Cuid de na cúigí i mbaol a ndíbeartha agus an deireadh ag teannadh linn

Beidh Cúige Laighean róláidir do Chúige Uladh agus beidh a ndúshláin féin le sárú ag Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht más leo fanacht ina gcomórtais

Cuid de na cúigí i mbaol a ndíbeartha agus an deireadh ag teannadh linn

Tá muid ag druidim le deireadh an tséasúir rugbaí agus tá an baol ann go mbeidh deireadh freisin le cúige nó dhó sna comórtais rugbaí atá i ndáil le bheith críochnaithe.

Imreofar an chéad bhabhta eile de Chorn na gCuradh an deireadh seachtaine seo agus Cúige Laighean, Cúige Uladh agus Cúige Mumhan ag dul chun páirce. Beidh spás sna babhtaí ceathrú ceannais faoi cheann seachtaine ar fáil do na foirne a thugann an lá leo agus beidh a rás rite sna comórtais seo acu siúd a chailleann.

Mumha is túisce de na cúigí a bheas ag cur chun páirce inniu agus mórdhúshlán le sárú acu i gcoinne na Cell C Sharks in Durban na Afraice Theas. Cé nach bhfuil ach trí áit idir na foirne seo ar thábla an URC – Cúige Mumhan chun cinn sa gcúigiú háit –  tugann imirt sa mbaile buntáiste ar leith do na Sharks. Ní hamháin sin, ach chaill an dá fhoireann seo i mBabhta 16 den URC seachtain ó shin.  Bhí imirt agus cur chuige na Mumhan agus iad ag imirt sa mbaile náireach ar fad, fiú má d’éirigh leo ceithre úd a aimsiú. Beidh a lucht leanúna ag súil go ndéanfaidh filleadh a gcuid imreoirí idirnáisiúnta ar nós O’Mahony, Murray agus Kilcoyne difear. Má theipeann orthu, beidh deireadh le Cúige Mumhan i gCorn na gCuradh. Mar sin féin, is iad na Muimhnigh is láidre den dá fhoireann seo agus más féidir leo lag-iarracht an deireadh seachtaine seo caite agus an imirt as baile a chur de leataobh, beidh seans acu ar áit sna babhtaí leathcheannais.  Ach ní bheidh sé éasca.

Ní túisce a bheas an cluiche sin thart nó go dtabharfaidh Cúige Laighean agus Cúige Uladh faoina chéile i Staid Aviva. Is mór an trua go bhfuil an dá chúige is láidre sa tír seo ag tabhairt in aghaidh a chéile inniu agus go mbeidh ceann acu as an gcomórtas seo ag deireadh an chluiche. Cé nach bhfuil fáil acu ar Johnny Sexton, is deacair tada eile seachas bua do Chúige Laighean a thuar, go háirithe leis an líon mór imreoirí atá ag filleadh ó dhualgais idirnáisiúnta, líon i bhfad níos mó ná mar atá i gceist le Cúige Uladh. Chomh maith leis sin, níor chaill Cúige Laighean cluiche in aon chomórtas fós an séasúr seo, cé gur ar comhscór a chríochnaigh an fhoireann dara rogha sin acusan an tseachtain seo caite i gcomórtas an URC. Ábhar mór iontais a bheas ann má theipeann ar fhoireann Leo Cullen inniu. Seans go mbeidh an bhearna ó thaobh tallainne idir imreoirí Laighean agus Uladh rómhór go sáródh na hUltaigh.

Tá ar na Connachtaigh taisteal go tuaisceart na hIodáile le tabhairt faoi Treviso i gCorn an Dúshláin. Chaill Treviso sa mbaile seachtain ó shin, toradh nach raibh súil leis agus thug na Connachtaigh greadadh, le 25 pointe, dá bhfreasúra féin, Dún Éideann, ar an mBóthar Beag.  Má éiríonn le foireann na Gaillimhe sárimirt na seachtaine seo caite a thabhairt go dtí an Iodáil beidh leo. Mar sin féin, ní raibh fáil ag Treviso ar a gcuid imreoirí idirnáisiúnta sa gcluiche deiridh agus beidh siad acu inniu.  Sin rud a chuirfeas go mór leis an dúshlán atá roimh Chúige Chonnacht más leo imirt sna babhtaí ceathrú ceannais faoi cheann seachtaine.

Fág freagra ar 'Cuid de na cúigí i mbaol a ndíbeartha agus an deireadh ag teannadh linn'