Créatúirí bochta an Curia á gcur le gealaigh ag ‘Críostaíocht’ an Phápa

Tá Cúirt an Phápa, ag imeacht le báiní ar fad de bharr an beart is déanaí atá á chur i gcrích ag an bPápa Proinsias, sé sin a ‘Chríostaiocht’ a chur i ngnímh…

Créatúirí bochta an Curia á gcur le gealaigh ag ‘Críostaíocht’ an Phápa

Sé sin ‘Críostaí’ sa chiall is leithne, a bheith trócaireach tuisceanach nuair a bhuaileann tú le truáin is ainniseoirí bochta an tsaoil.

Agus an méid sin ráite, táim dearfa de nach ag Críostaithe ‘cearta’ amháin atá na buanna seo.

Is beag é m’eolas ar theagasc an Fháidh Mahamad ná a lucht leanúna ach oiread le teagasc Hiondúch ná Búdach ach chuirfinn airgead síos go maíonn na daoine breátha sin ar fad gurb amhlaidh tréithe iontu féin.

Agus cé a bhréagnódh iad?

Pé scéal é, tá eite choimeádach Easpaig Chaitliceacha na Róimhe, an Curia, sí sin Cúirt an Phápa, ag imeacht le báiní ar fad de bharr an beart is déanaí atá á chur i gcrích ag an bPápa Proinsias, sé sin a ‘Chríostaiocht’ a chur i ngnímh.

Tá sé ag léiriú meas agus a’ tabhairt aird ar riachtanais saoil agus nithe a chuireann as do dhaoine atá trasinscneach agus cuid acu ina n-oibrithe gnéis i gcathair na Róimhe.

Seirbhís ‘teagmhála’ curtha ar bun aige ó aimsir na paindéime i leith inar tugadh cuireadh do suas le céad bean trasinscneach teacht go dtí imeachtaí san Vatacáin, ócáidí ag a mbíonn an Pápa é féin i láthair.

Cuirtear bia is deoch ar fáil dóibh agus tugtar lámh chúnta dóibh i gcás fadhbanna sláinte a bheith ag cur as dóibh.

Gníomh is beart chomh trócaireach san atá ag cur Déithe beaga an Curia le craobhacha. Easpaig choimeádacha ón bPolainn, ón Ungáir, an Nigéir agus ón Astráil. Mór an obair nach bhfuil aon Éireannach ina measc.

Agus an méid sin ráite, cé go ndearbhaíonn an Pápa Proinsias nach coir é a bheith homaighnéasach, fós ní cheartaíonn sé ná ní tharraingíonn sé siar an ráiteas a thug an Pápa Eoin Pól a Dó, gur ‘neamhord ó nádúr’ é an homaighnéasachas.

Ach maíonn sé go ndeineann sé idirdhealú idir an duine daonna agus a iompar.

Léiríonn meas ar an nduine, ní ar a iompar.

Ní mór ná go mbeadh trua agat do na créatúirí bochta coimeádacha san Curia, atá á gcur le gealaigh ag ‘Críostaíocht’ an Phápa ón gcéad lá a ceapadh é.

Go luath ina réimeas nár dhearbhaigh sé ná raibh aon chead ná údarás aigesean mar Phápa breithiúnas a thabhairt ar éinne.

Bhain an ráiteas san dá mbunaibh ar fad dream daoine a chaith a saol a’ tabhairt breithiúnas éadrócaireach ar a dtréad, idir óg is sean. Go deimhin ní raibh a sárú ar fáil chuige sin.

Ní fada ó shin leis ó dhearbhaigh an Pápa Proinsias go raibh fáilte san Eaglais roimh lánúin phósta comhghnéis.

Molann an Pápa don chléir is dá thréad fáilte a chur roimh gach aon chineál nó aon sórt daoine, fiú iad siúd ná géilleann do theagasc ‘oifigiúil’ na hEaglaise Caitlicí.

Doras a choimeád ar oscailt an mana atá aige.

Nach maith mar oidhreacht a bheadh inti agus nach ‘Críostaí’.

Fág freagra ar 'Créatúirí bochta an Curia á gcur le gealaigh ag ‘Críostaíocht’ an Phápa'

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Seosaimhín Ní Bheaglaoich, ‘Créatúirí bochta an Curia á gcur le gealaigh ag ‘Críostaíocht’ an Phápa, tuairisc.ie, Dé Domhnaigh, Bealtaine 26, 2024.

    Admhaíonn Seosaimhín Ní Bheaglaoich gur beag é a heolas–sa ‘ar theagasc an Fháidh Mahamad ná a lucht leanúna ach oiread le teagasc Hiondúch ná Búdach ach chuirfinn airgead síos go maíonn na daoine breátha sin ar fad gurb amhlaidh tréithe iontu féin.’ Conas atá a fhios ag Seosaimhín gur duine breá é Mahamad? Dar leis an taighde is déanaí, ag an eagraíocht, Center for Islamic Research and Awareness [CIRA] International, abair, faoi stiúir an Ollaimh Al Fadi, iar–Mhoslamach Salafaíoch ón Araib Shádach, ní pearsa staire ba ea Mahamad, agus is manglam den Ghiúdachas Heitreadocsach agus d’eiriceachtaí iar–Chríostaí ba ea an Moslamachas ó thús. Is Críostaí Soiscéalach anois é an Dr Al Fadi. Maidir le ‘teagasc Hiondúch ná Búdach’ de, cad atá i gceist ag Seosaimhín? Déanann na Hiondúigh féin amach go bhfuil na milliúin dia agus bandia ann. Cé na Hiondúigh a bhfuil sise ag tagairt dóibh? Chomh fada leis na Búdaigh de, tá Búdaigh ann a chuireann spéis i saol a gcomharsan, agus tá Búdaigh eile ann gur cuma leo sa diabhal dóite i dtaobh shaol a gcomharsan. Bhí na Búdaigh le ceangal i Márta 1997, nuair a chuir Joseph Cairdinéal Ratzinger i leith na fealsúnachta sin gur ‘spioradáltacht do lucht féinspéise is ea an spioradáltacht seo acusan, spioradáltacht a thairgeann an tarchéimnitheacht do dhaoine, ach nach gcuireann rud ar bith mar oibleagáid fhuaimintiúil orthu.’

    Ag magadh faoin léitheoir atá Seosaimhín nuair a áitíonn sí gurb iad an Curia an eite choimeádach ar Easpaig Chaitliceacha na Róimhe. Ba é Francisco Bergoglio a cheap formhór mór na gCairdinéal atá ina mbaill den Churia, agus ní mar gheall ar iad a bheith ‘coimeádach’ a cheap Bergoglio iad, ach iad a bheith ina gclóin ar Bhergoglio féin. Is fíor go bhfuil cuid acu a mheasann go bhfuil Bergoglio ag dul thar fóir i dtaobh a ordú nach féidir beannacht a dhiúltú do bheirteanna homaighnéasacha, ach ní déarfaidh na Cairdinéil sin focal i gcoinne Bhergoglio go poiblí, mar gur mó acu ‘a ndul chun cinn’ féin san Eaglais, ná teagasc na hEaglaise mar a bhí sé riamh. Is mionlach beag bídeach de lucht na trasinscne a bheadh ina striapacha sa Róimh. Formhór mór lucht na homaighnéasachta, agus na trasinscne, tá na leaga liatha acu, agus níl aon ghá acu le bia ná deoch ón bPápa, ná lámh chúnta i gcás fadhbanna sláinte ach a oiread.

    Na Cairdinéil, na hEaspaig, agus na hEaspaig Chúnta a chuireann i gcoinne tacú le cúis an homaighnéasachais nó le cúis an trasinscneachais, tá siad caite as na poist eaglasta a bhí acu ag Bergoglio, agus Bergoglio ag tacú le fear mór homaighnéasachais lena linn sin, an tAth. James Martin, Íosánach. I Samhain na bliana 2023, d’ordaigh Bergoglio an tuarastal a bhaint de Raymond Leo Cairdinéal Burke, agus é a dhíbirt as an árasán fóirdheontais a bhí sa Róimh aige. Seanduine is ea an Cairdinéal Burke anois, agus níl an tsláinte go maith aige. An mhí chéanna sin, Samhain na bliana 2023, dhíbir Bergoglio an tEaspag Joseph Strickland as easpagóideacht Tyler, i Stát Texas, mar nach raibh an Dr Strickland ar aon tuairim le Bergoglio. Tá Cairdinéil, Easpaig, Easpaig Chúnta, agus gnáthshagairt, nach bhfuil ag aontú leis an athrú atá Bergoglio d’iarraidh a chur ar theagasc traidisiúnta na hEaglaise ar ábhair dhifriúla, ach tá siad siúd scanraithe ina mbeatha gurb iad féin na chéad eaglaisigh eile a dtabharfaidh Bergoglio an bhróg dóibh, má osclaíonn siad a mbéil. Tá gliceas in eaglaisigh na hÉireann nach bhfuil in eaglaisigh na Polainne, na hUngáire, ná na Nigéire. Cairdinéal ón Astráil ba ea George Cairdinéal Pell, ach cailleadh é sin, Eanáir 10, 2023, beannacht Dé lena anam. Rinneadh an–éagóir ar an gCairdinéal Pell, i mblianta deiridh a shaoil go háirithe –– rinneadh fianaise bhréige ina choinne san Astráil, agus cuireadh i bpríosún go neamhcheart é de dheasca na fianaise sin. Eaglaiseach eile ba ea an Cairdinéal Pell nach raibh ag aontú le Bergoglio.

    Nuair a rugadh ar bhean sa Soiscéal ‘i gcoir féin an adhaltranais’, seo cuid den méid a dúirt Íosa léi: “Nár dhaor aon duine thú?” “Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail,” ar sí. Dúirt Íosa léi: “Ná ní dhaoraimse thú ach oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach.” [Eoin, 8: 10–11, An Bíobla Naofa (An Sagart, Maigh Nuad 2000) lch 1084].

    Sin é meon Chríost den pheacach. Ní hamháin go mbíonn Críost trócaireach linne, peacaigh, ach go dtugann sé ordú dúinn gan peaca a dhéanamh arís.

    Bíonn Bergoglio ag ligean air féin a bheith ina fhear mór comhphlé. Ní bhíonn sé mar sin ach leis na heaglaisigh a bhíonn ag géilleadh dó, áfach. Ach ní rás go deo é, agus gheobhaidh Bergoglio bás uair éigin, mar a gheobhaimid go léir, agus beidh gá againn go léir le grásta na haithrí roimh bhás, nó damnófar sinn.

    Sampla den eiriceacht ba ea a cheadú go riarfaí Sacraimint na hAithrí ar bheirteanna colscartha a dhéanfadh pósadh sibhialta, agus go dtabharfaí an Chomaoineach dóibh [Caibidil 8 den Aitheasc, Amoris Laetitiae (Márta 19/Aibreán 8, 2016]. Sampla den aspastáise ba ea an Pachamama a chur ar taispeáint le linn an tSionaid sa Róimh, i dtaobh abhantrach na hAmasóine, Deireadh Fómhair 6–27, 2019. Ní dhearna Bergoglio aithreachas poiblí i gceachtar de na peacaí sin, go dtí seo. De réir an Phápa Pól IV, 1559, má dhéanann Pápa peacaí den saghas sin, cailleann sé an Phápacht, agus ní chaithfidh duine ar bith déanamh dá réir as sin amach. Is í an fhadhb atá ar an Eaglais, le tamall, nach bhfuil córas ar bith anois ann, de réir dealraimh, chun Pápa eiriciúil ná apastáiseach a chur as oifig. Nuair a bhí an tImpire Naofa Rómhánach ann, bhí cead ag an Impire a leithéid a thionscnamh, ach ní raibh Impire Naofa Rómhánach ann ó thosach an 19ú céad.

  • Pádraig O'hEipicín

    Cén fáth nach bhfuil glaoch cun Aithrí ón Pápa.