D’aontaigh Drew Harris, Coimisinéir an Gharda Síochána, inniu go gcaithfí dlús a chur le feidhm a thabhairt do mholtaí ar mhaithe lena chinntiú go mbeidh Gaeilge líofa ag baill uilig an fhórsa a chuirtear ar dualgas sa Ghaeltacht.
Bhí cruinniú ag Harris sa Ghaillimh inniu leis an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ag ar pléadh an dualgas atá ar Choimisinéir na nGardaí ó thaobh soláthar Gardaí le Gaeilge don Ghaeltacht.
Scríobh an Coimisinéir Teanga chuig Harris nuair a ceapadh é chun comhghairdeachas a dhéanamh leis agus chun a dhualgais i leith na Gaeilge faoi Acht na dTeangacha, scéim teanga na nGardaí agus Acht an Gharda Síochána a mheabhrú dó.
Is mar thoradh ar an gcomhfhreagras sin a bhí an cruinniú ag an mbeirt Choimisinéirí tráthnóna.
Dúirt an Coimisinéir Teanga gur léirigh Harris ag an gcruinniú gur thuig sé an dualgas atá ann dóthain Gardaí a bhfuil Gaeilge acu a earcú le freastal ar an nGaeltacht.
De réir socrú a rinne an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin leis an nGarda Síochána in 2011, caithfidh 10% de Ghardaí nua a bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge.
Cuireadh an socrú sin i bhfeidhm nuair a tháinig sé chun solais nach raibh Gaeilge ag ochtar den naonúr Gardaí a bhí lonnaithe i nGaeltacht Ghaoth Dobhair.
Sárú a bhí sa mhéid sin ar Acht an Gharda Síochána 2005. Éilítear san Acht sin go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag Gardaí a mbeadh plé acu le daoine sa Ghaeltacht.
Tá cur i bhfeidhm an tsocraithe á phlé ó shin ag Oifig an Choimisinéara Teanga leis an nGarda Síochána ar mhaithe lena chinntiú go bhfuil sé á chur i bhfeidhm mar is cóir.
Bhí Coimisnéirí na nGardaí i nGaillimh do chruinniú de chuid Chomhchoiste Póilíneachta Chathair na Gaillimhe.
Dúirt sé ag cruinniú an choiste sin nach raibh “obair dá laghad” déanta ó thaobh ullmhúcháin slándála do theorainn chrua.
Ní raibh a leithéid ar chlár oibre an Gharda Síochána faoi láthair, a dúirt sé.
Fág freagra ar 'Cruinniú ag Coimisinéir na nGardaí leis an gCoimisinéir Teanga faoi dhualgas Gaeltachta'