Creches, Behind Closed Doors – clár tábhachtach ar dheacair féachaint air

D’fhág ‘RTÉ Investigates: Creches, Behind Closed Doors’  sinn leis an tuairim gur ar imeall na haimléise a bheidh seirbhísí cúram leanaí fad is atá an brabús i lár an aonaigh

Creches, Behind Closed Doors – clár tábhachtach ar dheacair féachaint air

Bhí cad é uafás agus drochmhianach ar an bpobal nuair a craoladh Prime Time Investigates: A Breach of Trust i mí Bealtaine 2013. Nochtadh sa chlár úd nach raibh an caighdeán cuí ag baint leis an gcúram a bhí á dhéanamh do pháistí i roinnt naíolann i mBaile Átha Cliath agus i gCill Mhantáin.

Deineadh an chairt a raideadh.

Tugadh reachtaíocht isteach, ceapadh rialacháin agus cuireadh TUSLA ar bun.

Aréir, thug RTÉ Investigates: Creches, Behind Closed Doors le fios go mb’fhéidir gur gothaí móra ach buillí beaga a bhí sa bhfuadar ar fad. Tugadh éachtaint ar ghníomhartha naíolanna de chuid Hyde and Seek, a bhí chomh holc, agus in áiteanna níos measa, ná aon ní a chonaiceamar in 2013.

Fiú nuair atá rudaí ag dul go maith is ábhar goilliúnach go maith é an cúram leanaí, agus a thuairim féin ag gach duine faoi. Bhí an ghoimh le haireachtaint agus an fáscadh lámh le feiceáil i bhfad sular craoladh an clár seo. D’fhógair na meáin Dé Céadaoin go raibh Anne Davy, duine d’úinéirí naíolanna Hyde and Seek agus bainisteoir ar ionad amháin acu, tar éis seasamh siar óna cuid dualgas.

Leis an tarcaisne a chur i gceann na héagóra meabhraíodh dúinn gur ciontaíodh Davy in 2005 as buachaill trí bliana d’aois a fhágaint leis féin i gclós súgartha. Bhí sí os comhair cúirte arís in 2007 mar gheall ar shárú rialachán a bhain le cóimheas idir leanaí agus cúramóirí agus rialacháin eile a bhain le cuntais a chóiméad.

“This is a business, it’s not [a] babysitting…It’s not one to one,” a fhógraíonn Davy go tiarnúil, neamhleithscéalach ag pointe amháin sa chlár agus taifeadadh á dhéanamh uirthi le ceamara ceilte.

Go deimhin, tháinig téama an ghnó agus an bhrabúis go barr uisce go minic. Tugadh le fios dúinn gur ghnóthaigh naíolanna Davy brabús de bhreis agus €750,000 in 2018.

Fágtar sinn leis an tuairim gur ar imeall na haimléise a bheidh seirbhísí tábhachtacha mar seo i gcónaí fad is atá an brabús i lár an aonaigh.

Is ceithre naíolann ar fad atá sa chomhlacht atá ag Davy, a fear céile agus a n-iníon. D’osclaíodar ceann i nGlas Naíon i mí Eanáir 2018 ach níor cláraíodh i gceart í ar feadh ceithre mhí dhéag. Fad is bhí comhfhreagras siar is aniar idir TUSLA agus lucht na naíolainne bhíothas ag glacadh le leanaí óga gach maidin. Téann sé díom a thuiscint cén tslí go bhféadfadh seo tarlú. Sampla eile d’áisíneacht stáit ag seoladh litreacha agus ag ticeáil boscaí? An measa bagairt TUSLA ná a buille?

Léirigh na hoibrithe a bhí ag bailiú eolais faoi cheilt don chlár cleachtais mhínáireacha sna naíolanna. Uiscealú á dhéanamh ar bhainne, bia gan dealramh á thabhairt do na páistí, faillí i leith ghrinnfhiosrúchán na nGardaí agus an cóimheas idir leanaí agus oibrithe á shárú de shíor. D’éirigh rudaí an-chorraitheach ar fad i dtreo dheireadh an chláir agus na leanaí á láimhseáil go garbh. I gcaitheamh an chláir léadh amach sraith ráiteas ó Hyde and Seek a dhein iarracht neafaiseach dea-dhealramh a chur ar dhrochghnó.

Clár tábhachtach, suaiteach ar cheart toradh a bheith air. Clár gur dheacair, go háirithe d’aon tuismitheoir a bhfuil leanbh acu i naíolann, féachaint air.

Fág freagra ar 'Creches, Behind Closed Doors – clár tábhachtach ar dheacair féachaint air'