Teipthe arís ar an Aontas Eorpach teacht ar chomhaontú faoi chogadh

Ní féidir glacadh leis go mbeidh aontas i measc bhallstáit an AE faoi cheist ar bith anois, gan trácht ar cheisteanna gnóthaí eachtracha agus slándála

Teipthe arís ar an Aontas Eorpach teacht ar chomhaontú faoi chogadh

Tá cáineadh láidir déanta ar an Eoraip ó thosaigh an cogadh san Úcráin ceithre bliana ó shin as a laige agus atá an tAontas ag dul i ngleic le cúrsaí idirnáisiúnta agus polasaí eachtrach. Dúirt ceannasaí gnóthaí eachtracha an Aontais, Kaja Kallas an tseachtain seo go gcaithfidh an chomhghuaillíocht seasamh le chéile maidir ar chúrsaí idirnáisiúnta. Ní linne an cogadh seo, a dúirt sí, ag tagairt don choimhlint sa Mheánoirthear ach nuair a thagann siad le chéile inniu agus amárach beidh comhráite casta le déanamh ag ballstáit an Aontais ar chúrsaí idirnáisiúnta.

Ó bunaíodh an tAontas agus an comhphobal roimhe sin sa chéad seo caite baineadh leas as ballraíocht na gcumhachtaí móra i NATO le breathnú amach don seasamh idirnáisiúnta a bheadh acu agus an polasaí cosanta agus eachtrach. Cé gur bunaíodh gné eachtrach agus slándála i bpolasaí an Aontais faoi Chonradh Maastricht, agus go ndearnadh forbairt air sin i gConradh Liospóin a bhunaigh an ról atá anois ag Kaja Kallas, fágadh cúrsaí idirnáisiúnta faoi NATO go minic.

Sna deich mbliana ó toghadh Donald Trump den chéad uair tá creimeadh leanúnach tagtha ar thacaíocht na Stát Aontaithe do NATO agus tá beag is fiú déanta d’obair na Náisiún Aontaithe. Anuas air sin, tá easaontas tagtha chun cinn i measc bhaill an Aontais féin.

Ní féidir glacadh leis go mbeidh aontas ina measc faoi cheist ar bith anois, gan trácht ar cheisteanna eachtracha agus slándála. Tá roinnt tíortha, cosúil leis an Ungáir agus an tSlóivéin, ag cur in aghaidh pholasaí an Aontais ar an Rúis agus tá seasamh láidir glactha ag an Spáinn faoi gcogadh san Iaráin. Tá diúltaithe ag an bhFrainc géilleadh d’éilimh Trump longa a sheoladh go dtí Caolas Hormuz agus tá tíortha eile, cosúil linn féin, ciúin go maith faoinár gcuid tuairimí.

Cá bhfágann sin dul chun cinn an Aontais sna míonna agus sna blianta seo romhainn? Beidh Antonio Guterres, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, i láthair ag cruinniú mullaigh na seachtaine seo le plé a dhéanamh ar an gcogadh sa Mheánoirthear agus cúrsaí slándála. Caithfear fiafraí cén tairbhe a bhaineann lena leithéid nuair is léir gur beag tionchar atá ag ceachtar eagraíocht ar chúrsaí idirnáisiúnta faoi láthair agus leisce ar an dá dhream na húdaráis in Washington a cháineadh go lom.

Eiseofar ráiteas tar éis an chruinnithe mullaigh ar an Aoine ach cén tairbhe a bhainfidh lena leithéid seachas b’fhéidir aontas éigin ar an mbealach le cuidiú le saoránaigh atá ag fulaingt de bharr praghsanna arda breosla.

Tabharfaidh Mícheál Martin teachtaireacht chucu as Washington bunaithe ar a chruinniú le Donald Trump an tseachtain seo. Teachtaireacht a bheidh chomh doiléir le gach ceann eile a thagann ón Teach Bán faoi láthair agus teachtaireacht nach gcuideoidh leis an Aontas teacht ar aon chur chuige láidir faoi cúrsaí slándála. Tá ag teip ar an Aontas, uair amháin eile, teacht ar réiteach faoina sheasamh ar chúrsaí cogaidh, agus cothaíonn an t-easpa sin imní agus easpa muiníne i measc shaoránaigh an Aontais, atá faiteach imníoch, go háirithe ar an mór-roinn, nach bhfuil ceachtanna na staire foghlamtha go fóill.

Fág freagra ar 'Teipthe arís ar an Aontas Eorpach teacht ar chomhaontú faoi chogadh'

  • Paula

    Nach í an tSlóvaic atá ag lorg polasaí níos fábharaí don Ruis??