Cuairt an Phápa Francis ar Éirinn in 2018 deimhnithe

Bhí cruinniú leathuair an chloig ag an Taoiseach leis an bPápa Francis sa Vatacáin ar maidin

Cuairt an Phápa Francis ar Éirinn in 2018 deimhnithe

Tá sé deimhnithe ag an Taoiseach go dtabharfaidh an Pápa Proinsias cuairt ar Éirinn i mí Lúnasa na bliana 2018.

Beidh an Pápa proinsias ar an gcéad Phápa a thug cuairt ar Éirinn ó tháinig an Pápa Eoin Pól II ar cuairt i 1979.

Bhí cruinniú leathuair an chloig ag an Taoiseach leis an bPápa Proinsias sa Vatacáin ar maidin agus tugadh cuireadh oifigiúil dó teacht ar cuairt go dtí an tír seo le linn Chruinniú Domhanda na dTeaghlach. Bhí cuireadh tugtha cheana ag Comhdháil Easpag Caitliceach na hÉireann don Phápa freastal ar Chruinniú Domhanda na dTeaghlach a bheidh ar siúl in Éirinn i mí Lúnasa 2018.

Tuairiscíodh go raibh sé i gceist ag Kenny cás seisear sagart as Éirinn atá curtha ina dtost ag an Vatacáin a phlé leis an bPápa ag an gcruinniú a reáchtáladh i Leabharlann an Phápa sa Phálás Aspalda.

Bhronn an Taoiseach prionta d’fhuinneog dhaite an ealaíontóra Henry Clarke ina léirítear saolú Chríost  ar an bPápa agus bronnadh eitseáil de Bhaisleac Pheadair ar an Taoiseach.

Fág freagra ar 'Cuairt an Phápa Francis ar Éirinn in 2018 deimhnithe'

  • Fearn

    An Pápa Fraincis, an ea? An nós Gaeltachta a tá anseo ainmneacha Béarla a usáid ós acusan atá an éirí in airde?

    Cad mar gheall ar nós Gaeltachta eile: Jorge Mhario Ghiuseppe a bhaisteadh air?