Craobh na Mumhan buaite ag mná Naomh Abán agus an Ghaeltacht ar ais i gcluiche ceannais

Bhí dea-scéal ag dhá chumann Ghaeltachta i gcúige Mumhan an deireadh seachtaine seo caite ach bhí údar mór díomá ag an gCeathrú Rua a thit go dtí an grád Idirmheánach i nGaillimh

Craobh na Mumhan buaite ag mná Naomh Abán agus an Ghaeltacht ar ais i gcluiche ceannais

An corn crochta ag captaen Naomh Abán, Úna Ní Thuathaigh. Pic: Tom Russell/AnoisPhotography

Corcaigh

Is iad Naomh Abán curaidh Chraobh Shóisir Ban na Mumhan tar éis do mhná Bhaile Bhuirne an ceann is fearr a fháil ar Úlla as Luimneach sa chluiche ceannais an deireadh seachtaine seo caite.

Is beag a bhí idir na foirne i gcluiche géar, crua a imríodh oíche Dé Sathairn ach farasbarr dhá phointe a bhí ag Naomh Abán ar deireadh agus iad chun cinn 0-7 in aghaidh 0-5.

Rinneadar an-chuid aicsin sa chéad leath agus iad ag imirt in aghaidh na gaoithe. Chríochnaigh na foirne ar comhscór tar éis 30 nóiméad, 0-4 an taobh.

Bhí an chuma ar chúrsaí ar dtús go mbeadh dúshlán ceart roimh Naomh Abán nuair a d’imigh Úlla 0-3 in aghaidh 0-0 chun cinn tar éis seacht nóiméad ach bhí an cumann Gaeltachta ar ais cothrom gan mórán moille agus pointí faighte ag Lydia Ní Dhonnacha (2) agus Grace Ní Mhurchú. D’fhág scór eile ó Ní Mhurchú agus an-sábháil ó Lauren Ní hAodha i gcúl Naomh Abán nach raibh tada idir na foirne ag leath ama agus cóir na gaoithe le bheith ag na Corcaígh sa dara leath den chluiche a imríodh i Mala.

Chuir Lydia Ní Dhonnacha Naomh Abán chun tosaigh den chéad uair luath sa dara leath agus mhéadaigh an fhoireann Ghaeltachta an farasbarr sin le pointe ó Róisín Ní Chorcora.

D’aimsigh Úlla scór chun pointe amháin a chur eatarthu arís ach b’in a scór deiridh sa chluiche agus d’fhág pointe eile ó Ní Dhonnacha, a ceathrú ceann ar fad, go raibh bua dhá phointe ag Naomh Abán agus é tuillte go maith acu.

 

Foireann Naomh Abán. Pic: Tom Russell/AnoisPhotography lmk

 

Ciarraí

Tá An Ghaeltacht ar ais i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Chiarraí den chéad uair ó 2019 tar éis dóibh teacht aniar aduaidh ar an Léigiún sna babhtaí leathcheannais.

Ba iad fir Chill Airne rogha láidir na coitiantachta chun an chraobh ar fad a bhaint ach cloíodh iad tar éis am breise i bPáirc Aibhistín de Staic, 0-14 in aghaidh 0-11.

Brian Ó Beaglaoich (An Ghaeltacht) agus Jonathan Lyne (Léigiún). Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Ba é Dara Ó Sé laoch na Gaeltachta. Trí cinn déag de na ceithre phointe dhéag a scóráil an Ghaeltacht a fuair agus cé nach raibh fir Chorca Dhuibhne in ann an Léigiún a chur de dhroim seoil sa 60 nóiméad, is beag duine a déarfadh nach raibh an bua tuillte go maith acu.

Agus iad gan Ruaidhrí Ó Beaglaoich don chluiche seo, buaileadh buille eile ar an nGaeltacht luath san imirt nuair a b’éigean do Thomás Ó Sé an pháirc a fhágáil le gortú, rud a chuir ualach breise scórála ar Dhara Ó Sé. Ar an dea-uair, bhí sé in ann aige.

D’imir an Ghaeltacht go maith sa chéad leath. Agus iad ag imirt i gcoinne na gaoithe, ní raibh siad ach 0-6 in aghaidh 0-3 chun deiridh ag an mbriseadh. Chuir siad dornán iarrachtaí eile amú agus d’éirigh leis an Léigiún cúig phointe a fháil i sé nóiméad.

James O’Donoghue (Léigiún) agus Óigí Ó Sé (An Ghaeltacht). Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Chuaigh fir Chill Airne ceithre phointe chun cinn agus thart ar 20 nóiméad fágtha ach ar ais leis an nGaeltacht agus Dara Ó Sé. Bhí a fhoireann fós dhá phointe chun deiridh in am breise ach d’aimsigh sé dhá chic saor chun am breise a chinntiú agus bhí sé ar fheabhas sa 20 nóiméad breise sin. Cúig phointe a fuair sé sa tréimhse sin, trí cinn acusan ón imirt.

Drochlá ceart a bhí ann i dTrá Lí agus beidh an-díomá ar an Léigiún leis an taispeántas a thug siad ach ní chuirfidh sé sin faic as don Ghaeltacht agus aghaidh á tabhairt anois acu ar an Ráth Mór don chluiche ceannais Dé Domhnaigh beag seo.

Gaillimh

Tá peileadóirí na Ceathrún Rua tite síos go dtí an grád Idirmheánach i nGaillimh den chéad uair le beagnach 35 bliain agus an cumann díbeartha as an gcraobh shinsir ag an deireadh seachtaine.

Tá an cumann théis teacht slán ó bhabhtaí dícháilithe roinnt uaireanta le blianta beaga anuas. Theastaigh bua nó cluiche comhscóir uathu in aghaidh Mhuine Mheá-na Mainistreach chun deis a bheith acu teacht slán sa bhabhta deireanach ach chaill fir na Gaeltachta le dhá phointe, 2-11 in aghaidh 1-12, rud a fhágann gur chuma má bhuann siad ar Uachtar Ard sa chluiche atá le teacht.

Bhí cuma na maitheasa ar an gCeathrú Rua agus ceathrú uaire fágtha, tráth a raibh siad 1-10 in aghaidh 0-5 chun tosaigh, ach rinne Muine Mheá-An Mhainistir teacht aniar dochreidte san am a bhí fágtha. Agus cóir na gaoithe acu, d’aimsigh siad 2-6 sna 15 nóiméad sin agus an dá chúl chinniúnacha sin faighte ag an bhfear lár páirce, Trevor Mullins.

Ní thiocfaidh aon athrú ar líon na bhfoirne Gaeltachta sa Chraobh Idirmheánach in 2023 agus Maigh Cuilinn díbeartha go dtí grád na sóisear.

Fág freagra ar 'Craobh na Mumhan buaite ag mná Naomh Abán agus an Ghaeltacht ar ais i gcluiche ceannais'