Ardú 1000% ar an táille chláraithe do mhúinteoirí le fadhbanna a chruthú do ghaelscoileanna

An Breatimeacht is cúis le leasuithe ar tháillí cláraithe do mhúinteoirí ó thuaidh a fuair a gcuid oiliúna lasmuigh den Ríocht Aontaithe

Ardú 1000% ar an táille chláraithe do mhúinteoirí le fadhbanna a chruthú do ghaelscoileanna

D’fhéadfadh fadhbanna a bheith ag Gaelscoileanna an Tuaiscirt múinteoirí a earcú ón mhí seo chugainn amach, de réir fianaise a tugadh ag cruinniú de Choiste Oideachais an Tionóil in Stormont le déanaí. Bainfidh na fadhbanna le hathruithe reachtaíochta atá mar chuid den Bhreatimeacht.

Beidh ardú 1000% ar an táille bhliantúil atá le híoc ag múinteoirí a cháiligh taobh amuigh den Ríocht Aontaithe chun clárú le Comhairle Múinteoireachta Thuaisceart Éireann. Tá sé riachtanach clárú le go mbeadh cead teagaisc ag duine.

Faoi láthair, is £44 (€51.74) an táille ach ón mhí seo chugainn, is £440 (€517.40) a bheidh i gceist. Gearrfar an táille seo ar mhúinteoirí a cháiligh ó dheas den teorainn, mar go n-áireofar iad a bheith i ndlínse eile sa ‘chuid eile den domhan’. An múinteoir féin a dhíolann an táille.

Thug Brendan Morgan, Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta, fianaise go mbeadh earnáil na Gaelscolaíochta thíos leis seo. Is beag múinteoir a thagann isteach ón Aontas Eorpach i gcoitinne. “Bíonn líon áirithe ann a thagann ón bPoblacht,” arsa Morgan.

“Is chuig Gaelscoileanna is mó a thagann siad, de bharr an chumais Gaeilge atá acu. Caithfear leofa-san mar iarratasóirí ón gcuid eile den domhain. Tá chuile sheans ann go gcoinneoidh seo múinteoirí amach, gur mhaith leo teacht aníos, mar shampla chuig earnáil na Gaelscolaíochta.”

Beidh ar oidí dul trí phróiseas fadálach chun clárú leis an Chomhairle Múinteoireachta. “Ar a laghad, cinnte, beidh costas ard ann do mhúinteoirí as Poblacht na hÉireann,” arsa Morgan.

Léirigh Leas-Chathaoirleacht an Choiste, Pat Sheehan, Sinn Féin, imní faoi na himpleachtaí a bheidh aige seo d’earnáil na Gaelscolaíochta. “Go háirithe mar is dóigh liom go ndéanann siad líon suntasach múinteoirí a earcú ó cheantair Ghaeltachta, múinteoirí gur cainteoirí dúchais iad,” arsa Sheehan.  Cheistigh sé Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta faoi na himpleachtaí a bheidh ag an athrú seo don Ghaelscolaíocht.

“Ní thig liom a rá go cinnte,” arsa Morgan. “Ach measaim go gcothóidh sé fadhbanna d’earnáil na Gaelscolaíochta agus í ag iarraidh teacht ar mhúinteoirí. Tuigim go bhfuil earnáil na Gaelscolaíochta agus an earnáil imeasctha ar na hearnálacha is gaiste atá ag fás. Ní dóigh liom gur impleachtaí dearfacha a bheidh iontu.”

Chuir an freagra sin le himní Sheehan. “Bíodh is go bhfuil ganntanas múinteoirí in earnáil na Gaelscolaíochta faoi láthair, beidh cúrsaí níos measa de bharr na seifte seo,” a dúirt sé.

Beidh an t-ardú seo ar an táille á chur i bhfeidhm mar nach mbeidh teacht ag an Chomhairle Múinteoireachta ar bunachar sonraí slánchumhdaithe an Aontais Eorpaigh. Baineann an bunachar sin leis an Aontas Eorpach, an phoblacht san áireamh. Nuair a tháinig an Breatimeacht i bhfeidhm tugadh síneadh ama do Chomhairlí Múinteoireachta na Ríochta Aontaithe chun teacht ar réiteach.

Tá deireadh le teacht leis an tréimhse sin go luath. Sin is cúis leis an ardú a bheidh ar an táille. Beidh ar na Comhairlí Múinteoireachta sa Ríocht Aontaithe, an Tuaisceart san áireamh, dul trí phróiseas slánchumhdaithe a bheidh níos casta agus níos costasaí. Is iad na múinteoirí taobh amuigh den Ríocht Aontaithe a dhíolfaidh as.

Dúirt urlabhraí thar cheann Chomhairle na Gaelscolaíochta nárbh eol dóibh an líon ná an céatadán múinteoirí i nGaelscoileanna an Tuaiscirt a cháiligh ó dheas den teorainn.

Fág freagra ar 'Ardú 1000% ar an táille chláraithe do mhúinteoirí le fadhbanna a chruthú do ghaelscoileanna'