Bhí cailíní ó Ghaelscoil i gCorcaigh ag ceiliúradh i Staid Aviva an tseachtain seo tar éis dóibh craobh na hÉireann a thabhairt leo i gcomórtas sacair de chuid an FAI.
Gaelscoil Charraig Uí Leighin a thug leo Craobh ‘C’ na gCailíní i mBabhtaí Ceannais Cúigear an Taobh na mBunscoileanna san Aviva, an chéad Ghaelscoil riamh a bhuaigh an chraobh.
Aisteach go leor, Gaelscoileanna uile a bhí páirteach sa chomórtas áirithe sin tar éis do Ghaelscoil Charraig Uí Leighin, Gaelscoil Mhic Amhlaigh i nGaillimh, Scoil Uí Riada i gCill Dara agus Gaelscoil Adhamhnáin i nDún na nGall craobhacha a gcúigí a bhaint roimhe seo.

Cailíní óga Chorcaí ab fhearr sna babhtaí ceannais i mBaile Átha Cliath agus na trí chluiche a d’imir siad buaite acu san Aviva. Bhuaigh siad ar Gaelscoil Mhic Amhlaigh ó Chnoc na Cathrach i nGaillimh sa chluiche deireanach acu chun an chraobh a bhaint.

Ba í Lucy Ní Choitir ó Ghaelscoil Charraig Uí Leighin a bhuaigh an gradam d’Imreoir an Chomórtais agus an t-imreoir idirnáisiúnta le foireann ban na hÉireann, Jamie Finn, a bhronn an gradam ar Lucy. Bhí bainisteoir fhoireann idirnáisiúnta na bhfear, Stephen Kenny, i láthair do bhronnadh na mbonn chomh maith agus chas sé leis na foirne uile.

Fág freagra ar 'Craobh cúigear an taobh na hÉireann buaite ag Gaelscoil ó Chorcaigh i Staid Aviva'