324 cás nua den Covid-19 fógartha, srianta Leibhéal 3 do Dhún na nGall

Tá triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe de dheasca an ghalair

324 cás nua den Covid-19 fógartha, srianta Leibhéal 3 do Dhún na nGall

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna 324 cás nua den Covid-19.

Tá triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe de dheasca an ghalair.

Bhain 42 den 324 cás nua le Dún na nGall, mar a bhfuil srianta breise á dtabhairt isteach anocht chun dul i ngleic leis an ardú mór ar scaipeadh an ghalair.

Agus na srianta á bhfógairt aige tráthnóna, dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh aiféala air nach raibh scéala níos fearr aige.

“Mar sin féin, tá ar ár gcumas é seo a chur dínn agus déanfaimid é sin,” arsa an Taoiseach.

Dúirt sé go bhfuil “súil ghéar” á coinneáil ar Ghaillimh, Corcaigh, Port Láirge, Cill Dara, Cill Mhantáin agus contae Lú agus d’iarr sé ar dhaoine sna contaetha sin gach ab fhéidir a dhéanamh chun srian a chur le scaipeadh an ghalair.

Bhí “gach seans” ann go mbeadh Leibhéal 3 á chur i bhfeidhm ar chontaetha eile ach ní gá go dtarlódh sé, a dúirt an Taoiseach.

Tiocfaidh na srianta i bhfeidhm i nDún na nGall ag meán oíche anocht agus mairfidh siad trí seachtaine,

Bhain 13 de chásanna an lae inniu le Muineachán, 12 cás a bhí i gCill Dara agus ocht gcás a bhí i gcontae an Chabháin. Bhain sé chás le Luimneach, sé chás a bhí i gcontae na Mí agus Ros Comáin agus cúig chás a bhí i gCill Mhantáin. Bhain an 25 cás eile le 11 gcontae éagsúil.

Bhain 167 de na cásanna nua le Baile Átha Cliath agus bhí 34 cás i gCorcaigh.

Deimhníodh gur scaipeadh sa phobal ba chúis le 52% de chásanna an lae inniu. Bhí 68% de na daoine a tholg an galar faoi bhun 45 bliain d’aois.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt 189 cás nua den Covid-19 inniu. Ní raibh bás ar bith eile de dheasca an ghalair le fógairt acu.

43,944 cás atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 33,994 cás ó dheas den teorainn agus 9,950 cás ó thuaidh di.

2,374 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,797 duine ó dheas agus 577 ó thuaidh.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil srianta Leibhéal 3 le cur i bhfeidhm ar Dhún na nGall.

Chomhairligh an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí don Rialtas na srianta a chur i bhfeidhm ar an gcontae ina bhfuil an dara ráta is measa sa stát ó thaobh scaipeadh an ghalair.

Beidh na srianta breise a tugadh isteach i dtithe tábhairne agus bialanna Bhaile Átha Cliath i gceist i nDún na nGall chomh maith ach amháin i gcás na dtithe tábhairne nach mbíonn bia ar fáil iontu. Tá na tithe tábhairne sin iata go fóill sa phríomhchathair ach beidh cead ag tithe tábhairne nach mbíonn bia acu fanacht oscailte i nDún na nGall. Ní bheidh cead acu, áfach, ach deoch a chur ar fáil do dhaoine taobh amuigh. Ach oiread le Baile Átha Cliath beidh cosc i nDún na nGall ar bhéilí a ithe faoi dhíon i dtithe bia.

Tuairiscítear go dtabharfaidh an Rialtas a mbeannacht do mholadh NPHET tráthnóna.

Faoi Leibhéal 3 beidh cosc i nDún na nGall ar ócáidí sóisialta is teaghlaigh agus ní cheadófar ach daoine ó theaghlach amháin eile a thabhairt chun an tí.

Ní bheidh cead ag níos mó ná 15 duine freastal ar aon imeacht ealaíon nó oiliúna lasmuigh agus ní bheidh imeachtaí laistigh, amhail comhdhálacha, cúrsaí traenála nó imeachtaí amharclainne, ceadaithe in aon chor.

Cé nach gceadaítear formhór na gcluichí spóirt i réigiún Leibhéal 3, tá eisceacht déanta den scothspórt.

Ar líne amháin a bheidh seirbhísí eaglasta pobail ceadaithe ach beidh na séipéil oscailte don té ar mian leis cuairt phearsanta a thabhairt orthu.

Beidh póstaí agus sochraidí ceadaithe ach ní bheidh cead ach 25 aoi a bheith ag pósadh ón Luan seo chugainn, in áit an 50 a bhíodh ceadaithe go dtí seo.

Ní bheidh cead ach ag 25 duine freastal ar shochraid ach an oiread.

Tá imní ar leith ar NPHET faoi Dhún na nGall agus go háirithe faoi scaipeadh tréan an ghalair i measc teaghlach sa chontae sin.

Seachas Baile Átha Cliath, is i nDún na nGall atá an ráta is airde den Covid-19 sa tír. De réir na bhfigiúirí is déanaí tá an galar ar 122 duine in aghaidh gach 100,000 duine sa chontae. Tá an ráta sin níos mó ná cúig uaire níos airde ná an ráta a bhí sa chontae an mhí seo caite.

Fág freagra ar '324 cás nua den Covid-19 fógartha, srianta Leibhéal 3 do Dhún na nGall'