Crosóg mhara 435 milliún bliain d’aois as Conamara curtha ar taispeáint

‘Iontaise den scoth’ atá i gcrosóg mhara ar thángthas uirthi i gConamara toisc gur fianaise an-tábhachtach í ar an mbeatha a bhí sa bhfarraige na milliúin bliain ó shin

Crosóg mhara 435 milliún bliain d’aois as Conamara curtha ar taispeáint

Tá crosóg mhara atá 435 milliún bliain d’aois, ar thángthas uirthi i gConamara, le feiceáil anois i  Músaem Stair an Dúlra i mBaile Átha Cliath.

Tháinig an geolaí, an Dr Éamon Doyle, ar iontaise de chrosóg mhara atá 435 milliún bliain d’aois i nGleann an Mháma i gConamara agus ‘Crepidosoma Doyleii’ an t-ainm atá tugtha uirthi ina ómós.

I ndeireadh na n-ochtóidí sa gcéad seo caite a tháinig an Dr Doyle ar an gcrosóg mhara ársa seo agus é i mbun taighde dá PhD i nGaillimh ach ní raibh anailís déanta uirthiag na saineolaithe idirnáisiúnta go dtí anois. Ní haon údar iontais an mhoill sin, a deirtear, mar is minic go dtógann sé na scórtha blianta sula ndéantar an anailís ghairmiúil is gá ar iontaisí.

Ag cuardach iontaisí a bhí an Dr Doyle leath bealaigh idir an Teach Dóite agus an Líonán nuair a d’aimsigh sé brat tanaí iontaisí ar thaobh cnoic. Ar ndóigh tá sé 400 milliún bliain ó d’imigh an fharraige, inar mhair an chrosóg mhara seo, as amharc de bharr gluaiseachtaí teicteonacha. 

Níl an chrosóg mhara seo ach chomh mór le hionga d’ordóige ach is léir go bhfuil an-teacht aniar inti. Bhí sí sa domhan seo na céadta milliún bliain roimh na dineasáir agus tá sí fós beo beathach sa bhfarraige ar chósta thiar na hÉireann sa lá atá inniu ann. Sna blianta fada sin is ar éigean a tháinig aon athrú uirthi, rud a léiríonn an cumas a bhí inti í féin a chur in oiriúint dá timpeallacht.

Deir na saineolaithe gur speiceas nua den chrosóg mhara ophiuroidea, nó an chrosóg bhriosc mar is fearr aithne uirthi, atá inti agus go bhfuil sí thart le 500 milliún bliain. Tá breis is 2,000 speiceas den chrosóg mhara ainmnithe.

‘Iontaise den scoth’ í dar le lucht taighde mar gur fianaise an-tábhachtach í agus iad ag iarraidh tuiscint níos fearr a fháil ar an mbeatha a bhí sa bhfarraige a chlúdaigh an tír seo na milliúin bliain ó shin.

Beidh iontaise seo Ghleann an Mháma á cur ar taispeáint i Músaem Stair an Dúlra i gCearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath.

Tá eolas faoin iontaise seo le fáil san eagrán is déanaí den iris Irish Journal of Earth Sciences, a fhoilsíonn Acadamh Ríoga na hÉireann.

Fág freagra ar 'Crosóg mhara 435 milliún bliain d’aois as Conamara curtha ar taispeáint'