht, beidh Cúige Mumhan iad féin ag iarraidh toradh Bhabhta 4 i gcoinne na nUltach a chur ó chuimhne agus iad féin a tharraingt suas an tábla arís. Beidh iontas ormsa mura n-éireoidh leo sin a dhéanamh agus seans go mbéarfaidh siad pointe bónais leo freisin.

 

 

Fág freagra ar 'Cúige Laighean ag filleadh ar an áit is ansa leo'