Cúig phíosa comhairle don scríbhneoir óg ó scríbhneoir meánaosta

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: dá mbeadh ar chumas ár gcolúnaí inniu teagmháil a dhéanamh leis féin nuair a bhí sé 25 bliain d’aois, seo an chomhairle scríbhneoireachta a bheadh aige

Cúig phíosa comhairle don scríbhneoir óg ó scríbhneoir meánaosta

Rith sé liom an lá cheana go bhfuil ceathrú céad ann, nach mór, ó scríobh mé mo chéad ghearrscéal dáiríre. Seo thíos cúig chomhairle a bheadh agam, mar scríbhneoir meánaosta, dá mbeadh ar mo chumas litir a chur chuig an scríbhneoir óg a bhí ionam an tráth sin.

1. Ná tabhair faoin scríbhneoireacht ar mhaithe le saibhreas, cáil, meas nó grá

Ar éigean bheidh tú in ann na billí a íoc má shocraíonn tú maireachtáil ar an bpeann agus ní íocfaidh pé cáil a thuillfidh tú duit féin na billí céanna ach oiread. Ba cheart do dhaoine meas a bheith acu ort agus grá a bheith acu duit beag beann ar líon nó feabhas na leabhar a scríobhfaidh tú. Grá don litríocht an t-aon chúis amháin gur cheart duit tabhairt faoin scríbhneoireacht mar shlí bheatha.

2. Ná bí ag fanacht ar inspioráid

Agus ná déan iarracht í a mhealladh le deoch, drugaí ná bia. Níl a leithéid ann agus inspioráid. Tiocfaidh na focail as a stuaim féin a luaithe is a shuífidh tú síos is a chuirfidh tú peann le páipéar. Bíodh sceideal oibre agat agus cloígh leis.

3. Ná bí do do chéasadh féin, gabh amach ag siúl

Mura dtagann rud ar bith fiúntach amach as do pheann fiú agus iarracht dháiríre á déanamh agat, níl d’fhochomhfhios réidh go fóill lena chuid ionramhála ar pé ábhar a theastaíonn uait a phlé i do chuid scríbhneoireachta. Ná bí do do chéasadh féin, gabh amach ag siúl. Ach tabhair leat leabhar nótaí.

4. Ná bí ag ceapadh go mbeidh tú réidh nuair a bheidh an chéad dréacht scríofa agat

Ná an dara, an tríú, an ceathrú nó an cúigiú dréacht – agus ná bíodh leisce ort taighde cuimsitheach a dhéanamh agus úsáid a bhaint as an bhfoclóir. Beidh tú ag athscríobh agus ag déanamh eagarthóireachta go dtí go mbeidh chuile chamóg san áit cheart, fad is a bheidh do chairde ag baint súp as an saol. Ar mhaith leat súp a bhaint as an saol? Ar aghaidh leat, agus tabhair faoin scríbhneoireacht nuair a bheidh tú ábhairín níos sine. Beidh níos mó le rá agat.

5. Ná bí ag insint bréag ar an leathanach

Ná lonnaigh do chuid scéalta in áiteanna nach raibh tú ann riamh. Ar an ábhar sin, ná glac chugat scéalta nach mbaineann leat. Ar an lámh eile, ná ceap gur gá duit gné ar bith de do phearsantacht nó de do chúlra a cheilt ar an leathanach agus ná ceap go gcaithfidh tú do chuid scríbhneoireachta a chur in oiriúint don ‘mhargadh’. Beidh cuma níos boichte ar do chuid scríbhneoireachta dá bharr.

Fág freagra ar 'Cúig phíosa comhairle don scríbhneoir óg ó scríbhneoir meánaosta'

  • Niall

    Iontach, mar is gnáth