Cosc curtha ag an ASTI ar mhúinteoirí aon bhaint a bheith acu le béaltriail Ghaeilge

Treoir nua tugtha ag an gceardchumann do mhúinteoirí gan cabhrú ar aon bhealach le haon dalta atá ag iarraidh an scrúdú cainte a dhéanamh don Teastas Sóisearach

Cosc curtha ag an ASTI ar mhúinteoirí aon bhaint a bheith acu le béaltriail Ghaeilge

Tá cosc curtha ag an ASTI ar mhúinteoirí aon bhaint a bheith acu leis an mbéaltriail Ghaeilge don Teastas Sóisearach.

Tá cosc le tamall ar mhúinteoirí ar bhaill den ASTI iad obair ullmhúcháin a dhéanamh lena ‘daltaí féin’, rud a d’fhág go raibh go leor scoileanna a bhí ag iarraidh go ndéanfaí an bhéaltriail ábalta socruithe a dhéanamh chuige sin.

Tháinig sé chun solais sa Sunday Business Post inniu, áfach, go bhfuil treoir nua tugtha ag an gceardchumann do mhúinteoirí gan cabhrú “with any student” atá ag iarraidh an scrúdú cainte a dhéanamh don Teastas Sóisearach.

Cuireann an treoir is déanaí seo ón gceardchumann cosc ar mhúinteoirí measúnú a dhéanamh ar aon dalta do scrúdú cainte na Gaeilge nó scrúduithe cainte eile an Teastais Shóisearaigh, agus tá an treoir nua i bhfad níos déine ná aon treoir a tugadh roimhe seo maidir le ceist na mbéaltrialacha.

De réir na treorach níl sé ceadmhach do bhaill an cheardchumainn “to make, facilitate or cooperate with any arrangements for any student to participate in the optional oral examinations in Gaeilge and/or modern languages for the Junior Certificate.”

Deir an ASTI go bhfuil an cosc bunaithe ar “the principle that the state-certified examination system should be objective, valid and equitable for all students”.

“Current oral examinations at Junior Certificate are carried out on an ad-hoc basis and, due to their optional nature, are not undertaken by all students, ” a deirtear.

Tá ceardchumainn múinteoirí míshásta le tamall le gnéithe den athrú atá beartaithe ar an Teastas Sóisearach.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana nach mbeidh aon scrúdú béil oifigiúil ann ar shiollabas nua an Teastais Shóisearaigh a thabharfar isteach sa bhliain 2017. Thug an Roinn Oideachais le fios do Tuairisc.ie go ndéanfar scileanna béil sa Ghaeilge a mheasúnú sa seomra ranga.

Sa bhliain 2014 rinne 14,269 dalta an scrúdú cainte, atá ina scrúdú roghnach don Teastas Sóisearach. B’ionann sin agus 25% de na daltaí ar fad a thug faoin scrúdú stáit an bhliain sin.

Tá fás leanúnach tagtha ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an scrúdú cainte go háirithe ó tháinig méadú ar an gcéatadán a fhaightear don scrúdú cainte san Ardteist – 40% anois le hais 25%.

Fág freagra ar 'Cosc curtha ag an ASTI ar mhúinteoirí aon bhaint a bheith acu le béaltriail Ghaeilge'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An é go raibh na daltaí sin uilig a rinne an scrúdú cainte, 25% a thug faoin scrúdú stáit, ag freastal ar scoltacha Gaeltachta agus ar Ghaelscoltacha na tíre?

    An bhfuil sé in am do mhúinteoirí na Gaeltachta agus na Gaelscolaíochta ar fud na tíre theacht le chéile agus aontas dá gcuid féin a bhunú chun labhairt amach agus seasamh a glacadh ar son na Gaeilge? Ní fheicim ceardchumann ar bith eile ag déanamh a leithéid don Ghaeilg ná do phobal na Gaeilge.