Cosantach nó ionsaitheach? Beidh an lá le Baile Átha Cliath pé teaicticí a úsáidfidh an Iarmhí

Agus iad ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Átha Cliath sa chraobh den tríú bliain as a chéile, beidh neart eolais ag peileadóirí na hIarmhí faoina gcéilí comhraic ach drochsheans go ndéanfaidh sé mórán maitheasa dóibh

Cosantach nó ionsaitheach? Beidh an lá le Baile Átha Cliath pé teaicticí a úsáidfidh an Iarmhí

Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Baile Átha Cliath v An Iarmhí, Páirc an Chrócaigh, 4.00i.n.

Tabharfaidh peileadóirí Bhaile Átha Cliath agus na hIarmhí aghaidh ar a chéile i gCraobh Laighean den tríú bliain as a chéile inniu agus más aon chomhartha iad torthaí na gcluichí a imríodh go dtí seo, tá lá fada roimh lucht tacaíochta na hIarmhí.

Bua 15 pointe a bhí ag Baile Átha Cliath anuraidh, 2-19 in aghaidh 0-10, agus bhuail siad greadadh eile ar an Iarmhí in 2015, 2-13 in aghaidh 0-6.

Sa dá chluiche sin d’imir an Iarmhí peil thar a bheith cosantach, rud a d’fhág go raibh siad i bhfoisceacht cúpla pointe de Bhaile Átha Cliath ag leath ama ach nach raibh freagra ar bith acu nuair a luigh foireann Jim Gavin isteach ar an gcluiche sa dara leath. Anuraidh, d’aimsigh Baile Átha Cliath 2-12 sa dara leath, i gcomparáid le 0-4 don Iarmhí.

Tá sé ráite i mbliana ag bainisteoir na hIarmhí, Tom Cribbin, nach gcloífidh sé leis na teaicticí cosanta céanna tráthnóna. Tá imreoirí maithe ag an Iarmhí, leithéidí John Heslin agus Kieran Martin a d’aimsigh na cúil dóibh nuair a bhuaigh siad ar Uíbh Fhailí an deireadh seachtaine seo caite, ach, mar sin féin, is mór é m’fhaitíos gur cuma cén plean a bheas acu go mbeidh Baile Átha Cliath róláidir dóibh.

Faoin am seo, tá cleachtadh ag imreoirí Gavin a bheith ag imirt in aghaidh foirne a bhíonn cosantach agus, mar a léirigh siad cheana ina gcluiche in aghaidh Cheatharlach, tá siad in ann a ndóthain deiseanna a chruthú chun cluiche a bhuachan is cuma cén córas atá le sárú acu. Beidh siad d’uireasa Diarmuid Connolly tráthnóna, ach ní baol dóibh.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath.

Ard Mhacha v Fear Manach, Páirc Lúthchleasaíochta, Ard Mhacha, 6.30i.n.

Tá na foirne Ultacha seo ag tabhairt aghaidh ar a chéile den chéad uair ó 2010, nuair a bhuaigh Ard Mhacha an cluiche a bhí eatarthu i mBabhta 2 de na gcluichí cáilithe. I mbliana, tá údar díomá arís ag an dá fhoireann i ndiaidh dóibh beirt cailleadh i gCraobh Uladh.

D’aimsigh Ard Mhacha 15-103 i rith na sraithe agus an Iarmhí an t-aon fhoireann a d’aimsigh níos mó ná sin, ach chlis ar thosaithe Ard Mhacha in aghaidh an Dúin. Tógadh Charlie Vernon den pháirc agus breis agus 25 nóiméad fágtha agus níor éirigh le Jamie Clarke aon scór a fháil, agus tugann cás na beirte sin léiriú maith dúinn ar fhadhbanna na foirne.

I gcás Fhear Manach, thug siad dúshlán Mhuineacháin ar feadh cuid mhaith den chluiche an mhí seo caite ach ní raibh siad in ann coinneáil leo sa dara leath agus d’aimsigh Muineachán deich bpointe as a chéile.

Cé gurb iad Fear Manach a bhí níos láidre le cúpla bliain anuas, tá imreoirí óga ag teacht chun cinn in Ard Mhacha agus má éiríonn dul i bhfeidhm ar an imirt agus a mianach a léiriú, ba cheart go mbeadh an lá leis an bhfoireann bhaile.

Rogha Tuairisc.ie: Ard Mhacha

Fág freagra ar 'Cosantach nó ionsaitheach? Beidh an lá le Baile Átha Cliath pé teaicticí a úsáidfidh an Iarmhí'