Tá sé ráite ag an Aire Pobal ó thuaidh go bhfuil gealltanas faighte aige ó Fhoras na Gaeilge nach gcaitear an t-airgead a bhronntar ar Chonradh na Gaeilge ach ar chúrsaí teanga.
Dúirt an tAire Gordon Lyons an méid sin agus é ag freagairt ceist ó Chomhalta den Tionól Reachtach faoin “seasamh polaitiúil” atá glactha ag an gConradh maidir le ‘Éire Aontaithe’.
Glacadh le rúin ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an mhí seo caite go mbeadh an eagraíocht ag “gníomhú i dtreo Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta”.
Léiríodh tacaíocht láidir do na rúin ag an Ard-Fheis i mBéal Feirste, ach bhí dornán daoine eile ina gcoinne. Léiríodh imní le linn an phlé faoin tionchar a bheadh ag an seasamh nua ar an maoiniú a fhaigheann an Conradh ó Fhoras na Gaeilge, eagraíocht atá maoinithe ag an rialtas ó dheas agus ag an rialtas ó thuaidh.
An Comhalta Timothy Gaston ón TUV, páirtí aontachtach an-diongbháilte, a chuir ceist ar an Aire Pobal an raibh athbhreithniú déanta aige ar aon mhaoiniú a chuirtear ar fáil do Chonradh na Gaeilge i bhfianaise an seasamh atá glactha ag an eagraíocht faoin athaontas. D’fhiafraigh Gaston den aire freisin an mbeadh aon tionchar ag an seasamh sin ar chúrsaí maoinithe amach anseo.
Dúirt an tAire Gordon Lyons ón DUP nach gcuireann a roinn aon mhaoiniú díreach ar fáil do Chonradh na Gaeilge agus go gcuirtear airgead ar fáil d’Fhoras na Gaeilge, a thugann maoiniú don Chonradh. Dúirt Lyons gur ceist don bhForas agus do bhord na heagraíochta a bhí sa mhaoiniú a chuireann siadsan ar fáil don Chonradh.
Dúirt sé, áfach, go raibh “gealltanas” faighte aige ón bhForas “go bhfuil creat láidir rialachais faoin maoiniú a thugann sé don Chonradh” agus go raibh sé deimhnithe gur ar chúrsaí teanga amháin a chaitear an maoiniú uile a chuirtear ar fáil don Chonradh.
Lorg an Comhalta Timothy Gaston freisin sonraí faoin maoiniú atá tugtha ag an Roinn Pobal do Chonradh na Gaeilge le deich mbliana anuas, ach níl an t-eolas curtha ar fáil go fóill.
Dúirt Conradh na Gaeilge gur “leasú stairiúil” a bhí san athrú a rinneadh ar bhunreacht na heagraíochta agus Éire Aontaithe anois ina cuspóir ag an gConradh.
Mhaígh siadsan a bhí ar son na rún a ritheadh go raibh an plé ar bun cheana féin faoi Éire Aontaithe agus gur chóir don Chonradh seasamh láidir a ghlacadh agus a chinntiú go mbeadh an teanga ina cuid den phlé. Dúradh go raibh cás na Gaeilge agus Éire Aontaithe fite fuaite lena chéile agus nach bhféadfaí cearta teanga iomlána a bhaint amach in Éirinn go dtí go mbeadh an tír athaontaithe.
Níor glacadh leis na rúin d’aon ghuth, áfach. Dúradh nár cheart go mbeadh seasamh polaitiúil ag an gConradh agus léiríodh imní freisin go bhféadfadh cuspóir faoi Éire Aontaithe daoine ó chúlraí áirithe a chur ó dhoras.
Fág freagra ar 'Ceisteanna curtha in Stormont faoi mhaoiniú Chonradh na Gaeilge i bhfianaise sheasamh na heagraíochta faoi Éirinn Aontaithe'