Craobh na hÉireann buaite ag Gaillimh agus críoch dhrámatúil curtha leis an gcluiche ceannais

Bhí tamall fada ann sular tháinig beocht sa chluiche ceannais idir Gaillimh agus Corcaigh i bPáirc an Chrócaigh ach Gaillimhigh a bhí ag ceiliúradh sa deireadh

Craobh na hÉireann buaite ag Gaillimh agus críoch dhrámatúil curtha leis an gcluiche ceannais

Gaillimh 1-15 Corcaigh 1-12

Tá Craobh Shinsir Camógaíochta na hÉireann buaite den dara huair le trí bliana anuas ag Gaillimh agus an ceann is fearr faighte ag mná an iarthair ar Chorcaigh i gcluiche ceannais an lae inniu. Briseadh croí a bhí i ndán dóibh i gcluiche ceannais na bliana seo caite ach beidh siad ábalta dearmad a dhéanamh air sin anois agus iad ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh. Farasbarr trí phointe acu ag deireadh na himeartha.

Is beag a bhí idir na foirne i gcluiche a bhí crua agus teann ar feadh tréimhsí fada ach tháinig beocht san imirt sa cheathrú uaire dheireanach. Chuaigh Corcaigh chun cinn den chéad uair sa 49ú nóiméad nuair a fuair Katrina Mackey cúl ach spreag an scór sin mná na Gaillimhe. Fuair Gaillimh an chéad dá scór eile ach tháinig an scór cinniúnach sa 55ú nóiméad nuair a fuair Siobhán McGrath cúl den scoth. Sheas na Gaillimhigh an fód idir sin agus an fheadóg dheiridh.

Chuir Gaillimh an-tús leis an gcluiche agus bhí siad ceithre phointe chun tosaigh taobh istigh den chéad chúig nóiméad. Fuair Carrie Dolan, a thosaigh an cluiche in áit Niamh Hanniffy, an chéad dá scór ó phocanna saora agus d’aimsigh Siobhán McGrath agus Ailish O’Reilly dhá scór eile agus foireann óg Chorcaí ag streachailt agus iad ag iarraidh socrú isteach sa chluiche.

Siobhan McGrath ag ceiliúradh a cúil ©INPHO/Brian Reilly-Troy

Duine de seanfhondúirí Chorcaí, Aisling Thompson, a fuair an chéad scór dóibh sa chúigiú nóiméad, ach bhí bearna ceithre phointe idir na foirne arís nuair a fuair Siobhán McGrath a dara pointe.

Bhí lántosaithe na Gaillimhe ag fáil an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic ag an bpointe seo ach theip ar an bhfoireann tairbhe mar is ceart a bhaint as an tréimhse cheannais sin. Níor cuireadh an liathróid isteach chuig muintir McGrath agus Ailish O’Reilly sách minic agus tugadh seans do Chorcaigh teacht ar ais sa chluiche.

Fuair Chloe Sigerson scór iontach ó i bhfad amach agus tháinig borradh faoi na Muimhnigh. Bhí ag teip ar Ghaillimh seilbh na liathróide a bhuachan ó phocanna amach Sarah Healy agus choinnigh Corcaigh orthu ag teacht.

Fuair an t-imreoir láir páirce Hannah Looney dhá scór maith chun an bhearna a laghdú go dtí aon phointe amháin ach bhí dhá phointe arís idir na foirne ag an sos uisce agus poc saor eile slánaithe ag Carrie Dolan na Gaillimhe.

Bhabhtáil Dolan agus Orla Cronin pocanna saora agus bhí dhá phointe idir na foirne ag druidim i dtreo deireadh an chéad leatha tar éis do Amy O’Connor scór a fháil do Chorcaigh agus Niamh Kilkenny pointe deas a fháil do Ghaillimh.

D’éirigh le Corcaigh teacht ar ais ar comhscór faoi dheireadh. Scóráil Cronin pointe agus chruthaigh sí ceann ansin do Katrina Mackey. Ach d’fhág scór iontach ó Aoife Donohue, a d’aimsigh an sprioc agus í faoi scáth Ardáin Uí Chíosóg, go raibh Gaillimh pointe chun tosaigh ag leath ama, 0-9 in aghaidh 0-8.

Bhí na Gaillimhigh péire chun cinn taobh istigh den chéad nóiméad den dara leath tar éis do Niamh Kilkenny scór a fháil nuair a d’éirigh léi bob a bhualadh ar Chorcaíoch le píosa deas scile.

Cath crua i lár na páirce a bhí ann den chéad chuid eile den chluiche agus ní bhfuair na foirne ach poc saor an taobh sa 15 nóiméad idir sin agus an dara sos uisce.

Bhí Orla Cronin, ar tugadh cead di aréir imirt sa chluiche ceannais, ag dul i bhfeidhm go mór ar an gcluiche agus fuair sí a céad scór ón imirt sa 46ú nóiméad chun na foirne a chur ar comhscór, 0-11 in aghaidh 0-11.

Chuaigh Corcaigh chun cinn den chéad uair cúpla nóiméad ina dhiaidh sin agus bhreathnaigh sé go raibh scór cinniúnach faighte aici. Rinne captaen na foirne, Linda Collins, go maith agus an sliotar a bhuachan agus pas láimhe a thabhairt do Katrina Mackey, a bhuail urchar go cúl na heangaí.

Orla Cronin, Corcaigh, ag iarraidh éalú ó Dervla Higgins agus Sarah Dervan na Gaillimhe.©INPHO/Brian Reilly-Troy

Bhí an chuma ar an scéal go raibh na Gaillimhigh i ndroch-chaoi agus iad ag streachailt go dtí sin sa dara leath ach tháinig freagra cumasach uathu. D’aimsigh Carrie Dolan agus Ailish O’Reilly pointí chun an bhearna a laghdú agus ansin, agus cúig nóiméad de ghnátham fágtha, tháinig an scór cinniúnach ón bpíosa imeartha is fearr ag Gaillimh sa chluiche.

Chuir Sarah Dervan pas ó lár na páirce isteach chuig Siobhán McGrath, a bhabhtáil pasanna le Ailish O’Reilly, sular chuir sí iarracht thomhaiste thar Amy Lee i gcúl Chorcaí.

Bhí deis iontach ag Corcaigh sa 59ú nóiméad nuair a scóráil Orla Cronin a séú pointe –bheadh cúl cinnte ag Corcaigh dá mbeadh an bheirt a bhí saor os a comhair feicthe ag Cronin.

Aon phointe amháin a bhí idir na foirne ag dul isteach in am cúitimh ach fuair Orlaith McGrath an chéad phointe eile do Ghaillimh agus nuair a d’aimsigh an t-imreoir céanna scór iontach eile chun trí phointe a chur idir na foirne, ba léir go mbeadh an lá le mná an iarthair.

Gaillimh: Sarah Healy; Shauna Healy, S. Dervan, D. Higgins; S. Gardiner, E. Helebert, C. Cormican; C. Dolan (0-6 ó phocanna saora), N. Kilkenny (0-2); C. Finnerty, S. Spellman, A. Donohue (0-1); S. McGrath (1-2), O. McGrath (0-2), A. O’Reilly (0-2, 0-1 ó phoc saor). Mná Ionaid: N. Hanniffy in áit C. Finnerty (Leath ama), R. Hennelly in áit C. Donal (49 nóim), A. Starr in áit C. Cormican (59 nóim), N. Coen in áit S. Spellman (60 nóim).

Corcaigh: A. Lee; P. Mackey, L. Coppinger, M. Cahalane; S. McCarthy, L. Treacy, L. Hayes; H. Looney (0-2), A. Thompson (0-1); C. Sigerson (0-1) F. Keating, C. O’Sullivan; K. Mackey (1-1), A. O’Connor, O. Cronin (0-6, 0-5 ó phocanna saora). Mná Ionaid: L. Collins in áit C. O’Sullivan (35 nóim), C. Healy in áit F. Keating (58 nóim).

Réiteoir: Liz Dempsey

Fág freagra ar 'Craobh na hÉireann buaite ag Gaillimh agus críoch dhrámatúil curtha leis an gcluiche ceannais'

  • AN Teanga Bheo

    Mná an iarthair maith sibh Gaillimh abú