Craobh náisiúnta eile ag fear Chamais, an beart déanta ag Katie agus foirne Gaeltachta in aicsean ar fud na tíre

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na scéalta móra spóirt a tharla ag an deireadh seachtaine

Craobh náisiúnta eile ag fear Chamais, an beart déanta ag Katie agus foirne Gaeltachta in aicsean ar fud na tíre

Craobh náisiúnta eile buaite ag lúthchleasaí Chamais

Bhí cúis cheiliúrtha arís ag Seán Breathnach agus craobh náisiúnta eile tugtha leis aige sa chaitheamh meáchain ag Craobh Shinsir na hÉireann an deireadh seachtaine seo.

Tá breis agus 20 craobh náisiúnta buaite ag fear Chamais ag an tráth seo ach chuir sé bonn óir eile lena charn inné nuair a thug sé leis comórtas caite an mheáchain sa bhfad agus san airde.

Chaith Breathnach, ball de chumann Galway City Harriers, an meáchan 50 punt 4.60 méadar, 60cm níos airde ná mar a chaith an fear a chríochnaigh sa dara háit, John Dwyer, é. Bhí iarracht an Bhreathnaigh 1.40 méadar níos airde ná ceann Damian Crawford a chríochnaigh sa tríú háit.

 

Pictiúr: INPHO/Matchroom Boxing/Mark Robinson

Katie Taylor aitheanta i measc mhórlaochra na dornálaíochta

Tá Katie Taylor áirithe ar an dara bandornálaí is fearr ar domhan ag an iris dornálaíochta aitheanta Ring Magazine. Rinne Taylor cosaint ar a craobh dhomhanda arís ag an deireadh seachtaine agus fuair sí an ceann is fearr ar Delfine Persoon.

Bhí an t-ádh le Taylor an ceann is fearr a fháil ar Persoon nuair a throid siad in aghaidh a chéile mí an Mheithimh anuraidh agus thug an Beilgeach neart le déanamh do bhean na hÉireann arís oíche Dé Sathairn.

Mheas cuid mhaith de lucht na hanailíse go raibh an troid buaite ag Persoon ach chinn na moltóirí gurbh í Taylor a bhí chun cinn agus ghlac Persoon leis an gcinneadh agus dúirt go raibh an bua tuillte ag bean Chill Mhantáin.

Is í Taylor curadh an domhain sa rannóg éadrom-mheáchain agus deir Ring Magazine gurb í an Meiriceánach Clarissa Shields, a bhfuil craobhacha buaite aici i dtrí rannóg, an t-aon bhean ar domhan atá níos fearr ná Taylor.

Is é seo an chéad uair go bhfuil rangú déanta ag an iris ar na dornálaithe ban is fearr ar domhan.

Droch-dheireadh seachtaine d’fhoirne Chorca Dhuibhne

Drochlá a bhí ag foirne peile Chorca Dhuibhne Dé Sathairn nuair a buaileadh Daingean Uí Chúis agus Ciarraí Thiar sa chéad bhabhta de Chraobh Shinsir Chiarraí.

Is in aghaidh an Teampaill Nua a bhí fir an Daingin agus an club as Ciarraí Theas ag imirt a gcéad chluiche sa chraobh shinsir. Bhuaigh an Teampall Nua Craobh Idirmheánach Chiarraí anuraidh ach ba iad an Daingean rogha na coitiantachta.

D’aimsigh Killian Spillane agus Teddy Doyle cúl an duine don Teampall Nua sa chéad leath, rud a chuir chun tosaigh iad agus nuair a fuair John Crowley Holland cúl eile dóibh luath sa dara leath, bhí bail mhaith orthu.

Rinne an Daingean iarracht teacht aniar a dhéanamh ach rinne fir an Teampaill Nua cosaint dhaingean. Níor lig Tadhg Morley scór ar bith le Paul Geaney sa chluiche, agus thug an Teampall Nua an lá leo le haon chúilín amháin, 3-7 in aghaidh 1-12.

Fuair Bord Naomh Bréanainn an ceann is fearr ar Chiarraí Thiar níos luaithe an tráthnóna céanna. Is é Ivan Parker is mó a rinne an beart do Naomh Bréanainn agus fuair sé naoi bpointe i gcluiche a chríochnaigh ar scór 1-15 in aghaidh 0-14.

Níor bhain Ciarraí Thiar leas as cóir na gaoithe sa chéad leath agus bhí siad chun deiridh ag leath ama, 1-7 in aghaidh 0-9. D’éirigh leo teacht ar ais ar comhscór agus ceathrú huaire fágtha ach fuair Parker na scóranna a chinntigh an bua do Naomh Bréanainn .

Cuma na maitheasa ar Ghaoth Dobhair agus Naomh Conaill

Is iad Naomh Conaill agus Gaoth Dobhair, na foirne céanna a d’imir i gcluiche ceannais na craoibhe sinsir anuraidh, a chríochnaigh ar bharr an tábla i gCraobh Pheile Dhún na nGall.

Bhí bua éasca ag Naomh Conaill ar Ghleann tSúilí, 1-17 in aghaidh 0-8, ag an deireadh seachtaine, toradh a d’fhág ar bharr an tábla iad agus ceithre chluiche as ceithre cinn buaite acu. Imreoidh siad anois in aghaidh Ghleann Fhinne sna babhtaí ceathrú ceannais.

Ceithre chluiche atá buaite ag Gaoth Dobhair chomh maith tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar chumann Sheáin Mhic Chumhaill, 1-15, 0-13, i Machaire Gathlán inné. Casfaidh na foirne céanna ar a chéile arís sa gcluiche ceathrú ceannais faoi cheann coicíse.

Thug Cill Charthaigh taispeántas cumasach uathu chun Gleann Fhinne a chloí, 1-18 in aghaidh 0-6, agus imreoidh siad anois in aghaidh Naomh Micheál sna babhtaí ceathrú ceannais. Is idir Naomh Adhamhnáin agus Bun Dobhráin a bheidh an cluiche ceathrú ceannais eile.

Sna babhtaí dícháilithe, beidh Baile na nGallóglach in aghaidh an Tearmainn agus imreoidh an Clochán Liath i gcoinne Ard an Rátha.

Idir mhaith agus olc d’fhoirne iomána Chonamara

I gCraobh Idirmheánach Iomána na Gaillimhe, bhain Maigh Cuilinn áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Mhíleac-Dún an Uchta inné, 3-18 in aghaidh 4-10.

Bhí Niall Mannion agus Fionn McDonagh ar fheabhas sa chluiche, scóráil Mannion 2-10 agus bhí 1-3 ag McDonagh agus an bua ag Maigh Cuilinn. Casfaidh siad anois ar Mhainistir Chnoc Muaidhe i gcluiche ceathrú ceannais.

Foireann Ghaeltachta eile a bheidh roimh Míleac-Dún an Uchta sna babhtaí dícháilithe, An Spidéal. Bhí deis ag an Spidéal áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais dá n-éireodh leo in aghaidh Bhaile Átha an Rí ach buaileadh fir Chonamara, 1-19 in aghaidh 2-13.

Sa chraobh Shóisir A, cluiche comhscóir eile a bhí ag Micheál Breathnach in aghaidh Dhroichead an Chláirín agus fuair cumann Liam Uí Mhaoilíosa an ceann is fearr ar Bhearna-Na Forbacha.

Fág freagra ar 'Craobh náisiúnta eile ag fear Chamais, an beart déanta ag Katie agus foirne Gaeltachta in aicsean ar fud na tíre'