Críostóir Ó Floinn, údar ildánach breis is 60 saothar, ar shlí na fírinne

Bhí Uachtarán an hÉireann Micheál D Ó hUigínn i measc na ndaoine a léirigh ómós don scríbhneoir as Luimneach, a bhí 95 bliain d’aois

Críostóir Ó Floinn, údar ildánach breis is 60 saothar, ar shlí na fírinne

Pictiúr: Portraidi.ie

Tar éis bháis tá an t-údar Críostóir Ó Floinn, duine de na scríbhneoirí is bisiúla agus is ildánaí a bhí sa tír seo sa bhfichiú haois.

Bhí Uachtarán an hÉireann Micheál D Ó hUigínn i measc na ndaoine a léirigh ómós don scríbhneoir as Luimneach, a bhí 95 bliain d’aois.

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil faoi bhás an scríbhneora aitheanta dhátheangaigh Críostóir Ó Floinn, agus é 95 bliain d’aois. Is liosta le háireamh an liosta fada saothar óna pheann, ar a laghad trí scór ar fad, i mórán gach seánra liteartha dá bhfuil ann, idir dhrámaí, fhilíocht, fhicsean, aistí, bheathaisnéisí agus aistriúcháin,” arsa Uachtarán na hÉireann.

“Pribhléid a bhí ann é a bheith mar chara ag Saidhbhín is agam fhéin. Is mian liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá bhean chéile Rita agus dá gclann Colm, Ruairí, Caoimhe, Ríonach, Éanna, Niamh agus Ciarán.”

D’fhoilsigh Críostóir Ó Floinn os cionn trí scór saothar i nGaeilge agus i mBéarla – úrscéalta, gearrscéalta, aistriúcháin, drámaí, filíocht, drámaí don raidió agus don teilifís chomh maith le colúin nuachtáin.

Mí na Nollag 1927 a rugadh Criostóir i gcathair Luimnigh agus fuair sé a chuid scolaíochta ó Shiúracha na Trócaire, ó oidí tuata agus ó na Bráithre Críostaí.

Ní raibh sé ach deich mbliana d’aois nuair a thosaigh sé ag cumadh drámaí agus dánta i mBéarla agus ina chuid déaga tosaigh sé ag scríobh i nGaeilge chomh maith.

Oileadh ina mhúinteoir bunscoile é i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach sa bpríomhchathair agus bhain céimeanna sa Litríocht agus san Oideachas amach sa gColáiste Ollscoile ansin agus i gColáiste na Tríonóide.

Sa mbliain 1952 phós sé féin agus Rita Beegan agus saolaíodh seachtar clainne dóibh.

D’fhág sé an mhúinteoireacht i 1960 agus chaith sé tamall ag obair le Bord Fáilte. Is as an obair sin a d’eascair dráma dá chuid, Is É Dúirt Polonius.

Chaith sé tamall ag plé leis an gcraoltóireacht agus bhíodh colún aige i nuachtán an Irish Press ar feadh ocht mbliana.

Is iomaí sin iris in Éirinn, sa mBreatain agus sna Stáit Aontaithe a d’fhoilsigh dánta agus gearrscéalta le Críostóir. Rinne sé an-chuid aistriúchán chomh maith, as teangacha eile chomh maith leis an nGaeilge. D’aistrigh sé na chéad trí canto den Divina Commedia a scríobh Dante.

Leagadh tua na cinsireachta go minic ar a shaothar ach ní luaitear eisean nuair a bhíonn íobartaigh na cinsireachta á lua mar nár coinníodh ar an taifead ach an chinsireacht oifigiúil a rinneadh ar ábhar a bhain le cúrsaí gnéis.

Léiríodh cuid dá chuid drámaí in Amharclann na Mainistreach agus ba eisean an chéad drámadóir ar bronnadh sparánacht na hamharclainne sin air. Mar sin féin, diúltaíodh do dhá dhráma dá chuid ar bhonn na moráltachta agus dá bharr sin briseadh faoi dhó as poist mhúinteoireacht é, i 1962 agus arís i 1968. Dhiúltaigh Amharclann na Mainistreach dá dhráma Cóta Bán Chríost/The Order of Melchizedek, á chur ina leith go raibh an dráma diamhaslach i nGaeilge agus i mBéarla, cé gur bhuaigh an dráma céanna dhá ghradam – gradam an Oireachtais agus agus Duais an Chraoibhín.

Foilsíodh dháréag leabhar filíochta leis agus ar an saothar sin bhí croinic fhileata a scríobh sé ag comóradh 100 bliain de Chumann Lúthchleas Gael ina raibh 5,000 líne. ‘Centenary’ a thug sé ar an dán sin agus cuid de i nGaeilge agus é i meadaracht Chúirt an Mheán Oíche a scríobh Brian Merriman. Tharraing an chinsireacht ar a chuid oibre go leor cainte agus rinneadh díospóireacht i nDáil Éireann faoina leabhar filíochta Ó Fhás go hAois, tráth a ndearnadh cinsireacht air.

Léiríodh drámaí Béarla leis in amharclann na Mainistreach agus in Amharclann an Gheata i mBaile Átha Cliath agus sa Lyric i mBéal Feirste. Cuireadh ar stáitse drámaí Gaeilge leis i dTaibhdhearc na Gaillimhe, sa Damer agus sa Phéacóg. Bhí sé ina bhall tofa d’Aosdána.

In 2021 d’fhoilsigh LeabhairComhar bailiúchán dá chuid filíochta Gaeilge faoin teideal Éigse Saoil. Consplawkus, A Writer’s Life a thug sé ar a chuimhní cinn.

Rinne TG4 scannán faoina shaothar faoin teideal Leanann Trioblóid Leabhar.

Ar chuid eile dá shaothar tá na húrscéalta, Lá Dá bhFaca Thú (1955), An tIolar Dubh agus Long na Marbh (1958), Séanaid Bás le hAdhart (1965), Learairí Lios an Phúca (1968). Ar na drámaí tá Mise Raifteirí an File (1974) agus Homo Sapiens (1985). Dhá chnuasach filíochta leis is ea Van Gogh Chocolates, Aisling Dhá Abhainn (1977), agus Ó Fhás go hAois. Chomh maith leis an saothar sin go léir d’fhoilsigh sé gearrscéalta agus dhá leabhar eile dírbheathaisnéise, chomh maith le beathaisnéis Nano Nagle.

Fág freagra ar 'Críostóir Ó Floinn, údar ildánach breis is 60 saothar, ar shlí na fírinne'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Táimse an-bhrónach an drochnuacht seo a chloisteáil 7 mo chara chléibh ar shlí na fírinne… ní raibh a shláinte ró-mhaith le gairid 7 aireoidh mé féin 7 mo bheanchéile uainn é go mór. Bhí de phribhléid againn bualadh leis 7 le Ríta ina dteach féin i nDún Laoghaire 7 ba chóir uasail iad beirt. Cairdeas an-fhada a bhí agam le Críostóir 7 is iomaí leabhar 7 eile a sheol sé chugam. Rinneas amhrán dó 7 tá súil agam go mba chuí é mar chlach ar a chárn. Slán go deo a chara, 7 ár mbeannachtaí uilig do Rita 7 an teaghlach ar fad :-(

  • Seán Mag Leannáin

    Eisean a scríobh an dán cáiliúil Maraíodh Seán Sabhat aréir. Cé gur údar an-bhisiúil a bhí ann níl mórán faoi sna mórshaothair critice ar litríocht na Gaeilge sa bhfichiú haois. Ach is cinnte go ndearna sé a chion ar son na teanga ar feadh a shaoil. Solas na bhFlaitheas dó agus comhbhrón lena bhean chéile Rita agus a gclann.

  • Ré Ó Laighléis

    Tréaslaím feabhas an ailt seo le Tuairisc.ie. Tá mo chomhbhrón le Rita agus Clann Uí Fhloinn curtha in iúl agam ar mheán eile cheana féin, ach cuirim leis sin anseo. Fathach fir, fathach scríbhneora, fathach daonnaí ar chás leis an dúchas, an daonnacht agus an duine a bhí beag. Ná ligimis i ndearmad riamh an fhulaingt a tharraing sé air féin de thoradh ar na seasaimh phrionsabálta a rinne sé. Ba chás leis streachailt an scríbhneora óig i gcónaí, bídís sin ina scríbhneoirí Gaeilge nó Béarla, agus bhí sé ar dhuine den bheagán i measc lucht an phinn a raibh de chrógacht aige labhairt amach in aghaidh na caimiléireachta agus na héagóra. Gael, agus idirnáisiúnaí le háireamh ar an gciall is leithne den téarma sin. Tá an tír seo faoi chomaoin agat, a Chríostóir, as a bhfuil de shaibhreas tugtha agat dúinn. Ba phribhléid thar na pribhléidí dom é tú a bheith mar chara agam. Codladh sámh, a Chríostóir. Luimneach Abú!