Cuairt ar Caisleán Bhaile Átha Cliath agus an cháipéis is tábhachtaí i stair na hÉireann

Tá an Conradh Angla-Éireannach a pléadh i nDáil Éireann cothrom an ama seo céad bliain ó shin le feiceáil go poiblí i mBaile Átha Cliath den chéad uair

Cuairt ar Caisleán Bhaile Átha Cliath agus an cháipéis is tábhachtaí i stair na hÉireann

Aistear ar shlí na staire a thug orm an turas a dhéanamh an lá cheana go Caisleán Bhaile Átha Cliath le breathnú ar an taispeántas faoin gConradh Angla-Éireannach a síníodh agus a pléadh i nDáil Éireann cothrom an ama seo céad bliain ó shin.

I gcroílár an taispeántais tá an bhunchóip Éireannach den cháipéis a síníodh in Sráid Downing, Londain go moch maidin an 6 Nollaig 1921 – b’fhéidir an cháipéis is tábhachtaí i stair na hÉireann.

Seo an chéad uair riamh a bhfuil an cháipéis le feiceáil go poiblí sa tír seo. Bhí cóip eile ag Sasana agus bhí an dá chóip le feiceáil i dtaispeántas den chineál céanna i Londain cúpla mí ó shin. Tá riar mór cáipéisí eile ann freisin faoin idirphlé i ndeireadh na bliana úd. Arís ní raibh a bhformhór le feiceáil go poiblí roimhe seo.

Blianta ó shin san ollscoil rinne mé staidéar ar an gConradh sa gcúrsa céime sa stair i nGaillimh. Bhí Tomás P Ó Néill ina léachtóir againn, an comhúdar ar bheathaisnéis oifigiúil Éamon de Valera, i gcuideachta an Tiarna Longford, an staraí Frank Pakenham. Roimhe sin bhí staidéar údarásach foilsithe ag Pakenham ar an gConradh sa leabhar Peace By Ordeal.

Is maith is cuimhin liom a bheith ag rá liom fhéin i UCG fadó gur bhreá dá mbeadh fáil éasca ar na buncháipéisí. Tá an lá sin tagtha. Tá na díospóireachtaí Dála faoin gConradh le fáil le fada ar líne agus nuair a chonaic mé go raibh an taispeántas seo ag an gCartlann Náisiúnta ní stopfadh tada mé go dtabharfainn sciuird chomh fada leis. Ní raibh aon aiféala orm.

Mholfainn an taispeántas d’aon duine gur spéis leo stair na hÉireann.

Fág ag an doras, ach ná dearmad, an t-aighneas a tharraing an Conradh agus an tragóid a tharla nuair a d’iompaigh Éireannaigh ar a chéile mar gur chreid said go diongbháilte i dtaobh amháin nó i dtaobh eile den aighneas.

Bheadh súil ag duine anois céad bliain dár gcionn go n-éireodh linn breathnú go stuama ar an scéal. Sin a chaithfear a dhéanamh má tá aon rath le bheith ar an tabhairt chun cuimhne atá romhainn ar thréimhse Chogadh na gCarad.

Is maith mar thús an taispeántas seo i gCaisleán Bhaile Átha Cliath mar ar bhealach is féidir le duine é féin a thabhairt ar aistear siar ar ais chuig an tréimhse sin sular tharla an scoilt mhór agus léargas a fháil ar an am gur chairde iad ar fad agus chuile dhuine acu go diongbháilte le chéile ar son na hÉireann.

Tá feiceáil sa taispeántas ar cháipéisí oifigiúla, pictiúir, agus nótaí pearsanta anonn is anall chomh maith le blúirí físe agus míreanna fuaime athghuthaithe.

Faightear léargas ar an gcúlra staire agus ar an dá mhí de chomhráite a thosaigh ar an 11 Deireadh Fómhair. Feictear saol oibre agus pearsanta na dtoscairí agus a bhfoirne tacaíochta thall agus tá cur síos ar na háiteacha inar chónaigh siad i Londain -Hans Place agus Cadogan Gardens.

Chomh maith leis an toscaireacht oifigiúil a bhí ag na cainteanna i Londain bhí buíon mhór daoine eile thall. Bhí an dream ag baile i mBaile Átha Cliath lárnach freisin sa scéal.

Tá cur síos ann ar an meitheal rúnaíochta nach gcloistear fúthu go minic – na mná a choinnigh cáipéisí clóbhuailte agus in ord agus in eagar.

I measc na gcáipéisí ar díol suntais iad tá bunchóipeanna Gaeilge agus Béarla de na dintiúirí a bhí ag lucht na toscaireachta, cáipéis atá sínithe ag Éamon de Valera. Ní raibh de Valera i Londain ar ndóigh, rud a bhí cinniúnach sa deireadh, ach tá samplaí anseo de na tuairiscí a sheol Art Ó Gríobhtha chuige go rialta.  Cúis suntais na rudaí beaga sa taispeántas, amhail admhálacha óstáin is fearais go leor, ticéid ag ócáidí (coirm cheoil sa Royal Albert Hall) agus billí do na carranna a tógadh ar cíos – Rolls Royce ina measc – a thug na toscairí ó Hans Place go Sráid Downing. Bhí eitleán ceannaithe freisin is é réitithe le n-imeacht faoi dheifir. Ar fhaitíos na bhfaitíos.

Gan amhras an Conradh féin croílár an taispeántais.

Sin ansin í, taibhse na staire leis féin, é faoi sholas sa dorchadas i gcás gloine i seomra beag, oscailte ar an leathanach a shínigh na toscairí. Is beag nach dtabharfá breith an leabhair go bhfuil an dúch fós fliuch ar an liosta síniúchán…

Art O Griobhtha (Arthur Griffith), Mícheál Ó Coileáin, Riobard Bartún, Eamonn S. O’Dugáin, Seorsa Gabháin Uí Dhubhthaigh.

Agus thall ar an taobh eile …

D Lloyd George, Austen Chamberlain, Birkenhead, Winston S. Churchill.

Fág freagra ar 'Cuairt ar Caisleán Bhaile Átha Cliath agus an cháipéis is tábhachtaí i stair na hÉireann'