Cúig phíosa comhairle don léitheoir óg ó léitheoir meánaosta

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: dá mbeadh ar chumas ár gcolúnaí inniu teagmháil a dhéanamh leis féin 25 bliain ó shin, seo an chomhairle léitheoireachta a bheadh aige 

Cúig phíosa comhairle don léitheoir óg ó léitheoir meánaosta

Bhí cúig phíosa comhairle scríbhneoireachta agam i gcolún na seachtaine seo caite a thabharfainn dom féin dá bhféadfainn teagmháil a dhéanamh liom féin 25 bliain ó shin. Is í an léitheoireacht leathchúpla na scríbhneoireachta. Cé hiad na leabhair (a bhí ar fáil 25 bliain ó shin) a mholfainn dom féin a léamh dá mbeadh ar mo chumas teagmháil a dhéanamh liom féin agus mé níos óige?

 

1. The Summer Book le Tove Jansson (1972)

Is iomaí uair cheana a luaigh mé an t-úrscéal seo ar na leathanaigh seo agus tá cúis mhaith leis sin. Tá daonnacht ar leith ag baint leis an leabhar seo, agus draíocht aisteach dá bharr: is leor cúpla leathanach a léamh chun m’aigne a cheansú nuair a bhíonn sí céasta. Piolla suaimhnis é The Summer Book ba cheart a bheith i gcófra leighis chuile scríbhneora.

 

2. Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain (1949)

Léitheoir ceanndána a bhí ionam nuair a bhí mé óg: bhíodh leisce orm tabhairt faoi leabhar ar bith a deireadh chuile dhuine liom a léamh. Ach anois agus Cré na Cille léite go mion minic agam aontaím le chuile dhuine. Níl mórshaothar an Chadhnaigh gan locht ach ní hann d’aon saothar eile i nGaeilge a léireodh lúth, neart agus réimse dochreidte leathan na teanga céanna don scríbhneoir óg a roghnódh scríobh inti.

 

3. Beyond Sleep le Willem Frederik Hermans (1966)

Scríbhneoir eile é a mbíodh leisce orm a chuid leabhar a léamh toisc go ndeireadh chuile dhuine liom iad a léamh ná Willem Frederik Hermans, duine de mhórscríbhneoirí Ísiltírise an 20ú haois. Nooit meer slapen, nó Beyond Sleep mar atá ar an aistriúchán Béarla (agus ar an scannán a bunaíodh ar an scéal) an saothar is fearr aige. Úrscéal foirfe a bhainfeadh an anáil de scríbhneoir óg lena dhlús, lena sholéiteacht agus lena chur síos samhlaíoch ar thírdhreach thuaisceart Chríoch Lochlann (mar a bhfuil an scéal suite) agus an t-aon leabhar a léigh mé riamh inar éirigh leis an údar a mhíniú go héifeachtach cén fáth nach féidir a bheith ann do Dhia.

 

4. Giovanni’s Room le James Baldwin (1956)

Bhí ‘ná glac chugat scéalta nach mbaineann leat’ ar cheann de na píosaí comhairle a bhí agam an tseachtain seo caite. Ach an rud atá go deas faoi chomhairle scríbhneoireachta ná go mbíonn a malairt glan fíor go minic freisin. Scéal faoi bheirt fhear geal i bPáras atá in Giovanni’s Room, scríofa ag Meiriceánach dubh. Ní chuirfinn leithghabháil chultúrtha i leith Baldwin go brách ach a mhalairt: scothshampla é d’údar a raibh sé de mhisneach aige scríobh taobh amuigh den bhosca a samhlaíodh dó. Is féidir scéalta nach léir ar an gcéad radharc go mbaineann siad leat a ghlacadh chugat, chomh fada is a bhíonn do chuid scríbhneoireachta bunaithe ar do thaithí saoil féin – mar a bhí, i gcás Baldwin. Lena chois sin ar fad, úrscéal é seo a léireodh do mo leithéid féin – scríbhneoir óg aerach – nach gá don litríocht aerach a bheith graosta ach gur féidir léi a bheith liteartha.

 

5. The Writing Life le Annie Dillard (1989)

Seoid de leabhar faoin scríbhneoireacht chruthaitheach é seo, lán comhairle agus gaoise don té a chaithfeadh a shaol i mbun pinn. B’aoibhinn liom dá mbeinn tar éis teacht ar Annie Dillard níos túisce i mo shaol – ach an dtabharfainn aird uirthi? Sin í an fhadhb le comhairle ar bith a bheadh ag scríbhneoirí níos sine do scríbhneoirí óga: ní fiú tada comhairle ó dhuine eile i gcomparáid le taithí a fháil ar an saol tú féin.

Fág freagra ar 'Cúig phíosa comhairle don léitheoir óg ó léitheoir meánaosta'