Cosc ar chuairteoirí i dteach altranais Gaeltachta mar gheall ar ardú ar líon na gcásanna Covid-19 sa cheantar

Thug dochtúirí comhairle do theach altranais i gConamara cosc a chur a chuairteoirí ar feadh seachtaine go bhfeicfear an dtiocfaidh laghdú ar líon na gcásanna sa cheantar

Cosc ar chuairteoirí i dteach altranais Gaeltachta mar gheall ar ardú ar líon na gcásanna Covid-19 sa cheantar

Tá cosc curtha ag teach altranais i gConamara ar chuairteoirí de bharr an t-ardú atá tagtha ar líon na gcásanna Covid-19 sa cheantar.

Deir lucht Áras Chois Fharraige ar an Spidéal gur tugadh comhairle dóibh an cinneadh seo a dhéanamh toisc ardú mór a bheith tagtha ar líon na gcásanna den choróinvíreas sa cheantar le roinnt seachtainí anuas.

Sheol Áras Chois Fharraige litreacha chuig daoine a bhfuil gaolta leo sa teach altranais ag míniú dóibh nach mbeadh cead acu cuairt a thabhairt ar an ionad ar feadh seachtaine. Déanfar athbhreithniú ar an gcinneadh ina dhiaidh sin.

Glacadh an cinneadh tráth a bhfuil rabhadh tugtha ag an Taoiseach Micheál Martin do mhuintir na Gaillimhe go bhféadfadh srianta Leibhéal 3 a bheith i ndán dóibh.

Agus srianta nua á bhfógairt aige do Dhún na nGall tráthnóna inné, dúirt an Taoiseach go raibh “súil ghéar” á coinneáil ar Ghaillimh, Corcaigh, Port Láirge, Cill Dara, Cill Mhantáin agus contae Lú agus d’iarr sé ar dhaoine sna contaetha sin gach ab fhéidir a dhéanamh chun srian a chur le scaipeadh an ghalair.

De réir na srianta atá i bhfeidhm ag Leibhéal 2 de phlean an Rialtas le déileáil leis an Covid-19, níl aon ghá cosc a chur ar chuairteoirí chuig tithe altranais.

Faoi na beartais sin, tá cead ag ceathrar ar leith cuairt a thabhairt ar dhaoine i dtithe altranais, cé nach bhfuil cead ag níos mó ná beirt a bheith ar cuairt ag an am céanna.

Ó tharla Baile Átha Cliath a bheith ag Leibhéal 3 i láthair na huaire, níl cead ag daoine cuairt a thabhairt ar thithe altranais sa chontae sin, seachas i gcásanna ar leith.

Chinn lucht bainistíochta Áras Chois Fharraige, áfach, go raibh an cosc seo ag teastáil chun na daoine atá ina gcónaí ansin a choinneáil slán.

Dúirt Bertie Ó Ráinne, bainisteoir cliniciúil altrachta in Áras Chois Fharraige le Tuairisc.ie go raibh comhairle faighte ó dhochtúirí na háite stop a chur le cuairteoirí.

“Ón gcaoi a bhfuil rudaí imithe, tá cúpla cluster sa gceantar, agus tá muid ag iarraidh daoine a stopadh ag teacht isteach ar feadh seachtaine, ar a laghad, agus déanfaidh muid athbhreithniú ar an scéal ansin,” a mhínigh Ó Ráinne.

“Feicfidh muid cén chaoi a mbeidh na cásanna imithe, an bhfuil siad imithe síos nó suas.”

De réir figiúirí nua a foilsíodh ag an deireadh seachtaine bhí ráta an Covid-19 níos airde i gConamara Theas, an ceantar ina bhfuil Áras Chois Fharraige, ná mar a bhí i bhformhór na tíre.

Deimhníodh 12 cás nua den choróinvíreas i gConamara Theas idir 1-14 Meán Fómhair. D’fhág sé sin go raibh ráta 56.2 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar le linn na tréimhse sin.

In iarthar na hÉireann ar fad, ní raibh ráta níos airde ná Conamara Theas ach i gcúig thoghcheantar eile.

Tuairiscíodh i dtús na míosa seo go raibh ráig den Covid-19 i nGaeltacht Chois Fharraige i gConamara. Bhain an ráig sin le teacht le chéile a bhí ag grúpa cairde sa cheantar.

Deimhníodh 100 cás nua den choróinvíreas i gcontae na Gaillimhe ar fad le coicís anuas agus bhí líon na gcásanna in aghaidh gach 100,000 sa chontae ardaithe ó 14.3 go dtí 38.8 le cúpla seachtain.

Fág freagra ar 'Cosc ar chuairteoirí i dteach altranais Gaeltachta mar gheall ar ardú ar líon na gcásanna Covid-19 sa cheantar'