Cosnaíonn Lá Fhéile Pádraig go leor ar an státchiste ach is fiú chuile euro de

Tá buntáiste ag baint le ceiliúradh na Féile Pádraig nár cheart beag is fiú a dhéanamh de go brách

Cosnaíonn Lá Fhéile Pádraig go leor ar an státchiste ach is fiú chuile euro de

Ní bhíonn mórán aois ag aon duine againn nuair a fhaigheann muid amach gur beag tábhacht ná tairbhe a bhaineann le ceiliúradh na Féile Pádraig. Sé sin mura bhfuil tú ag dul ag siúl sa mbáisteach sa bparáid ar an tsráidbhaile nó sa gcathair is gaire duit. Nó ag dul amach in éineacht le do chairde chuig an gcóisir is gaire. Ag an tráth seo de mo shaol ní oireann ceachtar de na roghanna sin dom. Dá réir beidh mé ag faire ar an teilifís ar an bparáid agus ag fanacht le mo chuid dualgais tacsaí a dhéanamh ag deireadh an lae.

Níl a fhios agam an raibh sé amhlaidh riamh ach sin mar a fheicim ceiliúradh na Féile Pádraig. In Éirinn ar aon nós. Tá buntáiste ag baint leis an gceiliúradh nár cheart beag is fiú a dhéanamh de go brách. Sin an ghné a bhaineann leis an deis Éire a chur chun cinn ar fud na cruinne. Tá níos mó i gceist leis an ráiteas sin anois ná cailíní óga ag damhsa ar shráideanna Nua-Eabhrac nó bannaí ceoil ag máirseáil trí Londain nó Philadelphia.  Tá uirlis againn anois mar thír nach féidir luach a chur uirthi le dea-thoil agus cairdeas i leith na tíre a chinntiú.

Ní féidir an tábhacht a bhaineann leis an ócáid sa Teach Bán Lá Fhéile hPádraig a áireamh. Ní chuireann muid an oiread isteach ann agus ba chóir dúinn. Taobh amuigh den searmanas, nuair a bhronnfaidh Leo Varadkar babhla seamróige ar Joe Biden ar ball, bhí bricfeasta ag an Taoiseach leis an leasuachtarán Kamala Harris ar maidin agus beidh cruinnithe aige tráthnóna le Kevin McCarthy agus baill eile den chomhdháil a bhfuil cúlra Éireannach acu.

Tá na daoine sin ar fad, chomh maith leis na foirne atá ina dtimpeall, in ann an oiread sin a dhéanamh ar son leas eacnamaíochta na hÉireann agus cáil dhomhanda na tíre. Tá Joseph P Kennedy ceaptha ina thoscaire speisialta do chúrsaí Thuaisceart Éireann agus díol suntais an méid pictiúr de atá le feiceáil le cúpla lá. Bí cinnte go mbeidh sé ar an Air Force 1 in éineacht le Joe Biden nuair a thugann sé cuairt orainn an mhí seo chugainn mura mbíonn sé tagtha anall roimhe. Beidh Bill agus Hillary Clinton i mBéal Feirste thart ar an am céanna. Beirt uachtarán de chuid na Stát Aontaithe sa tírín bheag s ’againne ag iarraidh ár leas a chur chun cinn.

Cosnaíonn na cúrsaí seo go leor ar an Státchiste ach is fiú chuile euro a déarfainn féin. Ní féidir luach a chur ar an dea-thoil a fhaigheann muid mar thoradh ar na cuairteanna ní hamháin sna Stát Aontaithe ach ar fud an domhain mhóir. Is cinnte go bhféadfaí cuid den airgead a úsáid le díriú ar cheisteanna tithíochta agus sláinte ach faraor níl an oiread i gceist agus a dhéanfadh athrú ar bith ar na fadhbanna sin.

Baineadh muid leas as na deiseanna infheistíocht a mhealladh ó chuile cheard den domhan agus pé rud mar gheall ar an bplámás a thagann inár dtreo bímis buíoch as an ómós a léirítear d’Éirinn aimsir na Féile Pádraig. Bíodh muid dóchasach gurb é ár leas sa deireadh thiar go bhfuil gean orainn

Fág freagra ar 'Cosnaíonn Lá Fhéile Pádraig go leor ar an státchiste ach is fiú chuile euro de'