‘Cothrom na féinne’ á lorg ag Conradh na Gaeilge d’fhoireann Raidió na Gaeltachta

Deir an eagraíocht teanga gur léir go bhfuil ‘éagothroime bunaithe ar chúinsí teanga amháin’ i gceist in RTÉ

‘Cothrom na féinne’ á lorg ag Conradh na Gaeilge d’fhoireann Raidió na Gaeltachta

Tá ‘cothrom na féinne’ ó thaobh pá á lorg ag Conradh na Gaeilge d’fhoireann RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer, inniu go raibh “éagothroime” ó thaobh pá i gceist idir foireann RnaG agus oibrithe eile RTÉ.

“Tá Raidió na Gaeltachta ina stáisiúin náisiúnta atá ag cur seirbhís chuimsitheach ar fáil do phobal iomlán na tíre, agus tá sé ar comhchéim leis na stáisiúin eile a fheidhmíonn faoi bhrat RTÉ.

“Tá sé go hiomlán mícheart nach mbeadh foireann Raidió na Gaeltachta ag feidhmiú faoi na cleachtais fhostaíochta agus tuarastail atá i bhfeidhm d’fhoireann RTÉ atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Is léir go bhfuil an éagothroime seo bunaithe ar chúinsí teanga amháin,” a dúirt Comer.

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge nach raibh sé “inghlactha” go mbeadh RTÉ ag maíomh as obair RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ag trácht ar fhiúntas sheirbhís phoiblí RTÉ féin agus, ag an am céanna, gan iad sásta “cothrom na Féinne a thabhairt d’fhoireann RnaG.

“Is léir go mbeidh ar RTÉ tabhairt faoi athbhreithniú a dhéanamh anois ar chleachtais iomlán na seirbhíse agus tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar RTÉ go mbeadh comhionannas tuarastail agus cleachtais oibre eile d’fhoireann RTÉ Raidió na Gaeltachta san áireamh san athbhreithniú sin,” a dúirt Mac Fhlannchadha.

Tá an NUJ ag iarraidh chomh maith go ndéanfaí athbhreithniú ar chonarthaí fostaíochta RTÉ le deireadh a chur leis “an éagóir” atá ar bun ag an gcraoltóir poiblí maidir leis an bpá a íoctar le mná agus le craoltóirí Gaeilge.

I ráiteas a d’eisigh siad Dé Luain, dúirt Aontas Náisiúnta na nIriseoirí (NUJ) nach bhféadfaí “cosaint” a dhéanamh ar an “mbearna pá” idir an tuarastal a íoctar le hiriseoirí Béarla de chuid na heagraíochta agus an tuarastal a íoctar le hiriseoirí Gaeilge RTÉ RnaG.

Tagraíodh i ráiteas a d’eisigh an eagraíocht, a dhéanann ionadaíocht thar ceann iriseoirí in Éirinn agus sa Bhreatain, don “leithcheal teanga” a dhéantar taobh istigh den chraoltóir náisiúnta agus mhaígh gur mithid dul i ngleic leis.

“Ní faoin airgead amháin atá an bhearna inscne — baineann sé freisin le cleachtais oibre, a d’fhéadfadh cur isteach ar fhorbairt ghairme na mban san eagraíocht.

“Tá sé in am anois ag RTÉ freisin dul i ngleic leis an leithcheal teanga atá ar bun ag an gcraoltóir Stáit. Is stáisiún náisiúnta raidió é Raidió na Gaeltachta a chuireann seirbhís náisiúnta ar fáil agus níl aon bhunús leis an bpolasaí níos lú a íoc le hiriseoirí RnaG ná mar a íoctar lena gcomhghleacaithe i mBaile Átha Cliath,” a dúirt Séamus Dooley, Ard-Rúnaí Gníomhach an NUJ.

Tá an neamhréir idir an pá a fhaigheann iriseoirí i Raidió na Gaeltachta agus iriseoirí RTÉ ina chnámh spairne le fada ag lucht ceardchumainn sa stáisiún Gaeltachta.

Níl an leagan amach céanna ar struchtúr foirne RnaG agus atá ar struchtúr foirne RTÉ ach maítear, mar shampla, gur chóir go mbeadh Clár-Reachtaire i RnaG ar an scála céanna pá is a bheadh ag léiritheoir in RTÉ toisc na freagrachtaí céanna a bheith orthu.

Tá conspóid mhór faoi láthair ann maidir le ceist phá na mban in RTÉ agus deir RTÉ go bhfoilseoidh siad go luath eolas faoi na láitheoirí is mó atá ag saothrú ón gcraoltóir poiblí, mar atá déanta ag an BBC sa Bhreatain.

Fág freagra ar '‘Cothrom na féinne’ á lorg ag Conradh na Gaeilge d’fhoireann Raidió na Gaeltachta'

  • Concubhar

    Ba cheart do Chonradh na Gaeilge féachaint freisin, más ˀéagothromas’ atá ag déanamh tinnis don eagras, ar na tuarastail ollmhóra a íoctar le fostaithe in earnáil na Gaeilge ó dheas den teorainn i gcomparáid leo san ag déanamh na h-oibre céanna ar an dtaobh ó thuaidh. Tá fostaithe an Chonartha féin thíos le seo, fiú.
    Níor cheart go mbeadh eagothromas tuarastal in áit ar bith nuair atá an obair céanna i gceist.

  • moire

    Sea go deimhin, cad é tarcaisne.