Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin, bhí toghchán ann a chuir cor i gcinniúint na hÉireann…

Lean tréimhse chorraitheach fhuilteach toghchán 1918 agus ar ndóigh níl an scéal réitithe go fóill

Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin, bhí toghchán ann a chuir cor i gcinniúint na hÉireann…

Cothrom an lae inniu céad bliain ó shin thug pobal na hÉireann a n-aghaidh ar na bothanna vótála. Bhí go leor a bhí eisceachtúil faoin toghchán sin – ar an gcéad dul síos ba é an chéad toghchán é ó 1910. Chuir ár agus scrios an chéad chogaidh dhomhanda moill ar reáchtáil an toghcháin.

Ba é seo freisin an chéad uair go raibh cead vótála ag sciar suntasach de phobal na tíre seo agus na Ríochta Aontaithe trí chéile. Faoin reachtaíocht tugadh cead vótála d’fhir os cionn bliain agus fiche d’aois den chéad uair agus den chéad uair bhí cead ag mná, a bhí os cionn deich mbliana fichead, vóta a chaitheamh.

Tuairisc.ie

Chiallaigh seo gur tháinig ardú suntasach ar líon na ndaoine sa toghlach i 1918 agus gur tháinig roinnt athruithe ar nósanna vótála an phobail. Den chuid is mó, ní de bharr vóta a bheith tugtha do mhná a tháinig na hathruithe sin mar gur lean siad nós vótála a gcuid fear. An rud mór a bhain leis an scéal nach raibh an ceart vótála ceangailte le maoin níos mó agus gur thug go leor de na vótóirí breise tacaíocht do pholaiteoirí den eite chlé a bhí ag éileamh cearta agus comhionannas don lucht oibre.

Anseo in Éirinn bhí an toghchán seo eisceachtúil agus stairiúil ar chúpla cúis. Níl amhras ar beith ach go raibh tábhacht le mná agus fir níos óige a bheith ag dul chuig na bothanna den chéad uair. Baineadh leas as an deis freisin leis an bhfeachtas neamhspleáchais a chur chun cinn. Bhí an feachtas rialtais dúchais ar bun le fada ach é curtha ar an méar fhada go dtí go mbeadh an cogadh thart. Fiú agus an cogadh thart ba bheag cosúlacht go raibh an rialtas dúchais ag teacht agus rialtas na Breataine faoi bhrú ó pholaiteoirí Aontachtacha.

Chuir Sinn Féin rompu tacaíocht a lorg don mhéid a fógraíodh le linn Éirí Amach na Cásca: Éire neamhspleách saor ó riail na Breataine. Dhearbhaigh Art Ó Gríofa, ceannaire an pháirtí, luath go maith freisin nach mbeidís ag tógáil a gcuid suíochán mar gur ar mhaithe le hÉirinn í féin a rialú a bhí siad. Bhunódh Sinn Féin  fóram náisiúnta daonlathach len é sin a chur i gcrích nuair a bheadh an toghchán thart.  Nach tráthúil go bhfuil an t-ábhar ceannann céanna ina chnámh spairne anois agus daoine ag éileamh ar Shinn Féin droim láimhe a thabhairt leis an bpolasaí sin, gan trácht ar Rialtas in Westminster a bheith faoi bhrú ag polaiteoirí aontachtaithe?

Tuairisc.ie

Bua ollmhór a bhí sa toghchán do Shinn Féin agus d’éirigh leo 73 as an 105 suíochán parlaiminte a thabhairt leo. Thug an toghchán léargas soiléir freisin ar an deighilt a bhí ar an oileán – bhí formhór den 26 suíochán Aontachtach sa gcoirnéal thoir nó thuaidh den oileán. Toradh tubaisteach a bhí ann don Pháirtí Parlaiminte  cé is moite de chorráit in aice na teorann ina raibh socrú déanta a chinnteodh nach scoiltfí an vóta náisiúnach. Sé shuíochán a bhí acu le hais 69 ceann roimhe sin.

Is ar an 21 Eanáir 1919 a tháinig an Chéad Dáil le chéile an lá céanna gur tharla luíochán i Sulchóid Bheag, eachtra a deirtear a chuir tús le Cogadh na Saoirse. Lean tréimhse chorraitheach fhuilteach i stair na hÉireann agus ar ndóigh níl an scéal réitithe go fóill.

Tá tréimhse chorraitheach neamhfhuilteach anois againn in Éirinn agus níos mó ceisteanna ná freagraí ann faoina bhfuil i ndán dúinn nuair a imeoidh an Bhreatain as an Aontas Eorpach.  An dtabharfaidh an scéal ar fad cás na teorann chun críche céad bliain ón uair gur tháinig sé chun cinn go follasach i dtoghchán stairiúil an 14 Nollaig 1918? Nach minic le céad bliain a rinneadh tagairt do ‘The Irish Problem’ agus ‘The Irish Question’.

Agus an bhliain 2018 ag teacht chun críche is minic a chloistear na laethanta seo ar chláracha cainte thall polaiteoirí agus tráchtairí na Breataine ag plé ‘ceist na hÉireann’ agus ‘fadhb na hÉireann’ agus iad cráite ag ceist an chúlstad.

The Irish Problem? Fadhb nach dtuigeann polaiteoirí na Breataine agus gur cuma leo fúithi an chuid is mó den am.

Fág freagra ar 'Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin, bhí toghchán ann a chuir cor i gcinniúint na hÉireann…'

  • DJ Mac Lochlainn

    “Is ar an 21 Eanáir 2019 a tháinig an Chéad Dáil le chéile an lá céanna gur tharla luíochán i Sulchóid Bheag, eachtra a deirtear a chuir tús le Cogadh na Saoirse.”

    Nach i 1919 a tháinig sé le chéile? Bhain mé sult as an alt.