Cuala anois i measc na mboc mór, an beart déanta arís ag mná Shleacht Néill agus ceachtanna CLG eile

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar scéalta móra CLG an deireadh seachtaine agus cluichí móra club agus sraithe ar siúl

Cuala anois i measc na mboc mór, an beart déanta arís ag mná Shleacht Néill agus ceachtanna CLG eile

Mark agus Paul Schutte, Cuala, ag ceiliúradh. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cuala anois i measc na mboc mór

Agus Craobh na hÉireann buaite den dara huair as a chéile ag Cuala, tá áit ar leith bainte amach acu i stair an chomórtais. Tá craobhacha na gclubanna ar an bhfód le beagnach leathchéad bliain ach fós níor éirigh ach le ceithre fhoireann eile dhá chraobh iomána as a chéile a thabhairt leo, sin iad Port Omna (2008 & 2009), Biorra (2002 & 2003), Baile Átha an Rí (2000 & 2001) agus Sáirséalaigh na Gaillimhe (1993 & 1994).

Bhí Cuala chomh mór sin i gceannas ar Bhaile Uí Aodha i gcluiche ceannais na bliana seo caite go raibh an baol ann nach dtabharfaí an t-aitheantas a bhí tuillte acu dóibh ach i ndiaidh shárchoimhlintí na bliana seo in aghaidh na bPiarsach, ní fhéadfaí neamhaird a déanamh díobh. Níl trí chraobh as a chéile buaite fós ag aon chumann, sa pheil nó san iomáint, ach níl aon chúis nach bhféadfadh Cuala a leithéid a bhaint amach in 2019.

An beart déanta arís ag mná Shleacht Néill

Foireann camógaíochta Shleacht Néill. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Foireann eile a thug leo Craobh na hÉireann den dara bliain as a chéile ag an deireadh seachtaine, foireann camógaíochta Shleacht Néill. Cuireadh an cluiche ceannais seo siar faoi dhó de bharr na drochaimsire ach b’fhiú an fanacht sin do mhná Dhoire agus an ceann is fearr faighte acu ar na Sáirséalaigh i gCluain Eois Dé Sathairn.

Tá gaisce déanta ag foirne CLG Shleacht Néill agus craobhacha sinsir peile, iomána agus camógaíochta Uladh tugtha leo in 2016 agus arís in 2017. Baineadh beagán den loinnir den ghaisce sin de bharr gur chaill foirne na bhfear cluichí ceannais agus leathcheannais na hÉireann le cúpla bliain anuas. Ach a bhuíochas de na mná, tá craobh na hÉireann tugtha leo ag an gclub dhá bhliain as a chéile.

Maigh Eo tagtha slán, ar éigean

Imreoir Mhaigh Eo, Aidan O’Shea. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson
Eoin Finnerty na Gaillimhe ar an ionsaí. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Má tá rud amháin fíor faoi fhoireann peile seo Mhaigh Eo, is é sin nach go bog a ghéilleann siad. Agus iad trí phointe chun deiridh in aghaidh Dhún na nGall i mBealach Féich inné, bhí foireann Stephen Rochford go mór i mbaol ísliú céime a fháil. Bhí na Conallaigh i bhfad níos fearr ná a gcéilí comhraic go dtí an pointe sin ach lig siad Maigh Eo ar ais. Agus an t-am caite, ba é Kevin McLoughlin laoch Mhaigh Eo nuair a d’aimsigh sé cúilín breá, agus níorbh é sin an chéad uair aige a mhianach a léiriú.

Goillfidh an chailliúint seo ar Dhún na nGall, agus go háirithe ar Paddy McBrearty, a raibh deis aige bua a chinntiú do na Conallaigh. Díreach roimh scór McLoughlin, fuair McBrearty seilbh ar an liathróid os comhair chúl Mhaigh Eo agus bhí an rogha aige pas a thabhairt, seilbh a choinneáil agus an t-am a chaitheamh, nó tabhairt faoi scór. Bhí bliain den scoth ag McBrearty go dtí seo agus thuigfeá go raibh muinín aige go n-aimseodh sé scór ach bhuail sé iarracht lag díreach isteach i lámha David Clarke agus chuaigh Maigh Eo suas an pháirc chun an scór cinniúnach a fháil agus Dún na nGall a dhíbirt as Roinn 1.

Gaillimh agus Cill Dara imithe ar mhalairt slí i Roinn 1

Bainisteoir Bhaile Átha Cliath, Pat Gilroy. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Nuair a bhain Gaillimh agus Cill Dara amach an t-ardú céime ó Roinn 2 anuraidh, is beag a bhí eatarthu. Ba ag Gaillimh a bhí an bua sa dá chluiche a d’imir siad in aghaidh a chéile in earrach 2017. Bhuaigh siad le pointe amháin i Staid an Phiarsaigh agus le dhá phointe i gcluiche ceannais na sraithe an tseachtain ina dhiaidh sin, ach bhí daoine ann a cheap go mbeadh Cill Dara níos ullmhaithe don ghéariomaíocht a bhíonn i Roinn 1 agus foireann mhór, aclaí acu. Ní hamhlaidh a bhí, áfach.

Chas na foirne ar a chéile arís i Roinn 1 inné agus bua éasca a bhí ag na Gaillimhigh. D’fhág sé sin gur chríochnaigh Gaillimh ar bharr an tábla, gan cluiche ar bith caillte acu. Ar an láimh eile, rachaidh Cill Dara díreach ar ais chuig Roinn 2 agus gan fiú cluiche amháin féin buaite acu sa phríomhroinn. Rud as an ngnáth é an dul chun cinn atá déanta ag Gaillimh i mbliana. Agus an Cabhán agus Ros Comáin anois ag triall ar Roinn 1 an bhliain seo chugainn, beidh siad ag iarraidh sampla na nGaillimheach a leanúint seachas ceann Chill Dara.

Údar beag dóchais ag Pat Gilroy

Cé nach mbeidh sé sásta leis an taispeántas a thug siad sa dara leath in aghaidh Thiobraid Árann, bhí údar dóchais ann do bhainisteoir iománaithe Bhaile Átha Cliath Pat Gilroy. Bhí a fhoireann ar fheabhas ag tús an chluiche agus iad ocht bpointe chun cinn ar Thiobraid Árann tar éis deich nóiméad. Bhí Fiontán McGibb, Paul Winters agus Danny Sutcliffe ar fheabhas sa tréimhse sin agus cé nach raibh siad in ann coinneáil orthu ar an gcuma chéanna, tabharfaidh an tréimhse ghairid mháistreachta sin muinín dóibh roimh thús na craoibhe.

Ní bheidh coimhlintí an tsamhraidh chomh scaoilte agus a bhí tús an chluiche i bPáirc an Chrócaigh inné ach ó tharla go mbeidh imreoirí Chuala anois ag filleadh ar an bpainéal, tá an chuma ar Bhaile Átha Cliath go bhfuil siad, ar a laghad, ar an mbóthar ceart agus iad faoi cheannas Gilroy.

Fág freagra ar 'Cuala anois i measc na mboc mór, an beart déanta arís ag mná Shleacht Néill agus ceachtanna CLG eile'

  • Seán Mistéil

    Go leor le moladh agus le foghlaim mar adeir tú ó na cluichí thuasluaite. Go speisalta, ní fás aon oíche an gaisce a rinne Cuala: forbairt inmheánach faoi aoise agus an cur chuige san iomáint i gColáiste Eoin agus i Scoil Lorcáin mar chuid thábhachtach den obair faoi ndear painéal láidir buacach an lae inniu.
    An-obair chomh maith ag Na Piarsaigh i gCathair Luimni. Bhí sé geall a bheith acu Lá ‘le Pádraig.
    Luaim Cill Dara ar deireadh: is fearr i bhfad iad, dar liom, ná na torthaí acu sa Sraith i mbliana. Beidh le feiceáil i gCúige Laighean.