Cótaí báistí á gcuardach agus athrú mór ar an aimsir

Uisce Éireann ag iarraidh ar phobal na tíre leanúint orthu a bheith spárálach leis an uisce agus srianta fós i bhfeidhm in ocht gcontae

Cótaí báistí á gcuardach agus athrú mór ar an aimsir

Tá athrú mór i ndán don aimsir in Éirinn an deireadh seachtaine seo, de réir Met Éireann. Tá an aimsir is mó a raibh cleachtadh againn riamh uirthi ar ais go ceann seachtaine eile ar a laghad. Lagbhrú os ár gcionn agus an ghaoth aniar nó aniar aneas isteach den fharraige mhór agus ualach báistí agus ceobhráin aici dúinn. Tá sé in am na cótaí báistí siúd nach bhfacamar le cúpla mí a chuartú agus a bheith ar an airdeall ar fhaitíos go mbeadh fuarlaigh ar bhóithre sleamhna. 

Lá scamallach ceobhráin a bheidh againn inniu agus scaipfidh báisteach ón iarthar tar éis am lóin. Beidh ceathanna troma ann agus d’fhéadfadh cuid acu a bheith toirniúil. Lá fionnuar a bheidh againn idir 17 agus 21 céim Celsius agus gaoth éadrom nó mheasartha aneas ach athróidh an ghaoth sin siar ar chósta an iarthair tráthnóna.

Tá rabhadh stádas buí eisithe ag Met Éireann do 16 contae agus díle bháistí á tuar. Cúige Laighean ar fad, Contaetha Mhuineacháin, an Chabháin, Phort Láirge agus Dhún na nGall is measa a bheidh buailte. Ceathanna troma toirní a bheidh ann agus d’fhéadfadh idir 25 agus 40 milliméadar báistí titim anocht agus tá an-bhaol ann go mbeidh fuarlaigh ar bhóithre. Iarrtar ar thiománaithe a bheith an-chúramach ar na bóithre. Gaoth éadrom aniar ach beidh sí ropánta go maith scaití.

Beidh an lá amárach sách friseáilte cé go mbeidh corrthamall gréine ann ach beidh gaoth láidir aniar aneas againn. Múraíl scaipthe agus an teocht idir 15 agus 18 céim Celsius.

Leis an tráthnóna scaipfidh báisteach agus ceathanna troma soir ar fud na tíre.  Maidin fhliuch a bheidh sa Tuaisceart maidin Dé Domhnaigh ach rachaidh an lá i bhfeabhas amach sa lá agus beidh paistí gréine agus corrmhúr ann an chuid eile den lá. Idir 19 agus 21 céim Celsius a bheidh an teocht agus gaoth mheasartha aniar nó aniar aneas againn.

Tá ráite ag Uisce Éireann go dteastódh tamall fada báistí leis an foinsí uisce a líonadh go dtí leibhéal sábháilte agus iad ag iarraidh ar dhaoine leanacht orthu a bheith spárálach leis an uisce. Tá 24,000 duine in ocht gcontae ar fud na tíre a bhfuil srianta curtha ar a soláthar uisce faoi láthair. Tá fiche scéim uisce eile ag brath ar thancaeir le huisce a tharraingt chuig na taiscumair gach uile lá, sin 90,ooo duine eile.

Tá eolas faoi úsáid uisce i mBaile Átha Cliath le seacht lá bailithe ag Uisce Éireann agus bunaithe ar an eolas sin a dhéanfar cinneadh an tseachtain seo an gá tuilleadh ciorruithe a chur i bhfeidhm. Dúirt Kate Gannon, Bainisteoir Gnóthaí Corparáide Uisce Éireann go raibh siad an-bhuíoch as an gcomhoibriú a fuair siad ón bpobal atá ag spáráil uisce agus dúirt sí chomh maith go raibh an fhoireann ag obair go dian leis na húdaráis áitiúla le píopaí a bhí ag sceitheadh a dheisiú gan mhoill. Tá sé riachtanach, a dúirt sí, “leanacht leis an gcaomhnú le go mbeidh soláthar uisce againn an chuid eile den bhliain”.

D’eisigh Cumann na bhFeirmeoirí Plean Gnímh don Triomach inniu inar iarr siad ar an Aire Talmhaíochta Michael Creed gníomhú go práinneach le teacht i gcabhair ar fheirmeoirí atá buailte go dona ag an triomach agus 30% níos lú féir acu ná mar a bheadh de ghnáth.

Dúirt Uachtarán an IFA, Joe Healy, go raibh “géarchéim ioncaim agus fodair” ann de bharr an triomaigh. ‘Ní bheidh go leor feirmeoirí in ann an dara barr sadhlais a bhaint i mbliana cheal fás ar bith a bheith déanta ag an bhféar agus tá féar an gheimhridh á ithe ag an eallach le mí,’ a deir sé.

I measc na moltaí atá sa bplean gnímh, moltar go gcuirfí deifir leis an scéim iasachtaí ar chostas íseal d’fheirmeoirí, atá ‘plúchta ag maorlathas’ dar leis an IFA, athruithe a dhéanamh ar an scéim GLAS i mbliana le beatha a chur ar fáil, íocaíochtaí díreacha a mhéadú, an scéim iompórtála fodair a bhí ann an geimhreadh seo caite a chur ar siúl arís. Beidh na feirmeoirí ar chuid den dream a mbeidh fáilte acu roimh an mbáisteach.

Fág freagra ar 'Cótaí báistí á gcuardach agus athrú mór ar an aimsir'